Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Feb 1990

Vol. 396 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers.

Eamon Gilmore

Question:

1 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Taoiseach cé hiad na dreamanna éagsúla a chuir tuarascáil nó moltaí os comhair an Rialtais i dtaobh bhunú Theilifís na Gaeltachta; agus cad iad na moltaí éagsúla atá á scrúdú faoi láthair.

D'fhoilsigh Meitheal Oibre a bhunaigh na hAirí Gaeltachta agus Cumarsáide tuarascáil maidir le ceist na teilifíse trí Ghaeilge i mBealtaine 1987 agus tá moltaí eile faighte ag mo Roinnse ó dhreamanna éagsúla a bhfuil suim acu sa cheist seo. Tá tuairimí nochtaithe freisin faoin ábhar ag daoine aonaracha agus tá na moltaí go léir, mar aon leis na moltaí sa tuarascáil a d'ullmhaigh Údarás na Gaeltachta, á meas againn.

An féidir leis an Aire a rá go cruinn cé comh fada is a mbeimid ag fanacht go dtí go mbeidh an scrúdú go léir sin críochnaithe? An dtógfaidh sé cúpla seachtain, roinnt míosanna nó an mbeidh aon dul chun cinn déanta i mbliana?

Pléadh an t-ábhar seo go léir an tseachtain seo caite le ceist ón Teachta Gilmore ach, más gá, tabharfaidh mé an t-eolas arís.

Níor thug tú na freagraí dúinn an t-am deireannach ach an oiread.

Más gá, tabharfaidh mé an t-eolas arís. Tá an tuarascáil faighte againn. Tá sé curtha anois go dtí an Roinn Cumarsáide, agus beidh mé féin agus an tAire Cumarsáide á plé amach anseo. Ach nílimid ag dul ag glacadh cinnidh ar son cinneadh a ghlacadh os rud é go bhfuil brú ag teacht ó dhaoine istigh san Teach. Caithfimidne san Rialtas an rud ceart a dhéanamh. Cé go raibh RTÉ ag plé le Údarás na Gaeltachta go dtí seo, beimidne agus an Roinn Cumarsáide i gcomhairle le RTÉ os rud é go bhfuil an saineolas acusan. Beidh roghanna éags-úla ansin agus beimid ag cur na roghanna sin faoi bhráid an Rialtais nuair a bheimid réidh.

An dtuigim ón Aire Stáit go bhfuil an tuairisc idir-Ranna a cuireadh ar fáil i 1987 á scrúdú? An bhfuil sé sin fíor?

Tá sé mar chuid leanúnach den scrúdú go léir, agus an scrúdú sin a rinne an tAire Cumarsáide agus Aire na Gaeltachta ag an am sin ar fad, tá sé againn, agus is cinnte go mbeimid ábalta lán-úsáid a bhaint as na moltaí sa tuarascáil seo.

Sílim nach raibh na tearmaí tagartha i leith breis Gaeilge a chur ar RTÉ ag baint le seirbhís Ghaeilge úr a bhunú ach le breis ábhar a chur ar fáil ar RTÉ as Gaeilge.

Tá na ceisteanna ró-fhada.

Is cinnte gurb é sin an scéal ach os rud é go bhfuil an tuarascáil seo againne beidh sé an-tábhachtach úsáid a bhaint as an tuarascáil sin chomh maith le tuarascáil Theilifís na Gaeltachta, agus fuair an Teachta Gilmore cóip den cheann eile freisin.

An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú anseo inniu go gcuirfear seirbhís theilifís úr don Ghaeltacht ar fáil agus nach bhfuil i gceist aige an seirbhís atá á cur fáil ag RTÉ a leathnú?

Cuireann sé ionadh orm go bhfuil an Teachta De Rossa ag fiafraí an bhfuil sé i gceist againn seirbhís a chur ar fáil don Ghaeltacht amháin. Tá an tír seo i bhfad níos mó ná an Ghaeltacht. Tá 80,000 daoine sa Ghaeltacht. Tá níos mó na milliún daoine taobh amuigh den Ghaeltacht, agus caithfimidne freastal ar an tír go léir. Beimid ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil agus ag freastal ar an tír ar fad. Tá go leor teorainneacha san tír seo gan ceann eile a tharraingt ó thuaisceart go deisceart na hÉireann.

Ceist deireannach ón Teachta J. Higgins.

(Cur isteach.)

Iarraim ar an Teachta De Rossa suí síos. An Teachta Higgins gan cur isteach.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire Stáit, os rud é gur gheall a pháirtí go soiléir le linn an olltoghcháin deireannach go mbeadh an seirbhís i bhfeidhm sar i bhfad, an bhfuil muinín aige anois go mbeidh sé i bhfeidhm roimh an chéad olltoghchán eile?

Ceist a 2. We have come to deal with questions nominated for priority to the Minister for Justice and for Communications. Fifteen minutes only is provided for dealing with these questions, as the House will be aware.

Top
Share