Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 12 May 1988

Vol. 380 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

4. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil aon phleananna ag a Roinn halla agus áiseanna spóirt a chur ar fáil do Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, atá ag gníomhú mar ionad oideachais agus pobalscoil lán-Ghaelach le cúig bliana déag; agus an bhféadfaidh sí a rá cathain a chuirfear na háiseanna seo ar fáil.

Tá soláthar hallaí agus áiseanna spóirt — a ndearnadh tagairt dóibh sa Cheist — ag brath ar an gciste caipitil agus ar dhualgaisí agus ar thosaíochtaí eile mo Roinne.

Dá bharr sin ní féidir liom a chur in iúl cathain a bheinn i riocht deontas airgid a chur ar fáil le haghaidh halla spóirt i bpobalscoil Ghaoth Dobhair.

Bhí tuiscint ag bord bainistíochta na pobalscoile ó 1986-87 go mbeadh an halla agus na háiseanna seo curtha ar fáil gan mhoill. Tá an scoil ag feidhmniú mar phobalscoil ó 1980 agus tá idir 350 agus 400 dalta ag freastal uirthi gan aon áiseanna. Tá sé ag cur isteach go mór ar fhorbairt na pobalscoile. An bhfuil aon airgead ón gcrannchur náisiúnta a bheadh oiriúnach do scéim mar seo, mar tá an bord bainistíochta tar éis glacadh leis ——

Ceist ghairid, led thoil.

—— go mbeadh an halla ar fáil oíche amháin don phobalscoil, don bhunscoil in aice leis, agus chomh maith do phobal na háite mar áis spóirt agus caitheamh aimsire?

Is é an deacracht ata againn ná ganntanas airgid. Níl mé in ann aon gheallúint a thabhairt don Teachta ag an am seo. Mar is eol dó, tá timpeall 400 scéimeanna idir lámha faoi láthair sna scoileanna agus ina measc tá iarratais chun seomraí ranga a sholáthar faoi dheifir. Sna cúrsaí sin is féidir a mheas go gcaithfimid tosaíocht a chur i gcrích i dtús báire. Mar gheall ar an gcrannchur náisiúnta, go dtí seo, ní rabhamar ábalta airgead a chur isteach sna scoileanna ón gcrannchur náisiúnta ach táimid ag breathnú ar an cheist seo anois agus b'fhéidir go mbeimid in ann rud éigin a dhéanamh sa tslí sin.

Is scoil lán-Ghaelach an scoil seo a dhéanann gach ábhar trí Ghaeilge, agus níl morán dóibh sin san tír faoi láthair. Má thagann airgead ón gcrannchur náisiúnta ba mhaith liom go ndéanfaí iarracht speisialta cuidiú a thabhairt don scoil seo.

Top
Share