den Aire Oideachais an bhfuil aon phleananna ina Roinn maidir le halla spóirt/gleacaíochta agus áiseanna breise eile a chur ar fáil do Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall; cad iad na háiseanna go díreach atá i gceist; agus cén uair atá súil aici a chuirfear tús leis an obair.
Written Answers. - Áiseanna do Phobalscoil i gContae Dhún na nGall.
27. D'fhiafraigh
Tá sé ar intinn agam halla spóirt a sholáthar i nGaoth Dobhair. 'Seard atá i gceist na halla a bheadh fairsinge 456m² ann agus treallamh ann a bheadh oiriúnach chun scoláirí a mhúineadh i gcúrsaí spóirt agus gleacaíochta.
Is trua liom nach bhfuil mé i riocht ag an am seo a rá cén uair a chuirfear tús leis an obair. Breathann sé sin ar an gciste caipitil agus ar dhualgaisí agus thosaíochtaí eile mo Roinne.