Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 May 1988

Vol. 380 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúrsaí Turasóireachta sa Ghaeltacht.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén tacaíocht atá á thabhairt ag a Roinn chun cúrsaí turasóireachta a fhorbairt i nGaeltachtaí na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Ar an gcéad dul síos caithfear a thuiscint go bhfuil eagras Stáit ar leith ann don turasóireacht, sé sin Bord Fáilte Éireann, a bhfuil cúnamh airgid agus eile tugtha thar na blianta aige do dhaoine sa Ghaeltacht. Bíonn cabhair fhorlíontach ar fáil ó Roinn na Gaeltachta trí scéim atá dírithe ar an turasóireacht ach is beag é méid na cabhrach sin le roinnt blianta anuas. Bíonn cúnamh áirithe ar fáil freisin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun seomraí breise do chuairteoirí a thógáil. Ar ndóigh, cabhraíonn scéimeanna eile de chuid na Roinne go hindíreach leis an turasóireacht, m.sh. Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge faoina n-íoctar os cionn milliún punt in aghaidh na bliana le mná tí Gaeltachta a choimeádann foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge ar iostas ina dtithe cónaithe.

Ó thaobh chúrsaí turasóireachta de sna Gaeltachtaí anuraidh, cá mhéad post a cuireadh ar fáil sna ceantracha sin?

Sin ceist eile, a Cheann Comhairle. Mar atá a fhios ag an Teachta, nil cúram turasóireachta sna Gaeltachtaí ar Roinn na Gaeltachta féin. Tugann siad cabhair fhorlíonach, ach thairis sin níl aon chúram orthu. Tá na cúraimí sin ar Bhord Fáilte féin, agus is iadsan a chuireann postanna ar fáil i gcúrsaí turasóireachta.

An féidir leis an Aire Stáit a insint dom cad é an ceangal atá ag Údarás na Gaeltachta le Bord Fáilte ó thaobh chúrsai de a fhorbhairt? Agus an aontóidh sé liom go bhfuil aighneas na slat iascaireachta agus aigneas na mban tí——

Ná bac leis sin.

Sílim go bhfuil an Teachta ar an dobhar anois. Tá suim ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí turasóireachta agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh ná cúimí sin orthu sna Gaeltachtaí, ach níl sé sin aontaithe go fóil. Tá siad ag iarraidh na cúraimí sin a thógáil orthu féin, ach is é an deacracht atá ann, ó tharla go bhfuil cúraimí turasóireachta ar Bhord Fáilte féin, go mbeadh dhá Rannog Stáit, b'fhéidir, ag teacht salach ar a chéile sna cúrsaí seo.

An féidir leis an Aire Stáit a insint dom an bhfuil deireadh leis an aighneas sin faoi na mná tí agus cúrsaí cánach a luadh anseo cúpla seachtain ó shin?

Tá mé lánsásta go bhfuil na mná tí iad féin sásta anois nach mbeidh aon deacrachtaí acu, agus tá na hiarratais ag teacht isteach i gcomhair mic léinn a thógáil i mbliana mar a bhí i ngach bliain eile.

Before you move on to the next Question, may I raise a matter with you?

Sorry, Deputy. It is disorderly to interrupt Questions. If the Deputy has a point of order to make, he ought to wait until the Order of Business.

I had a question down to the Taoiseach which does not appear on the Order Paper and has been transferred by you to the Minister for the Marine. It relates to a statement made by the Taoiseach on 5 February last about the free port in Cork.

The Chair does not transfer questions.

How is it the function of the Minister for the Marine to answer——

This is quite disorderly.

Top
Share