Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Oct 1988

Vol. 383 No. 4

Ceisteanna — Questions Oral Answers. - Mná Lóistín Gaeltachta.

8. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard iad na socruithe oifigiúla scríofa a deineadh leis na mná lóistín Gaeltachta a bhí ag feidhmiú scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoi chiorrú uimhreacha a bhí i gceist ag Roinn na Gaeltachta i 1988; agus an ndeachaigh a Roinn i dteagmháil leis na mná lóistín seo leis na hathruithe a chur in iúl dóibh agus a mhíniú dóibh.

Bhí an soláthar airgid do scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain 1988 teoranta don bhunsoláthar a bhí ann di don bhliain 1987. Ó thárla nár leor an soláthar sin, chinn Roinn na Gaeltachta ar threoirlínte áirithe a eisiúint i mí na Samhna 1987 maidir le reachtáil na scéime i 1988, d'fhonn a chinntiú go mbeifí in ann freastal ar éilimh na bliana sin agus fanúint laistigh den soláthar ceadaithe. Mar chuid bhunúsach de na treoirlínte sin, socraíodh nach n-íocfaí deontais faoin scéim i 1988 le mná tí i gceantar feidhme gach coláiste i leith níos mó daltaí san iomlán ná mar a íocadh leo i 1987 (nó i 1986).

Cuireadh na treoirlínte chuig lucht eagraithe na gcúrsaí Gaeilge sa Ghaelacht agus chuig rúnaithe uile na gcoláistí samhraidh Gaeilge. Pléadh an cheist le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh agus tugadh deis dó malairt scéime a mholadh.

Ó tharla gurb iad údaráis na gcoláistí Gaeilge a earcaíonn na foghlaimeoirí agus atá freagrach as na socruithe iostais, is chucu amháin a cuireadh na treoirlínte. Níor ghá don Roinn socrú oifigiúil scríofa a dhéanamh leis na mná tí agus, murar chuir coláiste ar leith na mná tí ina cheantar feidhme féin ar an eolas go raibh treorlínte na Roinne á sárú, is ar an gcoláiste sin amháin atá an fhreagracht. Ghlac formhór na gcoláistí leis na socruithe agus cuireadh i bhfeidhm iad.

Uime sin, ba mhaith liom go dtuigfí go soiléir gur sháraigh roinnt bheag de na coláistí samhraidh na treoirlínte a bhí leagtha síos agus mínithe dóibh ag an Roinn — agus ní foláir nó gur d'aon ghnó a rinneadar amhlaidh — agus gur dá bharr sin amháin atá mná tí ar leith fágtha gan chúiteamh as daltaí áirithe a bhí ar iostas leo le linn cúrsaí samhraidh i mbliana.

Cé mhéid mná tí atá fágtha gan chúiteamh, mar a thugann sé air, agus nach dtuigeann sé go bhfuil sé ag cur cruatain iontach ar na mná seo toisc go bhfuil costais a bhain leis na páistí íoctha ar fad agus nach bhfuil an t-airgead ag teacht dóibh?

Níl uimhir na mná tí ar fáil ach uimhir na scoláirí a bhí i gcoláistí áirithe a sháraigh an treoir a bhí leagtha amach dóibh. An ceann is mó díobh sin, Coláiste Lurgan in Indreabhán, bhí 107 breise acu; Coláiste Charna, 14; Coláiste Inis Mór, 60; Coláiste Inis Oirr, 17; Coláiste Chiaráin, An Ceathrú Rua, 60; Coláistí Choimaín, Dún na nGall, 8; agus ceann amháin eile taobh amuigh den Ghaeltacht, 54.

Is léir ó na huimhreacha a thug an tAire Stáit don Teach go bhfuil mná tí ar fud na tíre atá tar éis na páistí seo a choinneáil sna tithe; tá siad tar éis íoc as bia agus na costais ar fad a íoc. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit socrú a dhéanamh leis na mná tí ionas nach gcuirfear an scéim i mbaol sna blianta atá le teacht.

D'aontóinn leis an Teachta gur deineadh éagóir ar mhná tí ó thaobh na n-uimhreacha nár cuireadh ar an eolas iad maidir leis na rialacha a bhí leagtha amach. Ach is é an deacracht atá ag an Roinn go bhfuil coláistí a ghlac leis na rialacha. D'fhéadfadh siad níos mó páistí a bheith tógtha isteach acu, ach choinnigh siad na rialacha, agus má bhí coláistí ann a bhris na rialacha, is orthu sin atá an locht agus ní ar Roinn na Gaeltachta. Sin an fhadhb atá againne.

An bhfuil sé ar intinn ag Roinn na Gaeltachta dul i gcomhairle leis na mná tí go díreach faoi na treoirlínte don bhliain atá le teacht?

Níor phléamar é sin go fóill ach ní hé sin an rud a tharlaíonn de ghnáth. Is iad na coláistí a eagraíonn gach rud in a gceantair féin maidir leis na cúrsaí seo agus ní dhéanann an Roinn teangmháil díreach leis na mná tí. Más rud é go mbeidh coláistí áirithe ag briseadh na rialacha, is dócha go gcaithfidh an Roinn dearcadh ar na cúrsaí seo.

Top
Share