Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Nov 1988

Vol. 383 No. 8

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontas do Labhairt na Gaeilge.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach an céatadán de na páistí a fuair deontas £10 as labhairt na Gaeilge i ngach scoil Ghaeltachta don scoilbhliain, 1987-88.

Níl na híocaíochtaí sin críochnaithe go fóill don scoilbhliain i gceist. Cuirfear an t-eolas cuí chuig an Teachta a luaithe is féidir tar éis na híocaíochtaí a bheith déanta.

Mar a chuala mé, níl na figiúrí ar fáil ag an bpointe seo. An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl leibhéal na ndeontas sa Mheastachán ag an Roinn faoi láthair i gcomparáid leis an mbliain seo caite?

Níl na figiúirí ar fáil. An fáth atá leis sin ná go raibh oifigeach amháin tinn agus nár éirigh leis a cheantar féin a chríochnú in am, agus bhí easpa foirne i gceantair eile. Sin an fáth a bhfuil an mhoill ann i mbliana, ach nuair a bheas na figiúirí le fáil cuirfidh mé chuig an Teachta iad.

Luaigh an tAire Stáit ar ball an chaoi ina bhfuil cúrsaí sláinte sa Roinn, ach ag an am céanna an féidir liom a fhiafraí den Aire Stáit an bhfuil an easpa téacsleabhar, go háirithe sa bhunleibhéal, ag cur i gcoinne iad seo atá ag fáil an deontais agus atá ag freastal ar na bunscoileanna agus na scoileanna éagsúla?

Níl baint ar bith ag an gceist sin le híocaíocht na ndeontas. Braitheann íocaíocht na ndeontas ar chaighdeán na teanga sa teaghlach féin. Sin an rud a bhíonn glactha ina n-áireamh ag na scrúdaitheoirí nuair a théann siad amach le scrúdú a dhéanamh sna scoileanna. Níl baint ar bith aige le téacsleabhair.

An bhfuil méadú nó laghdú i líon na dteaghlach atá ag fáil an deontas an bhliain seo i gcomparáid leis an mbliain se caite? Is féidir go mbeadh tuairim aige nó ag an Roinn.

Na blianta deireanacha a bhfuil figiúirí agam dóibh, fuair an Teachta iad seo ar cheist anuraidh. Tá siad cothrom go leor. Tá laghdú beag, ach níl mórán d'athrú sna figiúirí i gcomhair na mblianta atá caite agus ní shílim go mbeidh mórán de laghdú ann i mbliana, ón eolas atá agam go dtí seo.

Top
Share