Dinny McGinley
Question:6 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an raibh aon chomhráite ar siúl idir Roinn na Gaeltachta agus Oifig Thuaisceart Éireann maidir le bunú sheirbhís teilifís Gaeilge a chlúdódh an tír ar fad.
Vol. 405 No. 9
6 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an raibh aon chomhráite ar siúl idir Roinn na Gaeltachta agus Oifig Thuaisceart Éireann maidir le bunú sheirbhís teilifís Gaeilge a chlúdódh an tír ar fad.
An aontódh an tAire Stáit go bhfuil lucht éisteachta agus lucht féachana ag cláir theilifís Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus go bhfuil aitheantas tugtha do seo ag na húdaráis chraolacháin ansin mar go bhfuil cláir Ghaeilge á gcraolú ar an raidio agus á n-ullmhú don teilifís? An aontódh an tAire gurbh fhiú comhráite a bheith againn leis na húdaráis sin chun comhoibriú maidir le cláir dá leithéid a chur os comhair an phobail sa Tuaisceart agus sa Deisceart.
Tá ceist eile anseo. Tá an Teachta ag caint faoi eagrais a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Dúirt mise nach raibh cainteanna ar bith le Oifig Thuaisceart Éireann os rud é nach bhfuil aon rud sonrach le plé go fóill.
Mar a thuigeann an tAire Stáit, tá seirbhís Bhreatainis sa Bhreatain Bheag, agus seirbhís Ghaeilge in Albain; agus tá aitheantas á thabhairt ag na húdaráis sa Bhreatain do na mionteangacha. Má tá an t-aitheantas céanna á thabhairt sa Tuaisceart, an bhféadfadh na húdaráis sa Tuaisceart agus sa Deisceart comhoibriú maidir le seirbhís a chur ar fáil anseo? An fiú é a phlé leo nó an bhfuil sé ar intinn ag an Roinn é a phlé leo?
Beidh mise sásta i gconaí dul i gcomhairle le duine nó dream ar bith maidir leis an cheist seo, ach ag an bpointe seo, mar a dúirt mé, níl aon rud sonrach le plé agus nuair atá a leithéid ann, déanfaidh mé machnamh air ag an am sin.