Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 9 Dec 1988

Vol. 385 No. 5

Supplementary Estimates, 1988. - Vóte 32: Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorliontach nach mó ná £3,000,000 chun íochta an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníochta i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Is é an cuspóir atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná caipiteal vótáilte breise a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta. Tá an £5.5 mhilliún atá i Leabhar na Meastachán don bhliain reatha tugtha don Údarás cheana féin. Ach an £3 mhilliún breise atá i gceist a bheith údaraithe agus tugtha don Údarás, ciallóidh sé sin go mbeidh níos mó caipitil vótáilte faighte ag an eagraíocht i mbliana, i.e., £8.5 mhilliún, ná mar a fuair sé ná Gaeltarra Éireann riamh cheana in aon bhliain amháin, seachas anuraidh nuair a cuireadh £20,000 de bhreis ar £8.5 mhilliún ar fáil. Ba bhliain eisceachtúil í anuraidh, áfach, toisc gur bhain £2.118 mhilliún den soláthar iomlán le togra sonrach amháin. Is le haghaidh deontas forbartha tionsclaíochta i gcoitinne a íoc (ar a n-áirítear cúnamh le haghaidh tionscal shaothrú na mara a chur chun cinn) atá an £8.5 mhilliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana. Leis an £3 mhilliún breise, tuigtear ón Údarás nach mbeidh aon éilimh ar dheontais a bheidh tagtha chun aibíochta le haghaidh íocaíochta ar lámha gan a bheith íoctha ag an eagraíocht ag deireadh na bliana.

Anuas ar an gcaipiteal vótáilte, tá soláthar £4.25 mhilliún údaraithe don Údarás mar chaipiteal neamhvótáilte, nó airleacan mar a ghlaotar air, sa bhliain reatha agus tá £3.75 mhilliún den tsuim sin íoctha leo go dtí seo. Úsáidtear caipiteal neamhvótáilte chun foirgnimh a thógáil le ligean ar léas le tionsclóirí, chun scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus chun maoin a cheannach.

Ag deireadh na bliana seo caite, bhí 4,946 duine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás. Is méadú de 251 dhuine é sin ar líon daoine a bhí fostaithe ag deireadh na bliana roimhe sin. Is é 23 faoin gcéad an figiúr anois don ghlanmhéadú carnach i líon na bpost lánaimseartha a cruthaíodh i dtionscail faoi scáth an Údaráis ón mbliain 1982 i leith. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Údarás arís i mbliana agus measann siad go gcruthófar 600 post nua le linn 1988. Tréaslaím a saothar leo. Tréaslaím freisin le hAire na Gaeltachta, an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus leis an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, mo chara dhílis ó Chontae Mhaigh Eo, an Teachta Denis Gallagher, ach ucht na sár-oibre atá á déanamh.

Mar is léir ó ráiteas an Chathaoirligh i dTuarascáil na heagraíochta do 1987, tá an tÚdarás éirithe níos déine sa roghnú a dhéantar ar iarratais ar dheontais. Cinnte ní foláir deiseanna breise fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus bíonn gá le gríosuithe tionsclaíochta mar spreagadh do lucht tionscail chun poist a chruthú. Is comhartha é go dtuigeann an Rialtas é sin go maith go bhfuil an £3 mhilliún breise seo á thabhairt don Údarás i mbliana. Tá teorainn, áfach, leis an soláthar caipitil atá ar chumas an Stát-Chiste a chur ar fáil le haghaidh forbairt eacnamaíochta agus is gnó don Údarás féachaint chuige, trí chritéir roghnaithe a leagan síos agus lánfheidhm a thabhairt dóibh, gur ar na tograí is fearr a chaithfear airgead. Is deimhin liom nach loicfidh an tÚdarás orainn maidir leis sin.

Molaim an Meastachán Forlíontach seo don Teach.

Baineann an Meastachán seo go príomha le hÚdarás na Gaeltachta, agus ar an ábhar sin tá sé ar intinn agam san méid atá le rá agam cloí le cúrsaí Údarás na Gaeltachta mar atá i láthair na huaire agus mar a bhí ó cuireadh ar bun an tÚdarás i 1979-80. Bhí sé mar chúram orthu agus tá sé mar chúram orthu go fóill forbairt thionsclaíochta agus tionscail agus postanna a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, agus sílim go bhfuil aontú coitianta sa tír, agus go speisialta sna Gaeltachtaí, gur éirigh leis an Udarás an-obair a dhéanamh sna blianta ó shin. Ó cuireadh ar bun an tÚdarás tá beagnach 5,000 duine fostaithe sna ceantair Ghaeltachta faoi láthair.

Tá a fhios agam go ndeachaigh an tÚdarás tríd am a raibh géarchéim eacnamaíochta agus airgeadais sa tír, ó 1983 go 1986, agus d'éirigh leo bliain i ndiaidh bliana tuilleadh agus breis agus dlús a chur ar fhostaíocht sna ceantair Ghaeltachta go léir ó Dhún na nGall go Corcaigh agus go Ciarraí, ag an am sin. Bhí géarghá leis sin a dhéanamh. Má tá sé ar intinn againn na ceantair Ghaeltachta a choinneáil beo agus an teanga Ghaeilge a choinneáil á labhairt ansin, caithfear fostaíocht a chur ar fáil do na daoine agus go speisialta na daoine óga, agus sílim gur éirigh leis an Údarás é sin a dhéanamh. Tá tionscail sna ceantair Ghaeltachta anois atá in ann iomaíocht agus atá inchurtha le tionscail in aon pháirt eile den tír. Tá na hoibrithe sár-éifeachtach agus, mar a dúirt mé, tá an-bhuíochas ag dul don Údarás as an méid atá déanta acu.

Mar sin féin, tá sé le tabhairt faoi deara i láthair na huaire, agus tá aitheanta go forleathan ar fud na tíre agus na nGaeltachtaí, nach bhfuil ag éirí leis an Údarás i láthair na huaire chomh maith agus a d'éirigh leis sna blianta seo a chuaigh thart. Le bliain nó dhó anuas tá deacrachtaí móra ag an Údarás, agus go speisialta an bhliain seo 1988 sílim go bhfuil na deacrachtaí sin le feiceáil go soiléir. Mar cé go mbíonn cruinnithe rialta ag Bord na Údarás ó bhí an samhradh ann, is beag tionscnamh atá á cheadú i mbliana. Tá a fhios agam go raibh cruinniú ag an Údarás tá mí ó shin, agus bhí cruinniú eile acu inné i ndáilcheantar an Aire Stáit é féin, agus bhí roinnt tograí os a gcomhair. Ach níl a fhios agam ar éirigh leo aon cheann acusan a cheadú nó nár éirigh.

