Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 May 1989

Vol. 389 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil eolas aige faoin aighneas tionsclaíochta in Údarás na Gaeltachta; agus céard atá á dhéanamh chun an t-aighneas seo a shocrú.

Is eol dom go bhfuil gníomhartha tionsclaíochta á nglacadh ag baill de cheard-chumann in Udarás na Gaeltachta ar mhaithe le héileamh a chur chun cinn atá chomh mór sin contrártha le polasaí an Rialtais i leith pá agus ardú céime nach féidir géilleadh dó. Sna cúinsí iarraim ar an bhfoireann éirí as na gníomhartha sin.

An aontódh an tAire Stáit go bhfuil an comhaontú seo idir oibrithe an Údaráis agus an Údarás féin ag dul siar go dtí 1978 agus go bhfuil moltaí ag an gCúirt Oibreachais to n-íocfaí an ráta speisialta seo ó mí Lúnasa seo caite? An bhfuil sé ar intinn moltaí na cúirte a chur i bhfeidhm?

Mar a dúirt mé sa bhfreagra, níl na moltaí ag teacht leis na socruithe atá á ndéanamh ag an Rialtas faoi láthair ó thaobh ardú pá agus ardú céime. Dá bhrí sin ní féidir linn glacadh leis na moltaí sin.

An dtuigim ó fhreagra an Aire Stáit go bhfuil sé chun neamhaird agus neamhshuim a dhéanamh ar fad de mholtaí na Cúirte Oibreachais? Cén fáth go bhfuil an Chúirt Oibreachais ann? Chomh maith leis sin, an bhfuil aon eolas aige go bhfuiltear chun leathadh a dhéanamh ar an aighneas seo an tseachtain seo chugainn agus go bhféadfadh sé cur isteach ar éifeacht an Údaráis?

Mar atá ráite agam cheana, tá na moltaí ag dul in aghaidh na socruithe atá déanta ag an Rialtas maidir le hardú pá agus ardú céime, agus caithfimid cloí leis na socruithe sin.

Ceist deireannach, a Theachta.

Mar is eol don Aire Stáit, tá ísliú de 20 faoin gcéad ar fhoireann an Údaráis le bliain nó dhó anuas, agus sílim go bhfuil sé thar a bheith réasúnta go dtabharfaí aird speisialta ar mholadh na Cúirte Oibreachais agus an ráta speisialta seo a íoc. Níl i gceist ach cúigear nó seisear ar fad.

Ní ceist é sin. Ar aghaidh go Ceist 2.

Ní féidir liom rud ar bith a dhéanamh i láthair na huaire. Níl na moltaí ag teacht le polasaí an Rialtais i dtaobh ardú céime agus ardú pá.

Top
Share