Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Dec 1990

Vol. 403 No. 8

Written Answers. - Monarcha i gContae Phort Láirge.

Eamon Gilmore

Question:

64 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Taoiseach cad í an tsuim iomlán airgid a chaith Údarás na Gaeltachta ar thógáil agus athchóiriú na monarchan ina raibh tionscail (sonraí tugtha), i Maoil a Choirne, sa Rinn, Contae Phort Láirge; cad é iomlán an deontais a díoladh leis an gcomhlacht úd ón Státchiste; agus cad é iomlán an chíosa a dhíol an comhlacht leis an Údarás mar thionónta sa bhfoirgneamh.

Léiríonn Tuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla Údarás na Gaeltachta do na blianta 1985 go dtí 1988 iomlán na ndeontas a ceadaíodh agus a íocadh leis an gcuideachta i gceist atá imithe as gnó ó 1989. Suim £120,103 ar fad a íocadh mar dheontais leis an tionscal.

Suim timpeall £312,000 a caitheadh ar an monarcha — ina bhfuil tionscal eile ag feidhmiú faoi láthair.

Maidir leis an gcíos a ghearrtar ar chuideachta i leith monarchan, is ceist í seo le socrú idir an tÚdarás agus na príomhaithe in aon chás ar leith agus ní gnách sonraí ina thaobh a chur ar fáil.

Top
Share