Tá tograí roimh an Údarás i láthair na huaire, 30 nó 40 togra, a chuirfeas 300 nó 400 post ar fáil sa Ghaeltacht, agus tá deacracht ag an mbord aon chinneadh a dhéanamh nó aon cheann de na tograí seo a ligean ar aghaidh. An £3 mhilliún a bhfuilimid ag caint inniu air, an £3 mhilliún atá á chur tríd sa Mheastachán seo, an chéad uair a fógraíodh é sin ná an 7ú lá de mhí Mheán Fómhair seo caite. Chualamar an £3 mhilliún sin luaite i ráiteas an Rialtais, go raibh siad chun fostaíocht a chur ar fáil ar fud na tíre, agus dúradh go raibh £3 mhilliún ag dul do Údarás na Gaeltachta, ach ní shílim go ndéanann an tsuim sin aon rud faoi choinne an ghéarchéim agus an cruachás a bhfuil an tÚdarás ann faoi láthair a réiteach. Is é an bharúil atá agam agus is é an t-eolas atá agam go bhfuil an £3 mhilliún seo curtha ar fáil don Údarás faoi choinne tograí a ceadaíodh i 1986 agus 1987 a ligean dul ár aghaidh. Tá na tograí sin, nó an mhórchuid acu, tosaithe cheana féin. Tá na daoine ag obair agus cé go bhfuil lúcháir orainn roimh an airgead agus go bhfáiltíonn muid roimh an airgead, ní shílim go bhfuil sé ag déanamh aon rud faoi choinne géarchéim an Údaráis, an ghéarchéim ina bhfuil siad i láthair na huaire, a réiteach.

Má dhearcann muid siar ar stair an Údaráis, i 1986 cheadaigh siad 330 togra, agus chuirfeadh sé sin fostaíocht ar fáil do bhreis agus 1,500 duine. Sin 1986. Is mór an méid tograí í sin. Is mór an méid fostaíochta a cuireadh ar bun an bhliain sin. I 1987 cheadaigh an tÚdarás beagnach 250 togra, a chuirfeadh beagnach 550 go leith post ar bun; agus i 1988 tá an uimhir tograí atá á gceadú tite go tubaisteach, agus an méid postanna atá á gcruthú, tá titim thubaisteach ansin fosta. Is é an dearcadh atá forleitheadúil anois, san Údaras féin agus ar fud na Gaeltachta, don chéad uair ó bunaíodh an tÚdarás, go mbeidh titim ar an mhéid daoine atá ag obair sna ceantair Ghaeltachta, i 1988. Ainneoin an mhéid oibre a rinne siad go dtí seo, go bhfuil an casadh ann agus go bhfuil siad ag dul an treo eile anois. Sílim go dtaispeánann sé sin go cruinn agus go díreach cad é mar atá cúrsaí. Tá a fhios agam agus tuigim, agus phléigh muid anseo sa Teach é ag Tráth na gCeisteanna, go bhfuil treoir tugtha don Údarás ó Aire na Gaeltachta, ó Roinn na Gaeltachta agus ón Roinn Airgeadais, go gcaithfidh siad a bheith níos cúramaí agus níos faichillí le haon togra a cheadaíonn siad ó seo amach, agus ba mhaith liom go díreach a fháil amach ón Aire Stáit, b'fhéidir, cad é go díreach an chiall atá leis an treoir sin, agus cad é mar a chuirfidh sé isteach ar obair an Údaráis i 1989 agus na blianta romhainn.

Má dhearcann muid ar Mheastachán 1989, a foilsíodh cúpla seachtain ó shin, sílim go bhfuil sé soiléir. Tá titim nó tá laghdú 13 faoin gcéad ar airgeadas, ar chaiteachas caipitil an Údaráis do 1989 thar mar a bhí i 1988. Titim de 13 faoin gcéad, nó, in airgead, ó £5.5 mhilliún go dtí £4.8 milliún. Anois, tá an titim sin ar an chaiteachas caipitil ag dul a dhéanamh obair an Údaráis níos deacra. Is é sin an t-airgead a chuireann monarchana agus mar sin ar fáil le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Agus chuala mé an scéal ar Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil seirbhís curtha ar fáil acu do Oileán Thoraí i mbliana arís, gur shocraigh Bord an Údaráis sin inné. Ach caithfidh mé a rá, ón eolas atá agam, go bhfuil laghdú ar chaighdeán na seirbhisí sin, agus nach bhfuil an oiread céanna turas go Toraí i mbliana agus a bhí anuraidh agus an bhliain roimhe sin. Sílim gur sin léargas eile ar na deacrachtaí atá ag an Údarás i láthair na huaire. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil jab ar leith le déanamh ag an Údarás, fostaíocht agus mar sin a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil deacrachtaí ar leith acu, mar go bhfuil na ceantair Ghaeltachta imeallach, go bhfuil siad ar imeall na tíre, go bhfuil siad i bhfad ó Bhaile Átha Cliath agus na cathracha in oirthear na tíre, go bhfuil siad i bhfad ó na margaí. Agus sílim gur chóir dúinn smaoineamh go speisialta ar na deacrachtaí sin.

Cuir i gcás, i láthair na huaire tá an tÚdarás ag iomaíocht leis na Údarás Forbartha Tionscail. Orthusan atá sé de dhualgas fostaíocht agus tionscail a chur ar fáil don chuid eile den tír, agus caithfidh Údarás na Gaeltachta iomaíocht leo sin. De réir mar a thuigim, níl deacracht ar bith ag an IDA. Tá airgead acu, tá siad ábalta cinneadh ar thograí lá i ndiaidh lae, agus ag an am céanna ní féidir le hÚdarás na Gaeltachta é sin a dhéanamh. Sílim i gcónaí, san am a chuaigh thart, bhí buntáiste ag Údaras na Gaeltachta, go raibh siad in ann céatadán de dheontais níos airde a thabhairt ná an IDA. Sílim go raibh an tÚdarás in ann ó 40 faoin gcéad go dtí 45 faoin gcéad a thabhairt, agus i láthair na huaire is beag difear idir é sin agus an IDA. Nuair a chuimhníonn tú ar na deacrachtaí do na Gaeltachtaí, an áit a bhfuil siad suite, na deacrachtaí le hionfrastruchtúr agus mar sin de, is beag atá ag an Údarás anois chun tionscail a mhealladh go dtí an Ghaeltacht thar mar atá ag an Údarás Forbartha tionscail chun an jab céanna a dhéanamh i bpáirteanna eile den tír.

