Agus mé ag seoladh an fhoilseacháin sin go hoifigiúil, dúirt mé gur obair chruthaitheach a bhí ann cé go bhfuil fírinní searbha, b'fhéidir, curtha faoinár mbráid ag an údar. Aithnítear go coitianta nach bhfuil labhairt na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra chomh folláin nó chomh forleathan agus ba mhaith linn í a bheith sa Ghaeltacht ina hiomláine, agus tagann na conclúidí san fhoilseachán leis an méid sin. Mar sin féin, caithfear a rá go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar mar theanga pobail in a lán ceantair Ghaeltachta agus níor chóir bheith éadóchasach faoina todhchaí. Ní fhágtar gan dóchas muid tar éis an foilseachán seo a léamh.
Cé go mbíonn athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar scéimeanna mo Roinnse, níl leasuithe sonracha beartaithe de thoradh an fhoilseacháin seo ach scrúdófar na moltaí ann maidir le sonraí breise a sholáthar i ndáil le feidhmiú scéim labhairt na Gaeilge. Tá clár ríomhaireachta á réiteach ag mo Roinnse faoi láthair chun freastal ar an scéim áirithe seo.
Leanfar leis na scéimeanna atá á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe leis an Ghaeilge a chaomhnú mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair ina bhfuil sí fós amhlaidh. Leanfar fosta leis na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a láidriú sna ceantair a bhfuil sí níos laige iontu. Tá léirithe ag údar an fhoilseacháin seo gur fearr a sheas an teanga an fód in áit a raibh fostaíocht ar fáil, agus molann sé tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an tionchar atá ag deiseanna fostaíochta agus deiseanna oideachais ar chaomhnú na teanga.