asked the Taoiseach the grants which are available in the Gaeltacht areas for the reconstruction and building of new houses; and if he will make a statement on the matter.
Written Answers. - Gaeltacht Housing Grants.
Seo a leanas sonraí faoin gcúnamh atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929 go 1979 chun tithe a thógáil agus a fheabhsú:
1. Tithe Nua Cónaithe |
Achar urláir an tí i méadair chearnacha |
||
70 nó níos mó |
55 agus faoi 70 |
40 agus faoi 55 |
|
£ |
£ |
£ |
|
An deontas uasta chun teach a thógáil ina mbeidh córas uisce píopaithe agus séarchais, cúlchoire nó fearas dóite soladbhreosla eile a chuirfidh soláthar uisce ar fáil agus seomra folctha le huisce te. |
3,000 |
2,750 |
2,500 |
Beifear ag súil leis na saoráidí a luaitear thuas sa teach de ghnáth ach, mura féidir iad uile a chur ann, laghdófar an deontas cuí thuas.
Mura féidir le hiarratasóir teach a thógáil a mbeidh achar urláir 40m 2 ar a laghad ann breithneofar iarratas uaidh ar dheontas laghdaithe.
2. Tithe Cónaithe a Fheabhsú |
|
(a) Feabhsúcháin |
£ |
(i) Feabhsúcháin riachtanacha ar bhunchreatlach an tí |
2,300 |
(ii) Fuinneoga agus dóirse seachtrachta atá fabhtach a athnuachan. Ní sháróidh an deontais i leith oibreacha faoi 2 (a) (i), 2 (a) (ii), a dhéanfar le chéile suim £2,300 |
900 |
(b) Saoráidí Sláintíochta |
|
(i) Córas uisce píopaithe |
560 |
(ii) Córas Séarachais |
500 |
(iii) Seomra folctha le huisce te |
800 |
(iv) Seanchóras uisce agus séarachais a fheabhsú |
170 |
(c) Méaduithe Speisialta do Chuairteoirí |
|
Seomra breise a thógáil a mbeidh achar urláir 12m 2 ar a laghad ann agus a mbeidh báisín láimhe le soláthar uisce te agus fuar feistithe ann. |
270 |
Trí sheomra ar a mhéid a thuillfidh deontas agus is féidir iad a thógáil san aontráth nó i ndiaidh a chéile. |
|
Is le tithe atá ag iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta a sonraíodh ó 1956 i leith a bhaineann na deontais seo. |
|
Ní sháróidh an deontas i leith oibreachta faoi 2, a dhéanfar laistigh de thréímhse trí bliana, suim £3,000. |