Ón bhliain seo caite, nó an bhliain a bhfuilimid ag druidim lena deireadh anois tá beagnach 20 faoin gcéad de fhoireann an Údaráis imithe chun bealaigh. Ghlac 20 faoin gcéad acu leis an tairiscint a tugadh dóibh agus tá an fhoireann lánaimseartha agus na feidhmeannaigh atá ag obair don Údarás, tá níos lú acu ann ná mar a bhí, agus mar sin déanann sé an obair níos crua agus cuireann sé brú níos mó ar na daoine atá fágtha ansin, agus déanann sé níos deacra dóibh an jab a tugadh dóibh a dhéanamh. Mar sin de, sílim go bhfuil na deacrachtaí seo ag an Údarás, agus cé go ndearna siad obair mhór agus gur chruthaigh siad iad féin sna blianta a chuaigh thart, sílim go gcaithfimid aire níos mó a thabhairt dóibh san am atá romhainn agus ár n-aire a dhíriú ar an obair atá déanta acu, agus, go deimhin, ar an obair atá le déanamh acu.

Ceann de na réimsí eile ar gnách leis an Údarás cuidiú a thabhairt dóibh sna blianta seo a chuaigh thart, ná na seirbhísí sna ceantair Ghaeltachta, agus sna blianta seo a chuaigh thart rinne an tÚdarás an-chuid oibre, agus chuidigh siad seirbhísí a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta nach raibh siad iontu, agus le trí bliana nó mar sin, níl sé de pholasaí ag an Údarás cuidiú ná deontas ná tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí. Tá seirbhísí áirithe ag teastáil sna ceantair Ghaeltachta go fóill, agus ba mhaith liom iarraidh ar an Aire agus ar an Aire Stáit a n-aird a dhíriú air seo, agus b'fhéidir go bhféadfadh an Bord athmhachnamh a dhéanamh ar an pholasaí seo agus cuidiú a thabhairt do na seirbhísí atá in easnamh sna Gaeltachtaí go dtí seo. Mar a dúirt mé, an £3 mhilliún seo atá á chur inár láthair inniu, tá sé caite, agus ní shílim go réitíonn sé na deacrachtaí atá ag an Údarás do 1989, ar an ábhar go bhfuil ísliú 13 faoin gcéad ar an chaiteachas caipitil a cuíreadh ar fáil dóibh. Sílim anois, agus an Taoiseach ina Aire Gaeltachta é féin agus an tAire Stáit ó cheantar Gaeltachta, a bhfuil Gaeltacht ina dháilcheantar féin, tá mé cinnte go dtuigeann sé féin na deacrachtaí atá acu ó thionscail atá i dtrioblóid ina cheantar féin.

Ba cheart dúinn uilig anseo ár gcuid guaillí a chur le chéile agus an tacaíocht a thabhairt don Údarás a bhí acu sna blianta go dtí seo, agus é a chur ar a gcumas, leis an airgead a chur ar fáil dóibh, tionscail agus fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta san am atá romhainn. Murar féidir linn é sin a dhéanamh tá ag teip orainn chomh fada agus a bhaineann leis an Údarás. I láthair na huaire tá sruth mór imirce as na ceantair Ghaeltachta, mar atá as ceantair eile sa tír. Ceann de na rudaí a thugaim féin faoi deara ó na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil teaghlaigh iomlána ag fágáil na tíre agus ag dul go dtí an Bhreatain agus tíortha eile, agus is é sin an rud a chuirfidh deireadh leis an Ghaeilge níos mó ná aon pholasaí eile. Nuair a chuireann tú é sin san áireamh, sílim go bhfuil jab le déanamh ag an Údarás, go bhfuil an cumas iontu é a dhéanamh, agus go bhfuil sé ag brath orainne, san áit seo, an t-airgead agus na hacmhainní a chur ar fáil dóibh a chuirfidh ar a gcumas é sin a dhéanamh.

Faoi mar atá ráite anois díreach, caithimid a admháil anseo go bhfuil géarchéim an-mhór ar an Ghaeltacht faoi láthair, géarchéim ach go háirithe toisc le blianta beaga anuas go bhfuil cuid de na ceantair Ghaeltachta beagnach bánaithe leis an imirce agus má leanann sé sin ar aghaidh, i gceann cúpla bliain eile ní bheidh fágtha sa Ghaeltacht feasta ach seandaoine uaigneacha caite amach ar imeall na tíre seo agus gan le fáil acu ach litreacha ó Mheiriceá, ó Shasana, ón a gclann a bheidh thall sna tíortha sin. Má tharlaíonn sé sin sa bhliain seo nó sna blianta beaga atá romhainn amach, is orainne anseo a bheidh an milleán, agus an t-aon slí amháin chun an cheist sin do leigheas ná breis fostaíochta a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Mura ndéanfar san ní bheidh i ndán do aos óg na Gaeltachta ach an imirce.

Réitím in iomlán leis an méid atá ráite ag an Teachta McGinley sa mhéid gur ceart an deontas do Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil agus an 3 faoin gcéad a baineadh den deontas sin i mbliana a sholáthar. Má táimid lán dáiríre faoi fhostaíocht a chothú sa Ghaeltacht agus daoine óga a choimeád sa Ghaeltacht, caithfear é sin a dhéanamh láithreach.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh anois do bhóithre na Gaeltachta. Admhaím go bhfuil bóithre na tíre seo trí chéile imithe chun donais ar fad, ach tá bóithre na Gaeltachta níos measa fós. Aon duine a chaitheann saoire sa Ghaeltacht, an chéad rud a thugann siad faoi deara ná go bhfuil feabhas an-mhór ar thithe timpeall na háite agus ar an nGaeltacht le fiche bliain anuas, ach níl aon fheabhas ar bith taréis teacht ar na bóithre sa Ghaeltacht. Is sa tslí eile atá siad ag dul agus sa bhliain seo tá siad níos measa ná nar a bhí siad riamh sá mhéid go measfá anois go mbeithfeá i gcontúirt do ghluaisteán a thabhairt leat don Ghaeltacht. Má leanann sé mar sin, níl seans dá laghad againn deantús turasóireachta a chothú sa Ghaeltacht.

