Tógfaidh mé Ceisteanna a 13 agus a 14 le chéile.
Ar an gcéad dul síos, is mian liom go dtuigfí go soiléir nach bhfuil géarchéim airgeadais ag Údarás na Gaeltachta. Le cúnamh Stáit de bhreis ar £13 mhilliún i mbliana le cur leis an teacht isteach a bhíonn ag an eagraíocht féin, tá dóthain airgid ag an Údarás chun feidhmiú go héifeachtach.
Ar mholadh ón Údarás féin, toilíodh le uasteorainn de £6.2 mhilliún le haghaidh deontas a cheadú i 1990 agus i 1991. Tá an uasteorainn sin sroiste le tamall anuas i leith 1990, rud a chiallaíonn nach féidir leis an Údarás, fad is atá feidhm leis an uasteorainn, tograí de bhreis ar an tsuim sin a cheadú i mbliana. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an Rialtas faoin soláthar airgid a bheidh ar fáil don Údarás ón Stát i 1991, beidh ar an eagraíocht moltaí faoi uasteorainneacha leasaithe le haghaidh deontas a cheadú i 1990 agus 1991 a chur ar aghaidh chugam d'fhonn aontú an Rialtais a lorg dóibh. Ar ndóigh, caithfidh na huasteorainneacha sin freagairt don soláthar airgid a bheidh ar fáil chun deontais a íoc i 1991.
Tá iarratas déanta ag bord an Údaráis ar chruinniú leis an Aire chun ceist na n-uasteorainneacha i leith deontas a cheadú agus soláthar airgid an Údaráis ón Stát le haghaidh 1991 a phlé. Bím toilteanach i gcónaí bualadh leis an Údarás chun cúrsaí a bhaineann le forbairt na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge a phlé. Bhuail mé le cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach an Údaráis ar 17 Deireadh Fómhair chun na ceisteanna sin a chíoradh agus bhuail an Taoiseach leis an gcathaoirleach ar 23 Samhain. Ní léir dom go bhfuil gá le cruinniú leis an mbord iomlán chun cur le mo eolas ar an bhfadhb atá cruthaithe cuid mhaith ag an Údarás dó féin agus atáim ag iarraidh a réiteach.
Is é bun agus barr an scéil go bhfuil teorainn leis an méid airgid a dtig leis an Stát a chur ar fáil don Údarás agus ní mór dóibh é sin a thuiscint go soiléir. Is maith an rud é go bhfuil borradh agus fás sa Ghaeltacht i gcaoi go bhfuil go leor tograí tionsclaíocha ag teacht chun cinn ach, leis an iliomad éileamh atá ar an Stát ar airgead le haghaidh forbartha, ní féidir iarratais ó gach eagras a shásamh go hiomlán. Mar sin, caithfidh an tÚdarás cibé céimeanna is gá a ghlacadh feasta trí shocruithe daingne a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh ar a chumas maireachtáil leis an soláthar airgid ón Stát, móide cibé teacht isteach a ghineann sé féin.
Agus é sin ráite agam, caithfear a rá, d'ainneoin deacrachtaí airgeadais an Stát Chiste, gur tugadh méadú suntasach don Údarás i mbliana i gcomparáid le 1989 agus go dtig leo bheith ag súil le méadú eile don bhliain seo chugainn. Ní foláir dóibh, áfach, mar atá ráite agam cheana, maireachtáil leis an soláthar sin, cibé suim a bheidh ann.