Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Dec 1989

Vol. 394 No. 5

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Cábla-charr do Inis Bigile (Contae Mhaigh Eo.)

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige cáblacharr a chur ar fáil do mhuintir Inis Bigile, Contae Mhaigh Eo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith agus a rá tuige nach ndearnadh cinneadh faoi go fóill.

Faoi mar is eol don Teachta, is obair an-chostasach a bheadh anseo. Is gá aon togra dá leithéid a mheas i gcomhlint le a lán tograí fiúntacha eile atá ag lorg cúnaimh. Tá sé sin á dhéanamh i gcónaí. Tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar an oileán a luaithe is féidir agus beidh deis agam an cheist a phlé le muintir an oileáin.

Os rud é nach bhfuil an Teachta Kenny i láthair ba mhaith liom ceist a chur ar an Taoiseach. An aontóidh sé liom go mbeidh díoma ar fad, agus cúis dhíoma ar mhuintir Inis Bhigil, nach bhfuil an Taoiseach in ann freagra níos deimhne a thabhairt ar an cheist seo. Cad é an saghas costais atá i gceist? Níl sé maith go leor a bheith ag geallúint cuairte chun an cheist seo a phlé nó a scrúdú. Cad é an saghas costais a bheidh ann? Tá sé seo á phlé le fada an lá.

Ba mhaith liom a rá nach rud nua é seo. Bhí an fhadhb seo ag an bhFreasúra nuair a bhí siad i gcum-hacht ag an am. Tá go leor roghanna agam agus tá an costas ag dul ó leathmhil-liún punt go dtí milliún go leith. Braith-eann sé ar an rogha. Chas mise leis na daoine seo cheana. Thug me cuairt ar gach oileán Ghaeltachta. Cuireann sé díomá orm nach bhfuil mé in ann cuairt a thabhairt roimh na Nollag, ach beidh mé ag tabhairt cuairte go luath. Tá mé dáiríre faoi seo. Is duine réadúil mé agus níl mé sásta cinneadh ar son cinnidh a thabhairt anseo inniú.

Questions nominated for Priority to the Minister for Justice and Communications. I shall require the co-operation of the Members concerned to dispose of these five questions within the prescribed time.

Top
Share