Tony Gregory
Question:50 D'fhiafraigh Mr. Gregory den Taoiseach cén polasaí atá i bhfeidhm in Ard-Mhúsaem na hÉireann i leith na Gaeilge; agus cén staid atá sna ranna éagsúla ó thaobh lipéid, comharthaí treo agus foilseacháin i nGaeilge.
Vol. 405 No. 6
50 D'fhiafraigh Mr. Gregory den Taoiseach cén polasaí atá i bhfeidhm in Ard-Mhúsaem na hÉireann i leith na Gaeilge; agus cén staid atá sna ranna éagsúla ó thaobh lipéid, comharthaí treo agus foilseacháin i nGaeilge.
Is é polasaí Ard-Mhusaem na hEireann ná gach seirbhís agus fógraíocht a chur ar fáil as Gaeilge don phobal i gcoitinne. Tá an foireann lán-ábalta plé le cuairteoirí agus fiosraitheoirí i nGaeilge. Ins na ranna éagsúla tá lipéid agus comharthaí treo dá-theangacha agus billeoga agus leabhráin eolais as Gaeilge ar fáil.