Eamon Gilmore
Question:58 Mr. Gilmore asked the Taoiseach if he will outline the progress being made in relation to plans for improving the landing facilities at Tory Island, County Donegal.
Vol. 402 No. 3
58 Mr. Gilmore asked the Taoiseach if he will outline the progress being made in relation to plans for improving the landing facilities at Tory Island, County Donegal.
Chun go bhféadfar an t-eolas cuí a fháil chun ceist na saoráidí calaíochta ar Oileán Thoraí a mheas, ní miste staidéar mionshamhail a dhéanamh ar na tonnta tar éis suirbhé hiodragrafach agus suirbhé topagrafach a bheith déanta. Tá na suirbhéanna sin déanta cheana féin agus tá na torthaí á scrúdú faoi láthair. Sula ndéanfar staidéar mionsamhail ar na tonnta, ní mór an dá leibhéal uisce ag an oileán (meán-tomhas uasta agus meán-tomhas íosta) a dheimhniú agus, os rud é nach bhfuil sonraí ordanáis ar fáil don oileán, tá na socruithe cuí á ndéanamh chun doimhneacht an uisce a thomhas.
Tuigtear go dtógfaidh sé trí mhí chun na figiúirí cuí a bhailiú agus déanfar an staidéar mionsamhail ar na tonnta a luaithe is féidir dá éis sin.
Tá deontas lánchostais de £66,000 ceadaithe ag mo Roinnse do na suirbhéanna éagsúla agus don staidéar mionsamhail.