Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jul 1990

Vol. 401 No. 1

Ceisteanna — Questions Oral Answers. - Bunú Tionscal i nDún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

1 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil comhráití ar siúl maidir le tionscal le cúpla céad post a bhunú i nGaeltacht Dhún na nGall, cén áit go díreach a mbeidh an tionscal lonnaithe, cad a bheidh á tháirgeadh agus cén uair a bheas sé faoi lán seoil.

Bíonn comhráití agus idirbheartaíocht ar siúl go leanúnach ag Údarás na Gaeltachta le tionsclóirí éagsúla chun tionscail fhiúntacha a aimsiú do na limistéir Ghaeltacht agus tuigfidh an Teachta nach gnách sonraí a fhoilsiú faoi aon togra ar leith go dtí go mbíonn comhaontú ina thaobh i bhfeidhm idir an tÚdarás agus na príomhaithe.

Tá mé ag tagairt go speisialta do na tuairiscí a bhí sna páipéir náisiúnta le cúpla deireadh seachtaine agus go díreach sna páipéir áitiúla chomh maith maidir le mórthionscal atá ag dul isteach i nDún na nGall, áit a bhfuil géarghá le fostaíocht a chur ar fáil, mar tá 1,500 duine dífhostaithe ansin i láthair na huaire. Bhí mé ag cur ceiste go speisialta faoin tionscal sin: an bhfuil sé socraithe go bhfuil sé ag teacht agus cén áit a mbeidh sé, mar tá caint faoi ar fud na tíre agus bhí mé ag súil go mbeadh níos mó eolais ag an Aire Stáit ina thaobh.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil fadhb mhór ansin, fadhb dhífhostaíochta agus fadhb na himirce, agus go bhfuil níos mó eolais agam. Ach caithfear a rá go mbíonn coimhlint idir an Údarás agus an Údarás Forbartha Tionscail i dtíortha eile, go mbíonn coimhlint eatarthu nuair a bhíonn siad ag iarraidh tionsclóirí a mhealladh chuig an tír seo agus chuig an Ghaeltacht go háirithe. Ní dóigh liomsa go mbímid ag cuidiú leis an fheachtas sin atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta má táimid chun an cheist seo a phlé go poiblí anseo. Níl cinnteacht ar bith ann go fóill.

Mar a dúirt mé, bíonn comhráití agus idirbheartaíocht ar siúl ag Údarás na Gaeltachta go leanúnach faoi Ghaeltacht Dhún na nGall agus na Gaeltachtaí éagsúla. Tá súil agam go dtuigfidh an Teachta McGinley an rúndacht atá ag baint le cásanna mar seo. Táimid ag iarraidh cuidiú le hÚdarás na Gaeltachta agus nuair atá údaráis i dtíortha eile ag coimhlint linn, ní shílim go bhfuilimid ag cuidiú, mar a dúirt mé, má bhíonn an cheist á plé go poiblí.

Táimid go léir ar aon intinn go bhfuil géarghá le fostaíocht, mar tá 1,500 dífhostaithe i nDún na nGall amháin, gan trácht ar na Gaeltachtaí eile. An féidir leis an Aire a rá an bhfuil an tionscal pléite ag bord na Údaráis féin agus, uimhir a dó, ó tharla gur dhúirt sé go mbíonn iomaíocht idir an tÚdarás agus an IDA an í tuairim an Aire, nó an bhfuil an taire sásta go bhfuil, mar a deir sé, an pháirc cothrom, go bhfuil an seans céanna agus na buntáistí céanna ag an Údarás agus atá ag an IDA nuair a bhíonn tionscail á mealladh?

Níor dhúirt mé go bhfuil coimhlint sa chás seo idir Údarás na Gaeltachta agus Údarás Forbartha Tionscail. Is é an rud a dúirt mé go mbíonn coimhlint idir an Údarás agus údaráis fhorbartha tionscail i dtíortha eile. Agus tá sé sin ann. B'fhearr liomsa gan a thuilleadh a rá. Tá mé, ag obair agus ag tabhairt tacaíochta d'Údarás na Gaeltachta agus ní dóigh liom go bhfuil sé ag cuidiú leis an chás seo má leantar lena phlé go poiblí.

Tá sé á phlé go hoscailte sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla. An cheist ar mhaith liom a chur ná, an aontaíonn an tAire leis na tuairimí atá sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla maidir leis an tionscal seo le trí seachtain anuas. Ní haon rud úr é. Tá sé á phlé i láthair na huaire. Tá sé á phlé, fiú amháin, ar Raidió na Gaeltachta. Mar sin, ní shílim——

Tá na ceisteanna rófhada ar fad.

Tá mé ag rá arís, agus tá a fhios ag gach duine, os rud é nach bhfuil na comhráití seo críochnaithe, nach maith an rud bheith ag plé seo. Tá suim ag údaráis fhorbartha tionscail i dtíortha eile san ábhar seo agus níl an cheist á plé go poiblí. B'fhearr liomsa fanacht, mar sin, agus, chomh luath agus tá an cheist réitithe beidh mé lánsásta cibé eolas atá de dhíth a thabhairt.

Questions Nos. 2, 25 and 29 together. These are questions nominated for priority. I crave the indulgence and support of the Members to try to ensure that they are disposed of within the prescribed time.

Top
Share