Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 1990

Vol. 396 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil sé ag beartú ar aon athruithe nó leasuithe a dhéanamh ar an scéim deontas a íoctar le daltaí scoile sna ceantair Ghaeltachta.

Cé go bhfuil athbhreithiú leanúnach á dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge mar atá ar gach scéim eile de chuid mo Roinne-se níl leasuithe sonracha beartaithe ar an scéim áirithe seo san am i láthair.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, bunaíodh an scéim seo na blianta ó shin, agus ceann de na rialacha a bhaineann leis an scéim a chothaigh deacracht sna Gaeltachtaí le blianta beaga anuas ná gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Is minic a dhéantar neamhiontas, déarfainn, de chumas cainte an dalta nuair nach í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh, agus cothaíonn sé sin deacracht. An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn aon rud a dhéanamh faoin deacrach sin: caighdeán maith Gaeilge ag an dalta, ach, mura mbíonn an Ghaeilge acu sa bhaile ní éiríonn leo an deontas a fháil agus cothaíonn sé sin deacrachtaí sna Gaeltachtaí.

Seo ceist fá dtaobh den deontas. Tá an cheist a cuireadh síos fá dtaobh den scéim é féin, ach níl sa scéim ach slat tomhais le haghaidh deontas. Mar a dúirt mé cheana, níl sé beartaithe againn é a athrú i láthair na huaire. Má tá an Ghaeilge ag na daltaí tá an £10 le bailiú acu. Is é ceann de na coinníollacha maidir le deontais ná go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an teaghlaigh, ach tuigim an pointe atá á dhéanamh ag an Teachta agus beidh mé sásta an cheist a scrúdú amach anseo.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, tá an deontas ag leibhéal £10 le blianta fada. Níl a fhios agam go díreach cé mhéid bliain. Ba ghnách £5 bheith ann ach £10 atá ann le fiche bliain ar a laghdú. An bhfuil aon phleananna nó an bhfuil an dearcadh ag an Roinn go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh air seo agus b'fhéidir é a ardú?

Ar ndóigh, cuireadh tús leis an scéim seo sa bhliain 1934 nuair a bhí £2 sa tseachtain le fáil chun cuidiú le daoine a bhí ar an ngannchuid. Sin an bunphriosabal a bhí leis. Ardaíodh é go dtí £5 sa bhliain 1946 agus arís go dtí £10 i 1965. Mar a dúirt mé go minic, dá n-ardófaí é seo go dtí £15 nó go dtí £20, ní dóigh liom go gcuideodh sé an oiread sin. Is é an prionsabal atá ann gur slat tomhais é seo le haghaidh na ndeontas. Tá ardú suntasach faighte ag mo Roinnse i mbliana, ardú de 27 faoin gcéad, agus tá an t-airgead breise sin atá sna meastacháin curtha ar fáil do mhná tí na Gaeltachta. Ach beidh mé ag breathnú ar an gceist sin amach anseo.

Deich bpunt sa bhliain 1965, cad is fiú é sin in 1990?

(Cur isteach.)

Ceist a 6 anois. We come now to questions nominated for priority. There are five such questions. Again I seek the co-operation of the Deputies and all concerned to dispose of these questions in the time allotted.

Top
Share