Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Feb 1991

Vol. 405 No. 2

Written Answers. - Riachtanais Tithíochta.

Michael D. Higgins

Question:

104 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Comhshaoil cérbh í an bhliain dheireannach a chuir gach údarás áitiúil ar fud an Stáit tuarascáil ar fáil dhó ar an riachtanas tithíochta atá sa cheantar as a bhfuil siad freagrach.

I Meán Fhómhair 1989 rinne na húdaráis áitiúla meastacháin ar an gá le tithíocht ón údarás áitiúil agus chuir siad na torthaí in iúl don Roinn go díreach ina dhiaidh sin. Chomh maith le sin, d'iarr mé anuraidh ar na príomh údaráis tithíochta na riachtanais tithíochta ghinearálta ina gceantair féin a mheas agus tá na tuarascálacha á chur isteach chuig an Roinn faoi láthair.

Top
Share