Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Mar 1990

Vol. 396 No. 6

Written Answers. - Halla Spóirt do Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Dinny McGinley

Question:

26 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil aon phleananna aici halla spóirt a thógáil ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair, i gContae Dhún na nGall; agus an ndéanfadh sí ráiteas ina thaobh.

Braitheann tionscadáil tógala iarbhunscoileanna ar líon na n-acmhainní caipitil atá ar fáil agus ar na ceangail eile atá ar mo Roinn maraon leis na tosaíochtaí atá aici. Ní mór, le blianta beaga anuas, na hacmhainní atá ann a úsáid chun an chóiríocht seomraí ranga is riachtanaí a chur ar fáil. Sna tosca, ní féidir liom a rá, faoi láthair, cathain a bheidh airgead ann chun deontas a cheadú le haghaidh halla corpoideachais i bpobalscoil Ghaoth Dobhair.

Top
Share