Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 May 1989

Vol. 389 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén méid airgid atá curtha ar fáil ina Roinn i mbliana le haghaidh saoráidí calaíochta i gceantair Ghaeltachta; agus cé na háiteanna a bhfuil an t-airgead le caitheamh.

Faoi mar atá foilsithe i Leabhar na Meastachán, tá soláthar £580,000 ar fáil do Roinn na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar mhuiroibreacha sa Ghaeltacht. Is chun freastal ar oibreacha feabhsúcháin sa Daingean agus ar Inis Meáin, Árainn, go Príomha a cuireadh an soláthar sin ar fáil.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil an meastachán sin suas nó síos ar 1988? Agus an bhféadfadh sé a insint an bhfuil aon phleananna sa Roinn maidir le saoráidí calaíochta a chur ar fáil do Oileán Thoraí, an áit a raibh sé féin tá cúpla seachtain ó shin?

Tá ardú ar an méid a bhí ann i gcomhair na bliana anuraidh agus na bliana roimhe sin. Bhí £340,000 curtha ar fáil i 1988 agus £380,000 i 1987. Maidir leis an gciest a chuir an Teachta faoi Oileán Thoraí, tá oifigeach sinsearach as Roinn na Mara ag tabhairt cuairte go luath ar an oileán le ceist na cé a mheas agus chun na moltaí atá ansin a mheas go dtí go bhfeicfidh sé cé ceann acu a chuirfí chun cinn. Mar atá a fhios agat, tá pleananna dá gcuid féin ag an comharchumann agus an coiste áitiúil a shíleann siad a bheas níos fábhraí don oileán ná na pleananna a bhí leagtha amach ag Bord na nOibreacha Poiblí, agus seo an rud a bheas ar siúl ag an oifigeach seo, an dá rud a mheas.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon phleananna le hairgead a chaitheamh nó feabhas a chur ar shaoráidí i gCladach na gCaorach, atá i lár na Gaeltachta i nDún na nGall, i gceantar Chill Chárthaigh, agus a bhfuil deacrachtaí móra acu i láthair na huaire? Tá mé cinnte go bhfuil a fhios aige an scéal. An bhfuil aon phleananna le haon rud a dhéanamh ansin, Cladach na gCaorach?

Mar atá a fhios ag an Teachta, níl aon innealtóir ag an Roinn féin. Bímid ag brath ar Roinn na Mara, nó roimhe seo ar Oifig na nOibreacha Poiblí, le moltaí a chur os comhair na Roinne, agus cuireann an Roinn an t-airgead ar fáil de réir mar a fhaigheann siad na moltaí ó na Ranna seo. Agus de réir cosúlachta níl, i láthair na huaire, moltaí ar bith i dtaobh na n-oibreacha atá luaite ag an Teachta.

Ar aghaidh linn go Ceist 2. There are priority questions. I feel sure I shall have the co-operation of all concerned in disposing of the five questions within the prescribed time laid down in Standing Orders.

Top
Share