Go bunúsach, níl aon airgead breise ag mo Roinnse. Bhí dhá chéad míle ag mo Roinn anuraidh agus tá an tsuim chéanna againn i mbliana. Caitear an chuid is mó den airgead sin ar na bóithre áise agus na bóithre portaigh. Scríobh mé chuig an Aire Comhshaoil tamall ó shin, os rud é go bhfuil cúram bóithre na Gaeltachta orm — níl freagracht na mbóithre contae nó na mbóithre réigiúnacha orm, áfach — faoi cheist seo na mbóithre agus chuir sé in iúl dom go bhfuil £63 mhilliún le caitheamh i mbliana ar bhóithre réigiúnacha agus ar bhóithre chontae i gcomparáid le £47.4 mhilliún a bhí ar fáil anuraidh, agus £33.4 mhilliún i 1988. Is ardú suntasach é sin i gcomparáid leis an méid a bhí le fáil ón Chomhrialtas idir 1982 agus 1987.
Mar is eol don Teachta, tá sé tábhachtach go mbeadh airgead ar fáil le haghaidh na mbóithre portaigh agus na mbóithre áise. Níl airgead le fáil ó rannóg Stáit ar bith eile. Anuraidh caitheadh cuid den airgead seo ar bhóithre na Gaeltachta i gContae na Gaillimhe, ach bhí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe 50 faoin gcéad den mheastachán a chur ar fáil. Sin an méid gur féidir linn a dhéanamh.