Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 May 1988

Vol. 380 No. 10

Written Answers. - An Ghaeilge i dTithe an Oireachtais.

41. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an dtabharfaidh sé cead post a líonadh i d'Tithe an Oireachtais chun cabhair a thabhairt do chomhaltaí an Oireachtais ráitis agus aistriúcháin a dhéanamh as Gaeilge, nach bhfuil le fáil faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Mar is eol don Teachta, tá socraithe ar siúl cheana chun deiseanna aistriúcháin chomhuainigh ar imeachtaí an Oireachtais a chur ar fáil do chomhaltaí. Ag féachaint do bheartas an Rialtais i leith na hearnála poiblí, agus ach go háirithe ós gnó é don Cheann Comhairle an t-eagar foirne is mian leis a dhéanamh taobh istigh den chionroinnt airgeadais atá ar fáil do Thithe an Rialtais, ní fheicim go mbeadh sé oiriúnach domsa aon trácht a dhéanamh ar an líon foirne in aon áit ar leith i dTithe an Oireachtais.

Top
Share