Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Jun 1990

Vol. 400 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cuairt ar Roinn na Gaeltachta.

Jim Higgins

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. J. Higgins den Taoiseach cé na dátaí ar thug sé cuairt oifigiúil nó neamhoifigiúil ar Roinn na Gaeltachta.

Faoi mar a dúirt me anseo leis an Teachta ar 12 Nollaig seo caite, tá Aire Stáit ceaptha agam — an Teachta Pat The Cope Gallagher — a bhfuil cúram sonrach air i ndáil le Roinn na Gaeltachta. Bíonn plé rialta agam leis an Aire Stáit agus le hoifigigh na Roinne de réir mar is gá.

Níl amhras ar bith ormsa ach go bhfuil an Teachta Pat the Cope Gallagher, ag déanamh job an-mhaith ar fad mar Aire Stáit, ach nuair a chuir mé an cheist seo ar an Taoiseach anuraidh, bhí sé soiléir ón fhreagra a thug sé dom ar an ócáid sin nár leag sé cos fiú amháin taobh istigh de thairseach Roinn ag Gaeltachta i Sráid na Mórchánalach; agus d'fhiafraigh mé de ar thuig sé gur chúis an-díomá ar fad do na daoine atá fostaithe ann nár leag an Taoiseach a chos taobh istigh den Roinn.

Ó am go ham tagann na hoifigigh seo chugamsa i mo oifig agus bím ag plé na gceisteanna sár-thábhacht-acha leo. Ní dóigh liom gur gá domsa dul anonn go dtí an oifig ina bhfuil siadsan nuair atá siad in ann teacht chugamsa.

The mountain comes to Mohammed. Ach, an dtuigeann an Taoiseach, os rud é go bhfuil sé in a Aire Gaeltachta chomh maith le bheith in a Thaoiseach, go bhfuil oibleagáid air corr-chuairt a thabhairt ar an Roinn, agus ní amháin ar Roinn na Gaeltachta ach ar na ceantair Ghaeltachta chomh maith, agus go dtaispeánann sé seo nach bhfuil sé dáiríre agus nach bhfuil meas madra aige ar chúrsaí Gaeltachta.

Bhí mé chun an pointe céanna a dhéanamh: tá sé i bhfad níos tábhachtaí go rachainn go dtí na limistéir Ghaeltachta ná go rachainn thart go dtí na hoifigigh. Bím sa Ghaeltacht, i ngach cearn den Ghaeltacht, ó am go ham.

An cheist dheir-eanach, le do thoil, a Theachta.

An féidir liom geallúint a fháil ón Taoiseach, nuair a bheidh a Uachtaránacht istigh ag deireadh na míosa seo go dtabharfaidh sé a chéad-chuairt an Roinn na Gaeltachta mar is cuí?

Beidh mé sa Ghaeltacht chomh luath agus is féidir liom.

Question No. 6. These are questions nominated for priority and I ask the co-operation of Deputies asking questions so that I may dispose of the questions within the prescribed time.

Top
Share