Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Nov 1988

Vol. 383 No. 9

Written Answers. - Céanna i gContae na Gaillimhe.

55. D'fhiafraigh

den Taoiseach an gcuirfidh sé deontas ar fáil chun obair deisiúcháin agus feabhsúcháin a dhéanamh ar ché Chill Mhuirbhe, Inis Mór, Árainn, Contae na Gaillimhe.

Ceadaíodh deontas lánchostais £500 le fíordhéanaí chun a chumasú d'Oifig na nOibreacha Poiblí suirbhé structúrtha a dhéanamh ar an bpiara seo. Déanfar ar cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh torthaí an suirbhé sin ar fáil.

56. D'fhiafraidh

den Taoiseach an bhfuil a fhios aige faoi dhrochstaid an bhóthair chuig Cé Ard Mhór, Cill Chiaráin, Contae na Gaillimhe; agus an gcuirfidh sé deontas ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an bóthar seo a dheisiú.

Chuirfear an bóthar sin san áireamh i gcoimhlint le cásanna eile nuair a bheidh an chéad liosta eile de bhóithre á roghnú amach anseo.

Top
Share