Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Jun 1990

Adjournment Debate. - Gairmscoil i gContae na Gaillimhe.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leat, a Cheann Comhairle, as ucht an seans a thug tú dom an cás seo a thógáil. Tá práinn ag baint leis an chás seo, mar is cuimhin liom go raibh seans againn an rud a phlé nuair a bhí an Teach ag imeacht ar athló, an 4 Bealtaine 1989, agus tá tagairt déanta dó sin sa Tuairisc Oifigiúil, colún 1394, Imleabhar 389. Ag deireadh na díospóireachta ar an ócáid sin, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Oideachais, an Teachta Fahey: "I agree completely with the Deputy in the case he has made in regard to this school." Agus téann sé ar aghaidh:

The facilities in all the technical subject rooms are obsolete. I accept that many of the science subjects are taught in general subject rooms. Physics and chemistry are taught in classrooms that do not have any facility for practical work. French is being taught in the metalwork room. In general, the accommodation in this school is grossly inadequate. We have reached tender stage, but while I am anxious to accede to the Deputy's request to put the project out to tender, it is not possible for me to do so, or to say when we will be able to take the next step.

Sa mhí chéanna thug an tAire Stáit le tuiscint do na tuismitheoirí go mbeadh na feabhsúcháin ar an scoil ar siúl, sin an 4 Bealtaine 1989. Ina dhiaidh sin, sa Tuairisc Oifigiúil de 27 Márta 1990, ag colún 1217, imleabhar 397, chuir mé ceist, Uimh. 175, ar an Aire Oideachais agus dúirt sí:

Chomh luath is a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe, tiocfar ar bhreith maidir le hiarratas tógála na scoile.

Is é sin an gheallúint a bhí tugtha ag an Aire Stáit do na tuismitheoirí agus do na múinteoirí, go mbeadh na feabhsúcháin curtha i gcrích. Ní raibh said ann i mí na Márta 1990. Bhí cruinniú againn go léir leis na tuismitheoirí agus le muintir na háite roimhe sin i 1989. Ar an 5 Nollaig 1989, scríobh cathaoirleach thuismitheoirí Ghairmscoil Cholmchille chuig an Uasal Cathal Ó hEochaidh, Aire na Gaeltachta:

A Aire Uasail,

Mar is eol duit, bhí cruinniú ag an gCoiste Tuismitheoirí leis an Aire, Proinsias Ó Fathaigh, TD, fé dhó agus freisin, fé dhó, leis an Aire Oideachais maidir le leathnú na gairmscoile thuasluaite.

Mar sin féin, tá an-imní fós ar na tuismitheoirí go léir maidir leis an éiginnteacht a bhaineann leis an gcás seo uilig.

Mar sin is uile, iarraimid anois ortsa agus ar Aire an Oideachais, Máire Bn. Uí Ruairc, TD, comh-chruinniú a shocrú idir an Coiste Tuismitheoirí agus an bheirt Aire, Aire na Gaeltachta agus Aire an Oideachais.

Bheadh muid an-bhuíoch as ucht seo a chur ar fáil dúinn chomh luath agus is féidir, ach é bheith roimh an Nollaig.

Mise le meas,

Ruaidhrí Ó Tuathail.

Táimid ag caint faoi láthair faoi scoil, an t-aon ghairmscoil i gcroí na Gaeltachta, áit inar tógadh Máirtín Ó Cadhain, mar shampla, agus sa scoil sin níl ach trí leithreas chun freastal ar chéad cailín agus seachtar banmhúinteoirí, agus trí leithreas chun freastal ar chéad buachaill agus ochtar fear. Baintear úsáid as an leithreas mar sheomra cótaí; níl aon seomra gléasta do bhuachaillí ná cailíní. Chomh maith leis sin, tá péire de na seomraí réamhdhéanta, agus tá siad fós in úsáid agus iad os cionn 20 bliain d'aois. Tá dhá sheomra ar iasacht ó Údarás na Gaeltachta. Caithfear dul trasna phríomhbhóthar na Gaillimhe-Cois Fharraige seacht n-uaire in aghaidh an lae chun freastal ar ranganna sna seomraí seo.

Tá na háiseanna sna seomraí, mar tá a fhios ag an Aire Stráit, cuid mhaith as dáta. Níl aon chúirt chispheile ann, níl aon halla spóirt, níl seomra bia ag na scoláirí. Tá an scoil tógtha ar acra talún agus tá contúirt anois ann go gcaillfear an talamh breise a bhí le fáil, toisc nach bhfuil aon chinneadh déanta fós an t-airgead a chaitheamh air.

Tá an-phráinn ag baint leis an gcás seo agus tá sé thar am dul i mbun réiteach na ceiste. An tábhacht atá ag baint leis ná, nuair a rinne mé teagmháil leis an Roinn Phleanála den Roinn Oideachais, dúirt siad liom ar an Luan, 18 Meitheamh, nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil fós don scoil. Níl haon mhaith don Aire Oideachais a rá liom go bhfuil sí sásta cruinniú a shocrú, mar shampla, idir Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe agus an Aire Oideachais nó fiú an Aire Stáit, mar táimid bréan de chruinnithe. Ag an chruinniú roimhe thug an tAire Stáit, an Teachta Fahey, a fhocal do na tuismitheoirí go ndéanfaí an leathnú ar an scoil, chomh maith leis na feabhsúcháin atá riachtanach agus práinneach.

