Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 May 1988

Vol. 380 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Labhairt na Gaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid daltaí a fuair an deontas £10 i ngach ceantar Gaeltachta le cúig bliana anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Is é cuspóir scéim Labhairt na Gaeilge teaghlaigh a mbíonn cónaí orthu sa Ghaeltacht a spreagadh chun a gclann a thógáil le Gaeilge. Ach an Roinn a bheith sásta go léiríonn an chaint líofa nádúrtha a bhíonn ag páiste gurb í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt de ghnáth ag an líon tí sa bhaile, is féidir deontas £10 in aghaidh na scoilbhliana a íoc le tuismitheoir/caomhnóir dhalta scoile a bhí os cionn sé bliana d'aois ar 1 Eanáir na scoilbhliana agus a bhí ag freastal mar scoláire lae ar chúrsa lánaimsire oideachais i scoil aitheanta ar feadh formhór na bliana.

Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas maidir le líon na ndaltaí a thuill an deontas £10 agus cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:

An Scoil-bhliain

Dún na nGall

Maigh Eo

Gaillimh

Ciarraí

Corcaigh

Port Láirge

An Mhí

An tIomlán

1982/83

2,514

524

2,865

884

317

151

115

7,370

1983/84

2,451

565

2,986

838

285

135

107

7,367

1984/85

2,298

485

2,929

841

248

117

90

7,008

1985/86

2,101

539

2,980

842

218

104

95

6,879

1986/87

2,113

454

2,970

840

210

93

104

6,784

An bhfuil an tAire Stáit sásta nach bhfuil laghdú tagaithe sa mhéid daltaí atá ag fáil an deontais £10 agus an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas an deontas a ardú as seo amach?

Tá laghdú beag in uimhir na ndaltaí atá ag fáil an deontais. Níl sé i gceist faoi láthair aon ardú a dhéanamh ar an deontas atá a íoc ó tharla an ghéarchéim airgid atá ann.

An bhfuil tuairim ar bith ag an Aire Stáit faoin chúis atá leis an laghdú seo? An é an imirce atá i gceist nó an é nach bhfuil na daltaí ag cur isteach ar an scéim nó an bhfuil sé fíor go bhfuil ardú céime sa scrúdú i leith na scéime?

Tá an laghdú le feiceáil ó 1982-83 agus tá laghdú beag gach bliain ach sílim go bhfuil laghdú ar uimhreacha na bpáistí atá ag freastal scoile sa Ghaeltacht agus go mbaineann sé sin leis. Tá sé fíor chomh maith go bhfuil brú an-mhór ar mhuintir na Gaeltachta agus go bhfuil sé níos deacra dóibh an t-am ar fad an Ghaeilge a choinneáil slán sna Gaeltachtaí.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard é polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge mar theanga labhartha; agus cén tacaíocht atá ar fáil ón Rialtas i mbliana i dtreo is nach laghdófar mar theanga labhartha as seo amach í.

Is cuspóir náisiúnta é an Ghaeilge a athbheochan agus tá tacaíocht leanúnach tugtha don aidhm sin ag Rialtais éagsúla thar na blianta. Go príomha tá feidhm á tabhairt don pholasaí sin sna hAchtanna faoinar bunaíodh Roinn na Gaeltachta, Bord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta (a bhfuil tagairt iontu go léir don teanga mar mheán cumarsáide) agus sa bhéim a leagtar ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna.

Léiríonn Leabhar na Meastachán an cúnamh atá á chur ar fáil ag an Rialtas trí Roinn na Gaeltacha i mbliana agus ar ndóigh baineann cuid suntasach de chaiteachas na Roinne Oideachais le múineadh na Gaeilge. Ina theannta sin tá cúnamh fial á chur ar fáil ag an Rialtas ó fháltais an chrannchuir náisiúnta don Ghaeilge.

Ní airgead amháin a theastaíonn ón Ghaeilge as seo amach. Céard í tuairim an Aire Stáit faoin bhrú atá ar fud na tíre i láthair faoin Ghaeilge mar ábhar san ardteistiméireacht agus mar theanga labhartha? An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas athrú ar bith sa mheon sin a thabhairt timpeall? Tá an-bhrú taobh amuigh den Ghaeltacht faoi láthair i leith na Gaeilge mar theanga labhartha.

