Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Dec 1990

Vol. 403 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dinny McGinley

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta d'fhonn tionscail oiriúnacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir an cheantair sin. Tá suim áirithe á léiriú i láthair na huaire ag dhá dhream i ngnó a lonnú i monarcha an Údaráis i mBaile na Finne atá folamh faoi láthair ach tá sé ro-luath go fóill a rá an mbeidh toradh ar an bplé sin.

An aontódh an tAire Stáit gur ceantar Gaeltachta é seo nach bhfuil beagnach aon tionscal ann. An cúpla tionscal a bhí ansin le cúpla bliain anuas, tá siad dúnta: Fine Glas agus Road On. Ní shílim go bhfuil éinne ag obair iontu anois. An aontódh sé gur ceantar é go bhfuil gacuteéarghá le beartas éigin a dhéanamh gan mhoill. An bhféadfadh sé a rá go ndéanfar iarracht tionscal éigin a chur isteach ansin i rith na bliana seo chugainn chun fostaíocht a chur ar fáil do na daoine atá fágtha ansin, na daoine nach bhfuil imithe ón gceantar.

Aontaím leis an Teachta McGinley go bhfuil géarghá le poist bhuana a chur ar fáil sa cheantar sin. Ceapaim féin nár cheart go mbeadh monarchana folamh ar feadh tamaill fhada. Bímid i gcónaí a rá, dá mbeadh réamh-mhonarchana againn nach mbeadh deacracht ar bith ann tionsclóirí a mhealladh isteach. Tá monarcha anseo agus tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh sáriarrachta chun tionscail eile a bhunú anseo. Mar a dúirt mé inné, ní shílim go bhfuil aon ghanntanas airgid acu má bhíonn ar a gcumas duine nó comhlacht a mhealladh isteach chun na háite sin. Tá mé breá-eolach ar an cheantar sin agus bí cinnte de go ndéanfaidh mé mo dhícheall, mar Theachta Dála an cheantair sin, úsáid a bhaint as an mhonarcha sin.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil comhráití ar siúl le haon chomhlacht ar leith maidir le tionscail a chur ar fáil don cheantar seo, nó an bhfuil siad ag lorg comhlachtaí i láthair na huaire. An bhfuil aon chomhlacht ar leith ann a bhfuil plé ar siúl leis maidir le fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar sin?

Deirtear liom go bhfuil suim á léiriú faoi láthair ag dhá dhream agus má tá suim ann, leanann sé dá réir sin go mbeidh cainteanna ag dul ar aghaidh. Ach, mura bhfuil tús curtha leis na cainteanna sin beidh mise ag cur brú ar an Údarás leanúint ar aghaidh le cainteanna chun poist bhuana a bhunú ansin.

Top
Share