Seárd atá á rá agam anois ná go gcaithfear iarracht a dhéanamh go luath feabhas agus deisiú a dhéanamh ar bhóithre na Gaeltachta. Tá deis againn anois iarratas a chur isteach do Structural Funds ón Eoraip. Tá súil agam go ndéanfar cás speisialta taobh istigh den chiste sin chun airgead breise a fháil chun bóithre na Gaeltachta a dheisiú. Má chuirtear chuige sin d'fhéadfaí an-chuid postanna a chur ar fáil go díreach i ndeisiú na mbóithre. Chomh maith leis sin, bheadh postanna ag teacht go hindíreach mar bheadh seans i bhfad níos fearr ag muintir na Gaeltachta chun cur faoi deantús na turasóireachta agus chun breis turasóirí a mhealladh go dtí na ceantair Ghealtachta. Iarraim go speisialta ar an Aire deimhin a dhéanamh de go ndéanfar é sin agus go ndéanfar é taobh istigh den iarratas a bheidh á dhéanamh sna seacht réigiún speisialta atá leagtha amach.

Os rud é go bhfuil mé ag caint ar thurasóireacht agus an Ghaeltacht, molaim an tAire Spóirt toisc an t-airgead a chur sé ar fáil do chúrsa gailf Ceann Shibéil. Dúradh an-chuid rud sa Tí seo le déanaí faoi airgead a chur ar fáil do chúrsaí gailf trí chéile, agus réitím leis ar méid atá ráite san iomlán, ach i gcás Ceann Shibéil in iarthar Chiarraí measaim gur deineadh ar rud ceart an t-airgead sin a chur i láthair, mar sin infheistíocht an-mhór i gcúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta sa cheantar sin. Sa mhéid gur deineadh aon mhaitheas faoin chrannchur náisiúntá — agus is dócha gur deineadh an-chuid maitheasa anseo is ansiúd — ba mhaith an rud an saghas sin airgid a sholáthar don áit sin ach go háirithe mar is mór ar fad an feachtas atá idir lámha ag muintir Chíarraí san áit sin agus tá siúl agam go mbeidh toradh fónta ar an obair sin amach anseo.

Os ag caint ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atáimid, bhí lucht Teilifís Gaeltachta ag caint linn le déanaí, ag caint linn atá mar bhaill ar an coiste sa tí seo chun an Ghaeilge a chothú agus do chur ar aghaidh. Measaim go bhfuil cás an-fónta ar fad ag an dream seo agus ba mhaith liom dá bhféadfadh an tAire an cás sin a infhiúchadh, mar mura gcoimeádfar an Ghaeilge leo sa Ghaeltacht, ní bheidh aon Ghaeltacht ann — sin rud anbunúsach ar fad. Tá géarghá chun an saghas sin seirbhís teilifíse don Ghaeltacht a chur ar fáil ag an am seo mar má theánn an Ghaeilge i laige, mar atá bliain i ndiaidh bliana, labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht, is beag Gaeltacht a bheidh fágtha i gceann cúpla bliain. Iarraim ar an Aire a aire a dhíriú ar an cheist sin chomh maith.

Iarraim chomh maith ar an Aire nó ar an Taoiseach nó ar pé duine atá ina mbun, cathaoirleach a cheapadh do Bhord na Gaeilge. Níl aon chathaoirleach anois ar an mbord agus ní féidir long do choimeád gan captaen. Ní fheicim go bhfuil aon chás ar bith chun moill níos faide a chur ar an sceál sin.

Arís, ó thaobh airgid agus deontas do Údarás na Gaeltachta, impím ar an Aire an t-airgead sin a sholáthar go luath, agus chomh maith leis sin, ó thaobh íocadh na ndeontas, a chinntiú nach mbeadh an mhoill fhada — nuair a bhímse ag caint le daoine ó Údarás an Gaeltachta, deireann siad liom go bhfuil moill an-fhada — ar íocadh na ndeontas. Bheinn buíoch den Aire a chinntiú nach dtarlódh sé sin amach anseo.

Ba mhaith liom, ar dtús, cúpla focal a rá faoin Ghaeilge féin, mar cuireann sé beagáinín mearbhall intinne orm féin a mheas go díreach céard ar a bhfuil an fhreagairt, go háirithe ar usáid na Gaeilge sa Teach seo. Níl an fhianaise ann go bhfuil an Teach, seo ná na daoine atá i gceannas anseo níos baúla ná mar a bhí siad don Ghaeilge. Tá mé féin mar bhall den Chomhchoiste don Ghaeilge — an dara comhchoiste. Tá cúig tuarascáil curtha i gcló acu, agus an chéad chomhchoiste, chuir siad trí thuarascáil amach.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don dara tuarascáil den chéad chomhchoiste. D'fhoilsigh an comhchoiste an tuarascáil sin i 1986. Ar leathanach a 28 rinneadh a lán moltaí. Dáiríre, séard a bhí ann ná rinne siad 25 mholtaí faoi úsáid ná Gaeilge sa Teach seo. An chéad cheann, seomra agus téipthaifeadáin a chur ar fáil chun a chur ar chumas Comhaltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le téipeanna teagaisc ón leabharlann, agus mar sin de; gach poiblíocht is féidir a thabhairt do imeachtaí Ghaeleagras na Seirbhísí Poiblí i measc na foirne feasta agus gach deis a thabhairt dóibh chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí, agus leanann sé ar aghaidh. An chéad thuarascáil den chéad chomhchoiste, bhain sí go ginearálta leis na fadhbanna seo. An dara ceann den chéad chomhchoiste, go beacht, go mion: 28 moladh. Arís, tá an dara comhchoiste agus tá tuarascáil eile curtha i gcló againne faoi úsáid na Gaeilge sa Teach. Cá bhfuil na háiseanna atá molta anseo? Tá "meditation room" againn, ach níl aon seomra chun Gaeilge a fhoghlaim is a úsáid.

Anois, tá mé féin ag seasamh anseo gach seachtain agus tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil a lán daoine iontach mífhoighdeach as an gcaoi ina labhraíonn muidne Gaeilge sa Teach seo. Mar shampla, inné cuireadh dhá cheist déag le chéile, agus bhíomar ag iarraidh focheisteanna nó "supplementaries" faoi na ceisteanna sin. Bhí daoine ag rá, ar an taobh seo den Teach: "Cén fáth nach bhfuilimid ag imeacht ar aghaidh?", agus mar sin de. Anois caithfidh tú a bheith ionraic. Cá bhfuil aon fhianaise, nó an bhfuil sí ann, gur cuireadh aon cheann de na moltaí seo faoi úsáid na Gaeilge sa Teach seo i gcrích? Cúrsaí iriseoireachta, cúrsaí aistriúcháin, áiseanna a chur ar fáil, agus mar sin de. An bhfuilimid ag caint linn féin? Ar ndóigh, táimid. Agus níl mé ag caint faoi chúpla focal maslach, is é sin go mbeidh cúpla míle duine fágtha ar an oileán seo san aois atá le teacht agus beidh siad in ann cúpla focal den "sean-language" a labhairt. Más rud maslach mar sin atá i gceist, ba mhaith an rud a bheith ionraic faoi.

