Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Nov 1990

Vol. 402 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Areas Employment Creation.

Dick Spring

Question:

1 Mr. Spring asked the Taoiseach if he will outline his plans for new employment creation in Gaeltacht areas.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta d'fhonn tionscail fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus leanfar go dícheallach leis an obair sin. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, bhí 5,340 duine fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1989 i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón Údarás.

Ar ndóigh, teipeann ar roinnt de na tionscnaimh luath nó mall, faoi mar a tharlaíonn ar fud na tíre, agus caithfear glacadh leis go bhfuil deacrachtaí móra le sárú sa Ghaeltacht atá, den chuid is mó, i bhfad ar shiúl ó na margaí. An méid a chaitheann an tÚdarás ó bhliain go bliain ar mhaithe le forbairt tionscail, is mó é go mór, pro rata, ná mar a chaitear sa chuid eile den tír.

An bhfuil an tAire Stáit in ann an 5,340 post a chur i gcomhréir leis an líon daoine a bhí cláraithe mar dhaoine dífhostaithe sa tréimhse chéanna?

Níl an mioneolas sin agam inniu, ach cuirfidh mé an t-eolas ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.

Tá mé buíoch den Aire Stáit ach, murar féidir leis freagra a thabhairt dom ar an gceist sin tráthnóna, an féidir leis an líon post céanna a chur i gcomhréir leis an ráta imirce as na Gaeltachtaí, agus nach n-aontaíonn sé go bhfuil an ráta imirce agus an ráta dífhostaíochta i bhfad níos mó ná an méid coitianta don tír ar fad?

Ar ndóigh, is dócha go bhfuil a fhios ag an Teachta nach bhfuil an cineál sin eolais agam anseo. B'fhéidir go mbeidh mé ábalta é a fháil ó mo Roinn féin ach, mura mbím, déanfaidh mé iarracht é a fháil dó. Is fadhb mhór í fadhb na himirce agus fadhb na dífhostaíochta, agus glacann muid go léir leis sin, ach ceapaim gur féidir a rá nach bhfuil sé chomh holc i láthair na hauire agus a bhí sé idir 1982 agus 1987. Tá muinín ag muintir an tíre seo as eacnamaíocht na tíre, agus tá an ráta úis réasúnta íseal. Tá an ráta boilscithe íseal agus tá an aeráid gheilleagrach i bhfad níos fearr sa tír. Aontaím leis an Teachta gur fadhb é agus tá dualgas orainn go léir, orm féin sa Roinn agus ar Údarás na Gaeltachta, poist bhuana a chruthú sa Ghaeltacht, agus leanfaidh muid ar aghaidh leis an obair sin.

Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit leis an dearcadh atá ar fud na Gaeltachta go bhfuil an ráta imirce íslithe, mar nach bhfuil éinne fágtha ansin, mar atá a fhios ag an Teachta Molloy agus ag mo chomhleacaí ansin, agus mar atá a fhios ag an Aire Stáit é féin. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta be mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit: an aontaíonn sé nó an bhfuil sé ar eolas aige, mar atá ag an saol go léir ar fud na Gaeltachta, go bhfuil géarchéim airgid ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire, agus, uimhir a dó, nach bhfuil sé ar chumas Údarás na Gaeltachta aon tionscnamh nua a cheadú mar nach bhfuil aon airgead acu? Uimhir a trí, an bhfuil sé ar eolas——

Ceist ghairid, a Theachta, gan óráid.

Pointe amháin, a Cheann Comhairle. An bhfuil sé ar eolas ag an Aire Stáit nó an aontaíonn sé go bhfuil an caiteachas a bhfuil siad ag súil leis——

Is leor sin, a Theachta.

——caite cheana féin, go bhfuil géarchéim in Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil siad ag iarraidh bualadh le hAire na Gaeltachta, an Taoiseach, nach bhfuil anseo inniu, agus cén uair a bheidh sé ábalta bualadh leo chun an cheist seo a shocrú?

Ceapaim go bhfuil an Teachta McGinley beagáinín measctha suas maidir le huasteorainn le haghaidh bliana amháin agus caiteachas don bhliain chéanna. Níor chuir Údarás na Gaeltachta in iúl dúinne nach bhfuil siad ábalta deontas ar bith a íoc i mbliana os rud é nach bhfuil airgead acu. Níl fadhb mar sin acu. B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag caint faoin uasteorainn, is é sin, an méid gur féidir leo a cheadú laistigh de bhliain amháin. B'fhéidir gur ceart cúpla fíric a chur os comhair an Tí. Nuair a tháinig mise isteach sa Roinn anuraidh is é an uasteorainn a bhí ann ná £4.5 mhilliún. D'ardaigh muid an uasteorainn sin go dtí £9 milliún. An uasteorainn a bhí ann ag tús na bliana seo ná £6.2 mhilliún, agus tá sé sin ardaithe anois go dtí £12.5 mhilliún.

(Cur isteach.)

Caithfidh muid a bheith ciallmhar faoi seo. Chomh maith leis sin caithfidh muid an méid airgid atá á chur ar fáil ag an Rialtas a chur i gcomparáid leis an méid a fhaigheann an chuid eile den tír, agus caithfidh muid an tÚdarás Forbartha Tionscail agus SFADCo a thabhairt isteach san áireamh. Is é an coibhneas atá ann ná 37 in aghaidh 130 i bhfábhar mhuintir na Gaeltachta.

Ceist dheireanach anois.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil an easpa seirbhísí agus drochstaid na seirbhísí agus na mbóthar, agus mar sin, ag teacht i gcoinne an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta nuair atá siad ag déanamh iarrachta poist nua a chruthú? Dá bharr sin, an bhfuil aon chinneadh déanta fós chun an gheallúint a chomhlíonadh atá tugtha ag an Aire Comhshaoil, an Teachta Flynn, agus ag an Taoiseach bualadh leis an dream atá ag iarraidh na seirbhísí a fheabhsú? An bhfuil aon chinneadh déanta fós cruinniú mar sin a shocrú?

Ar dtús, caithfidh mé aontú leis an Teachta, mar is as iarthar Thír Chonaill dom féin, gur fadhb mhór í sin agus tá a fhios sin ag an Aire Comhshaoil. D'éirigh linn féin uair amháin comhlacht a aimsiú sa Ghearmáin agus nuair a tháinig siad anseo dúirt siad go raibh deacrachtaí ann maidir leis na seirbhísí. Tá a fhios againn sin ach níl an fhreagracht sin ormsa, ach ar an Aire Comhshaoil. Beidh tuilleadh cainteanna agam leis an Aire Comhshaoil agus leis an Taoiseach chun na fadhbanna sin a réiteach.

Top
Share