Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Feb 1989

Vol. 387 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim na bhFoghlaimeoírí Gaeilge.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén céatadán de na scoláirí a d'fhreastail ar chúrsaí Gaeilge i nDún na nGall i rith 1988 a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann.

Bhí cónaí i dTuaisceart Éireann ar bheagnach leath de na foghlaimeoirí a d'fhreastail ar chúrsaí Gaeilge i nDún na nGall i 1988 agus ar íocadh deontais ina leith faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Is léir ó fhreagra an Aire go bhfuil an líon daltaí ó Thuaisceart Éireann a dhéanann freastal ar choláistí Gaeilge i nDún na nGall an-tábhachtach. An bhfuil sé ar eolas ag an Aire Stáit go bhfuil moltaí agus treoracha nua tugtha ag Rúnaí Oideachais an Tuaiscirt, an Dr. Brian Mawhinney, maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais sa Tuaisceart, agus má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm go ndéanfaidh sé ísliú mór ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais sa Tuaisceart féin agus go gcuirfidh sé isteach go mór ar an líon daltaí a dhéanfaidh freastal ar choláistí Gaeilge i nDún na nGall agus i nGaeltachtaí eile?

Tá eolas agam ar an rud atá ag tarlú ó thaobh na Gaeilge sa Tuaisceart ach sílim nach gcuirfidh sé sin isteach ar fhoghlaimeoirí a mbeidh fonn orthu teacht go Dhún na nGall ag foghlaim Gaeilge. Baineann sé seo leis na páistí iad féin agus lena muintir. Sílim gurb é go ngríosfaidh sé iad teacht agus Gaeilge a fhoghlaim.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit agus ag an Rialtas go bhfuil imní an-mhór ar fad ar lucht oideachais agus lucht Gaeilge i dTuaisceart Eireann má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm? Ba maith liom a iarraidh ar an Aire Stáit, mar thóg mé an cheist leis an Tánaiste an bhliain seo caite, ar tógadh an cheist seo ag an gComhdháil Angla-Éireannach agus leis na hÚdaráis i dTuaisceart Éireann? Tá gach oideachasóir míshásta——

Tá an cheist anfhada.

Tá rudaí áirithe á bplé ag an gcoiste sin. Ní h-eol dom gur pléadh ceist na Gaeilge ach cuirfidh mé fáisnéis faoi sin. Mar a dúirt mé, sílim gurb é an rud a tharlós anseo go gcuirfidh sé fonn níos mó ar mhuintir an Tuaiscirt a theacht ar na cúrsaí Gaeilge agus go ndéanfaidh siad iarracht i bhfad níos fearr le freastal orthu.

Ní chuirfidh sé seo tada leis an dearcadh atá ag lucht na Gaeilge sa Tuaisceart atá ag teagmháil liomsa, agus, tá mé cinnte, leis an Rialtas. An pointe deireannach ba mhaith liom a dhéanamh go bhfuil Seanad na hOllscoile——

Gan oráid a dhéanamh de.

Glactar le Gaeilge sna Sé Contae mar theanga nua——

Tá mé ag glacadh ceist eile anois.

Ba mhaith liom——

Is leor san, a Theachta. Ceist a 5.

Top
Share