Anois tá ocht dtuarascáil ann, an ceann is deireanaí faoi chúrsaí ríomhaireachta. Céard atá chun tarlú? Anois ba mhaith liom, agus tá mé "frustrated", beagán, an pointe seo a dhéanamh go láidir. Is é sin, tá an ceart againne, muidne a bhfuil a lán daoine ina gcónaí taobh istigh dár ndáilcheantar a labhraíonn Gaeilge: ní hamháin nach bhfuil siadsan ag fáil a gcearta faoi láthair — agus níl siad — ach níl siad, mar shampla, in ann a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis na hinstitiúidí Stáit láir ná na hinstitiúidí Stáit áitiúla. Sa chúigiú tuarascáil, a tháinig amach an choicís seo caite, rinne muidne tagairt do Chomhairle Chontae an Chláir, an t-aon Chomhairle Chontae sa tír seo in ar féidir le daoine foirmeacha a fháil trí mheán na Gaeilge. I mo chontae féin, Contae na Gaillimhe, tá daoine i gConamara nach bhfuil sé ar a gcumas foirmeacha a fháil i nGaeilge. I gCathair na Gaillimhe ní ligeann siad orthu, go minic, go bhfuil siad báúil don Ghaeilge. Tá daoine ag fáil páipéir fíneála trí leaganacha Béarla. Níl le déanamh ag aon státseirbhíseach atá ionraic faoin nGaeilge, nó aon Aire nó Aire Stáit, ach deashampla Chontae an Chláir a leathnú go dtí na comhairlí contae eile.

Ní aon mhaith a bheith ag caint faoi chomhchoistí oibre agus mar sin, ná bainisteoirí contae a thabhairt le chéile, scannáin a thaispeáint, agus mar sin de. Tá siad dáiríre nó níl siad dáiríre faoi. Mar shampla, ceapaim féin go bhfuil a lán daoine sa Teach seo, sula gcuirfidh mé deireadh leis an bpointe seo, drochbhéasach le daoine, fiú amháin, atá tofa ag na daoine sna Gaeltachtaí le teacht anseo agus arb é a gceart an Ghaeilge a labhairt. Níl mé féin sásta glacadh leis an mífhoighne sin. Tá an ceart agamsa Gaeilge a labhairt anseo agus labhróidh mé í, agus cuirfidh mé an méid ceisteanna atá ag teastáil, focheisteanna, "supplementaries", aon uair. Is trua an rud é nach bhfuil aon iarracht á déanamh faoi láthair ag an Taoiseach chomh maith Gaeilge a úsáid sa Teach seo. Agus tá an moladh sin sa dara tuarascáil den dara comhchoiste (Second Report from the Joint Committee: Recommendations regarding the position of the Irish Language in the Houses, of the Oireachtas and within the political parties.

Aguisín A:

The president of each party should use the Irish language as much as possible in his normal activities.

Nach iontach an deashampla atá á thabhairt faoi láthair? Agus tá mé ag labhairt faoi na cinnirí ar fad. Cén mhaith a bheith ag cur tuarascáil mar sin i gcló mura bhfuil iarracht ar bith á déanamh? Tá an dearcadh bunúsach léirithe. An bhfuil aon suim ann? B'fhéidir go bhfuil sé i bhfad níos fearr, mar a cheapann na "utilitarians" nua, Gearmáinis a fhoghlaim, chun nithe a cheannach ó mhuintir na Gearmáine — an "huckster's theory of linguistics".

Ba mhaith liom aistriú anois do chúpla pointí tábhachtacha eile, fad is tá seans ann. Is é sin, faoi Údarás na Gaeltachta féin. Ceapaim go bhfuil laige bhunúsach taobh istigh den Acht. Mar shampla, tá baill den Údarás ag rá gach lá ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil moltaí curtha acu go dtí an Roinn ag iarraidh athruithe san Acht bunúsach, 1979. Chuala an Teachta McGinley sin go minic. Chuala mé féin é. Arís agus arís eile seasann an tAire Stáit suas agus deir sé "Níl aon iarratais faighte ag mo oifig nó ag mo Roinn chun aon athrú a dhéanamh san Acht 1979." Cé aige a bhfuil an fhírinne? Ceapaim féin go bhfuil an fhírinne, b'fhéidir, ag an Aire, nó ní labhródh sé de ghnáth. Tugann sé eolas dúinn anseo. Mar sin, má tá seisean ceart, cén fáth go bhfuil muintir Údarás na Gaeltachta nach bhfuil tofa ach ag a bpáirtí féin ag rá go poiblí ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil leasuithe san Acht iarrtha acu? Anois, tháinig an ASTMS, ceann do na ceardchumainn atá taobh istigh den Údarás, na daoine atá ag obair san Údarás, os comhair an Choiste um Chomhlachtaí Stáit, cúpla bliain ó shin — ceapaim go raibh sé i 1982 — agus ba mhaith liom an sliocht seo a léamh amach, mar tá sé an-suimiúil ar fad:

3.1 Difficulties are being created for the Údarás because of the lack of definition in the Act and its wording and the lack of logic in the way the subparagraphs were put together.

3.2 There is no aim specified for the Údarás anywhere in the Act. Why is the Údarás there? What is its basic responsibility?

3.3 One would expect that the Act would start with the basic aim e.g. "The Údarás is being established to develop the Gaeltacht linguistically, economically..." and after that the functions of the Údarás towards the achievement of that aim would then be specified e.g. to create new employment in the Gaeltacht, etc.

3.4 Because of the lack of logical sequence:

(a) there are obligations on the Údarás (to preserve and promote Irish) without its having been given functions or powers to undertake the same and

(b) there are functions given to it e.g. "The Údarás shall control industries" without its being said why they are to be so controlled and similarily there are powers given to the Údarás e.g. "The Údarás may expand "industry" ... without any previous aim being stated.

