Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Mar 1989

Vol. 388 No. 4

Written Answers. - Deontais do Dhaltaí Scoile.

47. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén líon daltaí i ngach scoil Ghaeltachta a chuir isteach ar an deontas £10; agus cén uimhir daltaí i ngach scoil acu sin a fuair an deontas do scoilbhliain 1987/1988.

Cuirfear an t-eolas sin chuig an Teachta a luaithe is féidir.

Top
Share