Chomh maith leis sin, tá daoine ag caint, mar shampla, faoin scoil a cheangal le meánscoil sa Spidéal. Thug mé féin cuairt ar an scoil, agus bhí mé ag cruinniú poiblí leis na tuismitheoirí, na múinteorí agus muintir na háite. B'fhéidir go bhfuil eolas faoi sin ag Aire Stáit Roinn na Gaeltachta féin, an Teachta Pat the Cope Gallagher, agus tá mé buíoch de as teacht isteach chun an cheist a chíoradh liom. Is í an mhórthábhacht a bhaineann leis an scoil seo ná go bhfuil dílseacht di ag na múinteoirí, ag na tuismitheoirí, ag muintir na háite ach ní féidir an dílseacht a choinneáil léi mura dtugtar a gcearta do mhuintir na háite maidir leis na deisiúcháin atá práinneach agus atá riachtanach.

Ba mhaith liom i dtosach leithscéal an Aire Stáit, an Teachta Fahey, a ghabháil os rud é go bhfuil sé as an tír. Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cur as don scoil Ghaeltachta seo faoi láthair, go háirithe nuair atá foirgneamh breise trasna an bhóthair ón scoil féin á úsáid mar fhoirgneamh shealadach, Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé deacair ranganna a eagrú mar gheall air sin. Ní miste a mhíniú go bhfuil sé riachtanach ag an Roinn breathnú ar na hiarratais uilig maidir le cóiríocht bhreise agus a dheimhniú go dtabharfar tosaíocht do na cásanna is mó fiúntais.

Tuigtear go maith an drochdhóigh atá ar ghairmscoil Indreabháin. Ba mhór an sochar don fhoirgneamh feachtas tógála ar bith a bheadh beartaithe dó. Dá thairbhe sin, tuigim an fonn atá ar na húdaráis scoile, ar na múinteoirí, na tuismitheoirí agus ar na daltaí, go gcuirfí tús leis chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, caithfear a thuiscint go bhfuil obair bheacht, chasta le déanamh le cóiríocht bhuan a sholáthar a bheas de réir riachtanais fhoireann deartha na Roinne. Ní miste fosta súil ghéar a choinneáil ar riachtanais chóiríochta na scoile. Is gnách go gcuireann sin le fad an tsaothair ach ní féidir pleanáil mar is ceart a dhéanamh gan é.

I gcás Indreabháin tá an phleanáil ailtireachta agus deartha curtha i gcrích chomh fada le hullmhú na mbillí cainníochtaí ach is iomaí scéim tógála eile don dara leibhéal atá ar bhealach a ndeartha agus tá forbairt gach cinn acu ag brath ar an airgead caipitil atá le fáil agus na gealltanais atá tugtha faoi dháiliú an airgid sin. Ar an drochuair, is ar éigean gur leor an soláthar airgid do na gealltanais sin a tugadh, rud a fhágann nach féidir tógraí ar nós Indreabháin a fhorbairt mórán ag an bpointe seo. Rud eile, an srian atá ar chaiteachas, cuireann sé iachall ar an Roinn gach tógra tógála a mheas i gcomhthéacs chúrsaí daonra gach ceantair sna blianta atá amach romhainn.

Mar sin de, caithfear breathnú arís ar gach feachtas tógála, agus gairmscoil Indreabháin a measc, féachaint an bhfuil siad ag freagairt do na riachtanais chóiríochta atá ann san am i láthair agus a bheidh ann san am atá le teacht. I gContae na Gaillimhe thit líon na mbreitheanna, sna blianta 1980 go dtí 1988, ó 3,637 go 2,600 nó 2,700, sin titim 25 faoin gcéad. Tá sé seo inchurtha leis an titim i gcoitinne ar fud na tíre. An scéal mar atá sé anois, níl cuma ar bith air go gcuirfear stad nó moill féin leis an titim sin. Tuigfidh an Teachta, mar sin, go bhfuil sé riachtanach breathnú go cúramach ar gach feachtas caipitil agus na hathruithe sa phatrúin daonra a chur san áireamh.

Tá scoil eile, Coláiste Croí Naofa, an Spidéal, atá ceithre mhíle ar shiúl, agus san abhantrach chéanna le gairmscoil Indreabháin, agus is é 484 líon na ndaltaí uilig sa dá áit le chéile faoi láthair. Mar atá ráite agam, tá na huimhreacha ag laghdú faoin cheathrú cuid. Ardaíonn seo ceist eile, an mbeadh sé cóir san fhadtéarma an dá iarbhunscoil seo a fhágáil mar atá siad agus coimhlint bhuan eatarthu faoi líon daltaí atá ag dul i laghad go rialta. Ag amharc siar dúinn i gceann dhá scór bliain eile, abair, an mbeimis sásta gurbh é seo an réiteach ab fhearr don cheantar i dtéarmaí oideachais ó thaobh chúinsí sóisialta nó chúinsí airgid. Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta liom go bhfuil sé de dhualgas ar an Roinn machnamh domhain, cuimsitheach a dhéanamh ar na rudaí seo sula dtiocfaidh siad ar shocrú bhuan i leith na gairmscoile in Indreabhán.

The Dáil adjourned at 1.35 a.m. on Thursday, 28 June 1990, until 10.30 a.m.

Top
Share