Céard atá á dhéanamh faoi láthair faoin Acht bunúsach 1979? Agus, ceist bheag faoi sin, an bhfuil leasú ar bith in aigne éinne faoi 1992 agus an Ghaeltacht? An mbeidh aon leasú san Acht bunúsach chun a chur ar chumas oifigigh an Údaráis pleananna a chur le chéile agus a chur go dtí an Eoraip? Mar shampla, faoin aighneacht atá á cur isteach, "Within Europe" faoi láthair, faoi chúrsaí réigiúnacha, ón Stát láir, tá sé ráite go mbeidh "sub-national submissions". Níl aon aitheantas dearfa do chuid de na Gaeltachtaí. Níl siadsan, mar shampla, ag cur moladh ar aghaidh a bhainfeadh go díreach le riachtanais na Gaeltachta. I 1986, sa bhliain sin amháin, d'fhág trí chéad duine Leitir Mealláin, áit bheag. Agus na himpleachtaí don sórt ráta imirce sin?

Tá an ráta imirce sna Gaeltachtaí faoi láthair i bhfad níos déine ná mar atá sé sa chuid eile den tír. Ní hé amháin go bhfuil daoine ag fágáil na háite. Mar shampla, Magh Chuilinn, trí mhí ó shin d'fhág cúigear déag gasúr i ndeireadh seachtaine amháin. Tá clanna ag fágáil na Gaeltachta arís, daoine a tháinig ar ais i 1971. Tá an ráta dífhostaíochta i bhfad níos measa. Tá an ráta bochtanais i bhfad níos measa. Anois, aon uair fáiltím roimh airgead breise a thabhairt do Údarás na Gaeltachta, ach tá sé níos soiléire domsa nach bhfuil an tAcht bunúsach in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair. Tá sé soiléir domsa chomh maith, mar shampla, faoin rud a dúirt an Teachta Quill faoi chúrsaí teilifíse, gur chóir an t-airgead atá geallta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht faoi chúrsaí cumarsáide a thabhairt do dhream ar nós an Údaráis, dream atá freagrach don Teach seo, do choiste an Tí seo, agus é a chaitheamh ar an scéim atá curtha os comhair na ndaoine tofa ag meitheal Gaeltachta atá ag iarraidh Teilifís Ghaeltachta a bhúnú, in áit teilifís Ghaeilge. Agus ba chóir sin a dhéanamh, agus tá freagracht ag baint leis an gcaiteachas. Ach i ngach gné den saol ceapaim féin nach bhfuil, ar lámh amháin, a dhóthain iúil ar chumhachtaí breise ag an Údarás, agus tá cumhachtaí breise ag teastáil ón Údarás. Mar shampla, fad is atáimid ag caint anseo, tá muintir Árann gan aon chóras taistil don mhórthír. Tá an Naomh Éanna imithe, agus deichniúr caite as obair. Bhí mé ag cruinniú i gCill Rónáin cúpla seachtain ó shin, agus bhí fear ag rá liom go gcosnaíonn sé £80 chun cailín beag a thabhairt go dtí ortafhiaclóir i nGaillimh. Deir an tAire, an Teachta Wilson, go bhfuil sé ag cur an cás ar aghaidh go dtí an Eoraip — an “European bucket”, mar a thug duine éigin air. Gach moladh don Eoraip anois. Tá dualgaisí leagtha síos sna hAchtanna lompair go gcaithfidh go mbeidh córas taistil ag muintir na n-oileán go dtí an mórthír agus mar sin de.

Anois déanfaidh mé tagairt do chúpla rud an-bheag, mar is beag am atá fagtha agam. Mar shampla, na cumhachtaí breise atá i gceist agam faoi Acht 1979, mhol Risteard Ó Maolchatha agus an coiste rudaí áirithe i 1926 i dtuarascáil a chosain £622 agus a rinne cur síos iomlán ar an nGaeltacht. Tháinig an t-uafás tuarascála eile amach ina dhiaidh sin. Chosain siad i bhfad níos mó agus bhí siad i bhfad níos tanaí, ach tá na moltaí bunúsacha i dtuarascáil 1926 ann. Ba chóir plean cuimsitheach a thabharfadh le chéile cúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, sláinte, tithíochta agus leasa shóisialaigh agus sraith ama a leagan amach chun na moltaí a chur i gcrích. Ba chóir go mbeadh an misneach ag Aire na Gaeltachta, má tá sin ann, cumhachtaí a bhaint fiú amháin, ó na comhairlí contae agus iad a thabhairt don Údarás. Ach deirim arís é, an locht bunúsach ná an tAcht atá i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta. Ní chuireann sé ar a gcumas, agus níl a ndóthain airgid acu, freastal ar riachtanais mhuintir na Gaeltachta mar atá siad faoi láthair.

A Chathaoirligh, go raibh maith agat as ucht an fhoighid a thaispeáin tú dom, ach ba mhaith liom críochnú ar an gcaoi inar thosaigh mé. An cur i gcéill faoi úsáid na Gaeilge sa Teach seo, caithfimid deireadh a chur leis, mar níl éinne dáiríre a sheasann suas agus a chaitheann cúpla focal do na "sicíní" ón nGaeltacht. Ag an am céanna caithfidh muidne atá ag smaoineamh ar an rud le fada, leanúint ar aghaidh san áit bhréagach seo, i leith na Gaeilge.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghlacadh leis na daoine a tháinig anseo agus a labhair faoin Meastachán seo. Táimid ag plé Meastachán Fhorlíontaigh do Roinn na Gaeltachta atá ag cur £3 mhilliún breise ar fáil do Udarás na Gaeltachta le leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar siúl acu le fostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí. Mar atá ráite sa ráiteas, seo an méid airgid is mó a fuair an tÚdarás riamh le postanna a chur ar fáil sna Gaeltachtaí. Tá a fhios againn uilig go bhfuil géarchéim airgeadais ann agus go bhfuil deacrachtaí ann airgead a chur ar fáil ón Stát. Ach san am céanna tá moladh mór ag dul don Údarás i ngeall ar an méid postanna atá curtha ar fáil acu ó bunaíodh iad. Mar a dúirt an Teachta McGinley, agus mar atá sa ráiteas, tá beagnach 5,000 postanna breise curtha ar fáil acu ó bunaíodh iad. Sin obair atá curtha ar fáil sna Gaeltachtaí agus nach mbeadh ann ach ab é na hiarrachtaí a rinne an tÚdarás agus an t-airgead atá á chur ar fáil ag an Stát.

