Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 May 1988

Vol. 380 No. 2

Written Answers. - Bóithre na Gaeltachta.

27. D'fhiafraigh

den Aire Comhshaoil céard a bhí i gceist aige nuair a dúirt sé le déanaí ar Raidió na Gaeltachta nach bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag caitheamh sciar féaráilte den airgead a fhaigheann siad ón Roinn ar bhóithre na Gaeltachta; agus céard tá beartaithe aige a dhéanamh faoi seo.

56. D'fhiafraigh

den Aire Comhshaoil ar frítheadh aon iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le breis airgid a chur ar fáil i mbliana, le bóithre i nGaeltacht Chonamara a fheabhsú.

Táim ag tógáil Ceisteanna 27 agus 56 le chéile.

Sé Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach go príomha as feabhsú agus cothú na mbóithre poiblí i nGaeltacht Chonamara.

Ar rud a bhí ar intinn agam agus mé ag caint ar Raidio na Gaeltachta ná go bhfuil sé de thuairim ag morán daoine a scriobh chugham gur cóir cuid níos mó de na deontaisí bóithre, atá ar fáil ó mó Roinnse, a chaitheamh ar bhóithre Ghaeltachta na Gaillimhe. Siad na deontaisí atá í gceist ná an blocdheontas agus na deontaisí chun bóithre contae a fheabhsú.

Níl aon tuairisc i mo Roinnse ar aon iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le breis airgid a chur ar fáil i mbliana chun bóithre Ghaeltacht Chonamara, go háirithe, a fheabhsú.

Tá ceist ghinearálta deontaisí bóithre 'sna limistéir Ghaeltachta faoi scrúdú i gcomhthéasc an phlean atá beartaithe don chóras bhóithre.

Top
Share