Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Nov 1988

Vol. 383 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhlacht Video agus Teilifíse don Ghaeltacht.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéad airgid a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta faoin bPlean um Théarnamh Náisiúnta le aonad iartháirgíochta video agus teilifíse a fhorbairt sa Ghaeltacht; cé mhéad den airgead atá caite go dtí seo; céard é struchtúr scaireanna an chomhlachta a bunaíodh leis an obair a dhéanamh; agus an bhfuil cead an Rialtais ag Údarás na Gaeltachta scaireanna sa chomhlacht a dhíol ar phraghas ainmniúil, £1 an ceann, le daoine príobháideacha agus le comhlachtaí príobháideacha, mar atá beartaithe acu.

Is í an aidhm atá ag Údarás na Gaeltachta comhlacht cumasach proifisiúnta a fhorbairt, mar ghnó tráchtála, chun cláracha video agus teilifíse a chur á ndéanamh sa Ghaeltacht. Beidh béim ar leith ar ábhar i nGaeilge. Níl airgead á thabhairt don Údarás faoin bPlean um Téarnaimh Náisiúnta don tionscnamh i gceist. Is as an ngnáthsholáthar caipitil a bhíonn ar fáil don eagraíocht atá cabhair a cur ar fáil don togra agus foilseofar sonraí maidir leis an gcúnamh a cheadaigh agus a d'íoc an tÚdarás mar dheontais agus mar scaireanna i dtuarascálacha bliantiúla agus cuntais na heagraíochta sa ghnáthbhealach. I dtús báire is comhfhiontar a bhí i gceist idir an tÚdarás (75 faoin gcead) agus RTÉ (25 faoin gcéad). D'fhonn an tionscnamh a neartú, áfach, chinn an tÚdarás níos dénaí go gcuirfí cuid de na scaireanna ar fáil, ar an bpraghas céanna agus a bhí le híoc ag an Údarás agus ag RTÉ in aghaidh na scaire, d'fhostaithe áirithe de chuid an chomhlachta agus do chomhlacht príobháideach san earnáil chéanna gnó. Is cinneadh é sin a bhí ar chumas an Údaráis a dhéanamh dá rogha féin.

Ar an gcéad dul síos, tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an eolais atá tugtha aige don Teach. Ag an am céanna ba mhaith liom an cheist seo a chur go díreach air. Tá sé scríofa sa Programme for National Recovery,“the provision with Údarás na Gaeltachta...”

Ná bac leis an "quotation".

Is cuma. An nglacann sé leis go bhfuil gealltanas sa Programme for National Recovery go gcuirfí ar fáil “post-production facility in the Gaeltacht”, agus cuireadh ceithre jabanna ar fáil? Ina dhiaidh sin caitheadh airgead poiblí ar an scéim agu bhí 75 faoin gcéad ag an Údarás agus 25 faoin gcéad ag RTÉ, mar atá luaite aige. An nglacann an tAire leis go bhfuil sé ag aistriú comhlachta as stádas Státurraithe (semi-State) nó leath-phoiblí go dtí comhlacht príobháideach, go bhfuil sé ag tabhairt 13 faoin gcéad de na scaireanna don bhainisteoir ginearálta, 17 faoin gcéad do na hoibrithe agus 15 faoin gcéad don Windmill Lane Studios?

Ní ghlacaim leis an argóint atá ag an Teachta. Tá se i gceist 12.75 faoin gcéad a thabhairt don stiúrthóir bainistíochta, 8.5 faoin gcéad don stiúrthóir teicniúil, agus 8.5 faoin gcéad don lucht oibre, daoine a bheas ag obair nó a bheas páirteach sa rud. Anois, tá sé i gceist, ar ndóigh, 15 faoin gcéad a thabhairt do chomhlacht príobháideach a bhfuil eolas faoi leith acu ar ghnéithe den obair seo. Na daoine a bheas ag fáil na scaireanna seo, is daoine iad a bhfuil eolas teicniúil agus eolas bainistíochta acu, agus cuirfidh siad le cumas an chomhlachta. Sin an fáth a ndearna an tÚdarás an cinneadh sin. Ní bheidh an céatadán a bheas á fháil ag RTÉ á athrú ar chor ar bith.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil 45 faoin gcéad de na scaireanna á dtógaint as an réim phoiblí, ón Údaras agus RTÉ, agus an bhfuil siadsan á n-aistriú go dtí daoine príobháideacha agus comhlachtaí príobháideacha, agus nach bhfuil sé sin ag cur as do mhuintir na Gaeltachta go háirithe, toise go bhfuil an méid seo de chaiteachas poiblí caite ar an scéim seo? Mar shampla. £200,000 ar aon teach amháin a chur in eagar don scéim.

Beidh 34 faoin gcéad de na scaireanna ag an Údarás. Beidh 25 faoin gcéad de na scaireanna ag RTÉ. Níl aon athrú ar an gcuid de na scaireanna a bheas acusan. Na daoine atá ag fáil na scaireanna seo, daoine a bheas páirteach sa chomhlacht féin — agus sa mhéid sin beidh siad in ann tacaíocht a thabhairt don chomhlacht — tá eolas breise acu agus cumas oibre iontu. Duine amháin, cuirmis i gcás, bhí sé ag obair leis an BBC.

An mbeidh cead scaireanna a dhíol le héinne eile?

An féidir leis an Aire Stáit a insint dúinn cad é an infheistíocht iomlán atá á déanamh ag gach dream atá ag fáil na scaireanna? Cad is fiú an infheistíocht úr?

Tá cinneadh déanta ag an Údarás de réir na gcéatadán atá léite amach anseo. Tá cinneadh déanta acu, ach níl sé curtha i gcrích go fóill.

Top
Share