Ó tharla gur ag caint faoi na Meastacháin anseo atáimid, tá srian, is dócha, ar an méid a thiocfadh le daoine a rá maidir leis an nGaeilge agus le ceist na Gaeltachta uilig go léir. Ach d'aontóinn leis an chuid is mó a chuala mé anseo inniu. Tá gá le dearcadh níos géire ar chuid de na cúrsaí sin, agus tiocfaidh mé arís don méid atá ráite ag an Teachta Higgins. Maidir leis an méid a dúirt an Teachta McGinley faoi na deacrachtaí atá ag an Údarás, ní thiocfainn leis go bhfuil an scéal chomh dona agus atá á rá aige. Tá a fhios ag gach uile dhuine, ón am a dtagann an togra os comhair an Údaráis go dtí go bhfeiceann muid é sin réitithe agus ceadaithe agus an obair curtha ar fáil, go dtógann sé tréimhse mhaith. Tárlaíonn an méid céanna leis an IDA agus na heagrais eile atá ag plé leis na cúrsaí seo. Dá bhrí sin ní bhíonn an íocaíocht ar an deontais ag teacht chomh luath agus ba mhaith le daoine, agus luaigh an Teachta Quill é sin.

Tá daoine ann agus síleann siad go mba cheart dóibh, nuair atá togra acu, nuair atá sé curtha os comhair an Údaráis, go mba cheart dóibh cuid den airgead a fháil lom láithreach. Ach ní sin an chaoi a dtarlaíonn sé. I láthair na huaire, maidir le caiteachas airgid i gcoitinne, tá rialacha leagtha síos ag an Roinn Airgeadais maidir leis an gcaoi a gcaitear an t-airgead sin. Teastaíonn uathu, agus an ceart ar fad acu, go mbeadh buntáiste ag teacht don Stát ar cibé airgead atá á chaitheamh. Sílim go bhféadfaí a rá, san am atá caite, go raibh deontais á dtabhairt do dhaoine áirithe agus nár caitheadh an t-airgead mar ba chóir. Ach níl sé sin ag tarlú níos mó. Agus fiú amháin leis an Údarás, nuair a chuaigh siad i gcumhacht bhí go leor leor rudaí a mb'éigean dóibh a ghlanadh suas maidir le cuid de na rudaí a bhí ag tarlú. Agus tá ár mbuíochas ag dul dóibh i ngeall air sin. Feasta beidh srian níos géire ar chaiteachas airgid, cibé áit a mbeidh sé, agus sílim go bhfuil sé de cheart ag an Stát a chinntiú nach gcuirfí an t-airgead a bheas á chaitheamh acu amú, mar tá lucht oibre na tíre seo ag cur an t-airgead sin ar fáil. Is é airgead lucht oibre na tíre atá á chaitheamh againn ar na cúrsaí seo, agus caithfimid a bheith cinnte go bhfuil an tairbhe cheart á fáil as an airgead sin atá á chaitheamh.

An rud a luaigh an Teachta McGinley, tá fógra tugtha faoi sin le cúpla bliain. Tá sé á chur i bhfeidhm anois, agus sin an fáth a bhfuil súil níos géire á coinneáil ar na cúrsaí seo. Anois, luaigh sé an tseirbhís go hOileán Toraí. Tá athrú ar an tseirbhís a bhí á cur ar fáil, agus is é an cinneadh a rinne an tÚdarás go mbeidh héileacaptar níos mó á chur ar fáil a bheas in ann ceithre dhuine is fiche a thabhairt leis. Beidh, ar a laghad, ocht dturas á ndéanamh ag an héileacaptar seo in aghaidh an gheimhridh. Bíonn na seirbhísí seo curtha ar fáil i gcaitheamh an gheimhridh nuair nach mbíonn siad in ann na báid a thabhairt isteach, agus beidh costas breise £18,000 ar an tseirbhís seo. £9,500 a chosain sé go dtí seo, agus tá an t-airgead breise sin á chur ar fáil i mbliana le seirbhís níos fearr a chur ar fáil do mhuintir Thoraí. Is maith liom go mbeidh an tÚdarás in ann an rud sin a chinneadh, agus sílim go mbeidh muintir Thoraí sásta leis sin.

Cén fáth a bhfuil níos lú turas le bheith ann?

Dá mbeadh an t-am agam, tá deacrachtaí eile a bhaineann leis sin. Tá rialacha anois a bhaineann leis an gcineál héileacaptair a bheas á úsáid. Sílim nach mbeidh cead feasta an cineál a bhí ann go dtí seo a úsáid. Rinne sé an turas níos minice, ach ní bheadh cead acu paisinéirí a thógáil mar a bhí ar siúl cheana. Caithfear héileacaptar den chineál atá in úsáid anois a chur ar fáil, agus sin an fáth nach mbeidh oiread turais á ndéanamh. Ach san am céanna, má tá gá leis in am ar bith is féidir dul thar na hocht n-uaire atá luaite má tá géarghá leis. Tá an cinneadh sin déanta ag an Údarás chomh maith.

Maidir leis an rud a luaigh an Teachta Quill faoi cheist na Gaeilge, tá gá, cinnte, leis na Gaeltachtaí a chosaint agus a chaomhnú. Más rud é go n-imíonn na Gaeltachtaí, imeoidh an Ghaeilge, tá a fhios againn uilig sin. Anois, luaigh sí bóithre Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil go leor daoine ag caint faoi bhóithre gach uile áit ar fud na tíre, agus, arís, má táimid ag caint faoi bhóithre caithfimid airgead a chaitheamh. Sílim, má chluinim na rudaí atá á rá ag an pháirtí lena mbaineann an Teachta Quill, bíonn siad ag rá go bhfuilimid ag caitheamh na múrthaí airgid. Mar sin, cén chaoi sa diabhal a dtig linn bóithre níos fearr a chur ar fáil mura dtig linn an t-airgead a chur ar fáil do na bóithre sin agus a chaitheamh?

Séard a mhol mé, ná go lorgófaí airgead faoin Structural Fund ón Eoraip.

An tAire Stáit, gan aon chur isteach.