Ní dóigh liom go bhfuil muintir an taobh seo den Tí i gcoinne béim a leagan ar an Ghaeilge sna meánscoileanna. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go leanfaí ar aghaidh leis an Ghaeilge a choinneáil chomh láidir agus is féidir. Baineann sé sin leis an Roinn Oideachais, ar ndóigh, ach ní fheicim go bhfuil aon pholasaí athruithe ansin maidir le ceist na Gaeilge. Is é an rud is mó a theastaíonn ná na gnáthdhaoine taobh amuigh den Ghaeltacht a spreagadh le níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus tá sé sin leagtha síos mar pholasaí againne. Tá airgead curtha ar fáil as an chrannchur náisiúnta chun an spreagadh sin a chur ar aghaidh.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá go ndéanfaidh an Rialtas gach iarracht as seo amach chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a threisiú thart faoin tír. B'fhéidir go dtiocfadh an Taoiseach féin isteach anseo lá éigin agus ráiteas a chur amach as Gaeilge i dtreo is go dtabharfaí cinnireacht sa cheist seo.

Tá sé sin déanta cheana ag an Taoiseach nuair a labhair sé ag Ard Fheis Fhianna Fáil. D'iarr sé ar bhaill an pháirtí iad féin tosnú agus an dea-shampla a thabhairt maidir le labhairt na Gaeilge. Sílim má ghlacann muintir na tíre uilig leis an chinnireacht sin go mbeidh feabhas mór ar chúrsaí.

An aontódh an tAire Stáit leo siúd atá den tuairim g bhfuil laghdú ar chaighdeán múinteoireachta trí Ghaeilge agus dá bhrí sin go bhfuil gá le neartú eigin ó thaobh scoileanna le haghaidh múinteoirí, ionas go mbeadh a dhóthain múinteoirí óga ag teacht amach sna scoileanna náisiúnta go háithrid a bheadh ábalta an Ghaeilge a mhúineadh i gceart agus a bheadh líofa iad féin sa Ghaeilge.

Tá scoileanna lán-Ghaelacha ag teacht chun cinn thart faoin tír ar fad, agus fiú amháin anseo imBaile Átha Cliath tá go leor díobh ann. Is cinnte mar sin go bhfuil suim an-mhór ag tuismitheoirí i ndul chun cinn na Gaeilge. Maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna, is dócha gur fíor a rá gur tháinig laghdú beag nuair a cuireadh deireadh leis na coláistí ullmhúcháin; ní raibh oiread daoine a tháinig isteach go dtí na coláistí oiliúna go raibh an cumas Gaeilge céanna acu agus a bhí ag na daoine a tháinig isteach ó na coláistí ullmhúcháin. Bíonn an argóint sin ann i gcónaí, nach bhfuil múineadh na Gaeilge chomh maith sna scoileanna anois ó rinneadh an t-athrú sin. San am céanna, ní thagann múinteoirí ar bith amach as na coláistí oiliúna nach bhfuil oilte go leor le Gaeilge a mhúineadh in ár scoileanna. Dá bhrí sin táimid sásta go bhfuil siad in ann an caighdeán a choinneáil suas sna scoileanna.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit aon airgead a chur ar fáil chun áiseanna nua-aimseartha do theagasc trí mheán na Gaeilge a sholáthar dos na scoileanna?

Baineann an cheist sin leis an Roinn Oideachais níos mó ná a bhaineann sé le mo Roinn fein, ach tá sé i gceist ag an Rialtais teilifís Gaeltachta a bhunú; agus tá plean fógraíochta réitithe againn. Mar a dúirt mé i dtús ama ansin, is é an rud is mó atá ag teastáil ó thaobh na Gaeilge ná muintir na tíre in a n-iomlán a spreagadh le níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge. Ní bhaineann sé leis na scoileanna. Tá a gcion féin déanta ag na scoileanna leis na blianta ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil slán, ach baineann sé le muintir na tíre ar fad níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus iarracht níos fear a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt.

Top
Share