Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Jul 1989

Vol. 391 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cumhachtaí Údarás na Gaeltachta.

17. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige feidhmeanna agus cumhachtaí breise a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

Faoi alt a 9 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, is féidir, chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair, cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás le hordú ón Rialtas. Níl gá leis an Acht a leasú. Sula bhféadfaí iarratas ar aon chumhacht bhreise ar leith a chur faoi bhráid an Rialtais, bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach —na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tUdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoi alt a 9 den Acht.

Tá mé buíoch den Taoiseach as ucht an eolais atá tughta aige don Teach. Tá sé ráite ag ball den Údarás a bhaineann lena pháirtí féin go bhfuil cás curtha ar aghaidh acu chuig an Aire ag iarraidh cumhachtaí breise. Glacann an Taoiseach leis gur fiú iniúchadh a dhéanamh faoin gcaoi ina bhfuil an tÚdarás ag oibriú amach. Faoi alt a 9 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a luaigh sé, tá sé ar chumas baill den Údarás cás a chur ar aghaidh go dtí an tAire. Anois, is féidir chomh maith, faoi alt eile, cumhachtaí a thabhairt don Údarás agus is féidir leis an Aire na cumh-achtaí breise a thabhairt. Séard a bhí i gceist agam, os rud é nach bhfuil tith-íocht, nó bóithre, a luamar cheana, á gcur ar fáil ag na húdaráis áitiúla, go mba chóir go mbeadh siadsan taobh istigh de chumhachtaí agus feidhmeanna an Udar-áis. Nach bhfuil meamram curtha go dtí an Roinn ag iarraidh na gcumhachtaí sin?

Ceist réasúnta mór atá againn anseo. Maidir le tithe, is dócha gur cheart deighilt a bheith ann idir an Údarás agus na comhairlí contae maidir leis na rudaí sin. Ach sin ceist go bhfuil gá a dhul isteach inti sula dtagaimid go dtí aon chinneadh ar athrú a dhéanamh. Tá Údarás nua ann anois, agus cathaoir-leach nua ann, agus má bhíonn aon mhol-adh á chur ag an Údarás nua féachfaimid isteach ann.

An mbeadh an Taois-eachm, mar Aire na Gaeltachta, báúil é féin do mholtaí chun leasú a dhéanamh ar an mbun-Acht, chun cumhachtaí agus feidhmeanna nua a thabhairt dá mba rud é go raibh muintir na Gaeltachta ina bhfá-bhar?

Bheadh gá ann go gcuir-feadh an tÚdarás cás chugam.

Mar is eol don Taoiseach féin, is ceantair thaitneamhacha iad na ceantair Ghaeltachta don turasóireacht agus lucht saoire. Nach n-aontódh an Taoiseach gur freagracht oiriúnach do Údarás na Gaeltachta forbairt na turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta a bheith faoina gcúram, mar atá á dhéanamh ag SFADCo cheana ina gceantar féin? An bhféachfadh an Taoiseach, mar Aire na Gaeltachta, agus an Rialtas go báúil ar iarratas mar sin ón Údarás i dtaobh fhorbairt turasóireachta sna Gaeltachtaí?

Níor thug mé freagra cheana ar an gceist mar nach bhfuil aon ghá an tAcht a leasú. Má chuireann an tÚdarás nua aon mholtaí chugam féach-faidh mé isteach sa scéal.

Top
Share