Beidh gach uile iarracht á déanamh oiread airgid agus is féidir a fháil ón Eoraip, agus tá sé sin á dhéanamh cheana maidir le cúrsaí eile, agus tá mé cinnte, nuair a bheas na rudaí seo á bplé, go mbeidh gach iarracht á dhéanamh leis an bhuntáiste is fearr a dtig linn a fháil ar an airgead sin. Anois, luaigh an Teachta Quill agus an Teachta Higgins ceist theilifís Ghaeltachta. Arís, sílim go mba cheart níos mó ama a bheith againn leis na moltaí sin a phlé. Níl sé faoi chaibidil inniu againn. Táimid ag caint faoin Meastachán Forlíontach seo. Ach déarfaidh mé an méid seo, agus tá sé ráite agam i bhfreagraí a thug mé anseo, tá mé á dtabhairt le bliain: nuair a chuirfimid tús leis an tseirbhís seo caithfimid a bheith cinnte go mbeidh rud éigin curtha ar fáil againn a mbeidh glacadh air, a mbeidh daoine sásta leis, a mbeidh an t-aos óg sásta leis. Beimid i gcoimhlint le cláracha eile i mBéarla, agus más rud é nach bhfuilimid in ann rud éigin a chur ar fáil a bheas taitneamhach don aos óg, agus go mórmhór aos óg na Gaeltachta, níl maith ar bith a bheith ag plé leis. Sin an rud atá ar siúl againn. Táimid ag iarraidh réiteach a dhéanamh i gcaoi, nuair a chuirfear tús leis an tseirbhís seo, go mbeidh seirbhís againn a mbeidh glacadh uirthi ag an bpobal i gcoitinne.

Maidir le Gaeilge sa Teach seo, bhí mé féin i mo chathaoirleach ar an gcéad chomhchoiste, agus rinneadh moltaí maidir le húsáid na Gaeilge sa Teach seo, maidir le fearaistí a chur ar fáil, go mbeadh seomra feistithe, agus rudaí mar sin. Níl sé déanta, agus is mór an náire nach bhfuil sé déanta. Ba cheart go mbeadh sé ar fáil. Ba cheart go mbeadh áiseanna ag Teachtaí Dála; nuair a thiocfas siad isteach anseo agus iad ag iarraidh ceisteanna a chur síos i nGaeilge agus má theastaíonn uathu an cuidiú sin a fháil, níl sé le fáil. Is cuimhin liom féin Teachta agaibh agus bhí sé ag cur ceist Dála ar Thaoiseach ár bpáirtí féin, agus d'iarr sé orm cuidiú leis an cheist a chur. Bhí bród orm é a dhéanamh, agus sílim go mba mhór an rud don Ghaeilge go dtáinig Teachta chugam ag iarraidh an cuidiú sin a thabhairt dó. Ach caithfear é sin a dhéanamh, agus níl mé ag séanadh an rud atá ráite ag an Teachta. Ná sé ach ag insint na fírinne ghlan, agus aontaím le gach uile fhocal atá ráite aige. Caithfimid na seirbhísí seo a chur ar fáil anseo sa Dáil do na Teachtaí agus do na Seanadóirí, agus níl maith ar bith dúinn a bheith ag teacht le chéile i bhfo-choistí agus a bheith ag cur amach tuarascála, mura bhféachann muid le cuid den méid atá sna tuarascála sin a chur i ngníomh. Is maith an rud go bhfuil an Teachta ag díriú ár n-aire uilig ar na cúrsaí sin, agus caithfimid féacháil leis na rudaí sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Maidir leis na Gaeltachtaí ar fad agus an imirce, ní maith le duine ar bith an chaoi a bhfuil cúrsaí. Ach tá rud amháin ar cheart a rá, agus ní maith liomsa an t-aos óg a fheiceáil ag fágáil na Gaeltachta. Tá sé ag tarlú i mo pharóiste féin, tá mac liom féin i Londain le dhá bhliain agus ní thaitníonn sin liom. Ach tá an mhéid sin ann nach mbeadh na postanna le fáil acu sna Gaeltachtaí ar aon nós, mar atá cúrsaí i láthair na huaire. Níl postanna eagraithe sna Gaeltachtaí, agus ní raibh. Bhí orthu na Gaeltachtaí a fhágáil, ach bhí na postanna le fáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó i Luimneach, agus ar a laghad bhí siad in ann teacht abhaile ag deireadh na seachtaine agus a bheith lena muintir sa bhaile. Is é an trua gur i Sasana nó in Albain nó i Meiriceá nó in áit éigin eile atá an t-aos óg i láthair na huaire.

Sílim, agus tá mé ag labhairt go ginearálta, nuair a deirim é seo, a Chathaoirligh, go bhfuil b'fhéidir feabhas ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre a chuideoidh le daoine le hinfheistíocht a dhéanamh agus go mbeidh postanna á gcur ar fáil. Tá a fhios agam nach dtarlóidh sé go luath, ach tá an chosúlacht ann go bhfuil na cúrsaí sin ag feabhsú, agus beimid ag súil go mbeimid in ann a theacht i gcabhair ar an Údarás agus breis airgid a chur ar fáil dóibh leis an obair mhaith atá á déanamh acu a dhéanamh agus a choinneáil ar siúl. Tá rud maith amháin atá ar siúl acu i láthar na huaire, agus sin go bhfuil siad ag díriú a n-aghaidh ar fhorbairt ár n-achmhainní nádúrtha, rud nach ndearna siad go dtí seo. Cúrsaí feirmeoireacht éisc agus rudaí mar sin, agus de réir a chéile tiocfaidh postanna ón obair sin. Beidh monarchana ag teastáil le leasú a dhéanamh ar an iasc atá á cheapadh, agus mar sin de, agus sílim, i gceann chúpla bliain eile, go mbeidh feabhas mór ag teacht ar na cúrsaí sin. A Cheann Comhairle, tá mé buíoch arís do na Teachtaí.

Céard faoi leasuithe Acht 1979?

Sin scéal a mbíonn cuid mhór achrainn faoi, ach tá sé ráite ag baill an Údaráis gur iarr siad ar an Rialtas an tAcht a leasú le breis cumhachta a thabhairt dóibh féin. Tá siad ag cur amach ráitis den chineál sin, ach fad agus is eol domsa níor cuireadh os ár gcomhair i gceart é le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scéal. Má chuirtear an cás i gceart os comhair na Roinne nó os comhair an Rialtais, tig linn ansin athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal.

Agus an plean speisialta don Eoraip faoi na cúrsaí reigiúnda do na Gaeltachtaí?

Sin rud atá tábhachtach, agus caithfimid, mar atá ráite againn, oiread buntáiste agus is féidir linn a fháil sna cúrsaí sin. Aontaím leis an Teachta nach bhfuil comhcheangal ceart idir Rannóga Stáit maidir le cúrsaí go ginearálta. Sílim go bhfuil gá leis an scéal sin a chíoradh agus a fhiosrú. Arís molaim gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Ach an cheist ar fad, mar atá luaite ag an Teachta Higgins, is ceist an-mhór é agus níor mhór dúinn níos mó ama leis an rud a chíoradh anseo sa Dáil.

Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.

The Dáil adjourned at 4 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 13 December 1988.

Top
Share