Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Feb 1989

Vol. 387 No. 1

Written Answers. - Trialacha Cluastuisceana i nGaeilge.

136. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an mbeidh triail chluastuisceana sa scrúdú don tSraith Shóisearach Ghaeilge sa bhliain 1992; agus cad iad na hullmhúcháin atá déanta go dtí seo ina comhair.

Nuair a eisíodh an siollabas nua sa Ghaeilge don Teastas Sóisearach dubhrathas san imlitir a ghaibh leis gur féidir go dtabharfar isteach trialacha cluastuisceana agus trialacha cainte i nGaeilge diaidh ar ndiaidh.

Tá an cheist seo, agus na deacrachtaí atá le sárú ina leith, faoi scrúdú ag an Roinn faoi láthair.

Top
Share