Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Apr 1990

Vol. 397 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teorainneacha na Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Question:

8 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil sé sásta le teorainneacha na Gaeltachta, mar a leagadh síos iad i 1956, ó thaobh staid réadúil na teanga de; mura bhfuil, an bhfuil sé beartaithe aige athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha; agus má tá, cén uair.

Faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur limistéir Ghaeltachta limistéir shonraithe, is limistéir ar Ghaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus limistéir ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad a áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh mar ghnáth-urlabhra. Rinneadh ceithre ordú den chineál sin, i.e., Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956, 1967, 1974 agus 1982.

Aithnítear go coitianta nach bhfuil labhairt na Gaeilge, mar ghnáth-urlabhra nó mar ghnáthmheán chumarsáide, chomh folláin nó chomh forleathan agus ba mhaith linn í a bheith sa Ghaeltacht ina hiomláine. Tá sí beo bríomhar mar theanga pobail i go leor ceantar, áfach, agus níor chóir bheith éadóchasach faoina todhchaí. Caithfear bheith ag brath cuid mhaith ar na pobail éagsúla chun an teanga a shlánú. Ar ndóigh ní mór tacaíocht chuí a bheith ar fáil ón Stát chomh maith leis an nGaeltacht a chaomhnú mar thobar ár dteanga agus ár n-oidhreachta agus is chuige sin a chuireann mo Roinn-se cúnamh ar fáil, trí scéimeanna éagsúla, agus trí Údarás na Gaeltachta, chun gach gné de shaol na Gaeltachta a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag a muintir chun fostaíocht shocrach a fháil agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu.

Nuair a sonraíodh na limistéir oifigiúla i 1956 samhlaíodh go bhféadfaí an Ghaeilge a. chaomhnú sna ceantair ina raibh sí láidir ag an am sin agus í a thabhairt chun cinn de réir a chéile sna ceantair eile ina raibh sí lag mar ghnáth-urlabhra. Is cinnte go bhfuil cumas Gaeilge ag daoine sna ceantair laga agus leanfar le hiarrachtaí chun í a láidriú iontu. Ní dóigh liom go mbeadh sé praiticiúil nó tairbheach ag an bpointe seo, áfach, na limistéir a ath-tharraingt go hiomlán le freagairt go geografach amháin ar an staid reatha a mheastar atá ag an nGaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. B'fhearr i bhfad, dar liom, go leanfaí leis an obair spreagúil atá ar siúl ag mo Roinn-se agus ag Údarás na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht agus ag Bord na Gaeilge lasmuigh di, agus ag na heagrais dheonacha go léir a bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu ag spreagadh agus ag gríosú pobal i dtreo polasaithe forbartha teanga.

Tá súil agam go raibh an tAire Stáit ag labhairt ar son Aire na Gaeltachta chomh maith leis an Taoiseach. Tá súil agam fós go mbeidh an tacaíocht chuí a bhí i gceist aici ag teacht ón Taoiseach féin agus go mbeidh sé ar a chumas uair éigin ceist ar Ghaeilge a fhreagairt sa Teach seo.

An nglacann an tAire Stáit go bhfuil na teorainneacha atá ann faoi láthair faoi Acht 1956 teibí na laethanta seo agus b'fhéidir gur glacadh iad ar bhonn tíreolaíochta amháin agus nach bhfuil sé ceart glacadh leo mar áiteacha in a labhartar an Ghaeilge go hiondúil agus go minic na laethanta seo? Nach mbeadh sé i bhfad níos ionraic glacadh leis go bhfuil an Ghaeilge á labhairt in áiteacha éagsúla agus nach bhfuil sé á labhairt, fiú go bhfuil daoine ag tarraingt deontas——

Tá na ceisteanna ró-fhada.

Bhí an freagra fada.

Gan dabht. Aontaím leat.

Is é an bunús a bhí leis na leasuithe, mar a dúirt mé ar dtús, ná gur cheart an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú sna ceantair a raibh sí láidir iontu, agus ansin gur cheart chuile iarracht a dhéanamh í a chur chun cinn sna ceantair a bhí in aice leis na limistéir Fíor-Ghaeltachta. Ach má tá ceantair i dtoghlach an Teachta Higgins a gceapann sé gur cheart iad a ghlanadh amach as an Ghaeltacht, má chuireann sé liosta díobh sin ar fáil don Roinn, beidh an Roinn sásta breathnú orthu.

Tá mé an-bhuíoch den Aire Stáit as ucht an chuiridh sin, ach séard atá i gceist agam ná go gcuirfí deireadh leis an cur i gcéill maidir le úsáid na Gaeilge agus le stádas na Gaeilge. Mar shampla, má tá an tAire Stáit ag brath ar theorainneacha 1956, níl éinne atá ag plé le cúrsaí Gaeilge ná le forbairt na nGaeltachtaí a ghlacann go bhfuil na teorainneacha sin fíor.

Tá go leor cainte ag dul thar timpeall go bhfuil daoine ag fáil deontas i gceantair den chineál sin atá i limistéir 1956 agus nár cheart dóibh a bheith á bhfáil. Má thógaim mo thoghlach féin agus toghlach an Teachta Higgins, tá thart ar míle teach cónaithe i gceantair limistéir 1956; as an míle teach sin rinneadh 109 iarratas ar dheontais tithíochta Gaeltachta, agus as an 109 iarratas fuair 38 gclann deontas. Fuair siad sin deontas ar an mbonn gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga teaghlaigh, ní ar aon bhunús eile. Creidim go dtaispeánann sé sin go bhfuil tacaíocht dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta í a úsáid mar ghnáth-theanga teaghlaigh agus nach bhfuil an tacaíocht ann dóibh siúd nach bhfuil sásta é sin a dhéanamh.

Top
Share