Dinny McGinley
Question:7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas le haghaidh banna píbe sóisearach Ghaoth Dobhair, cén dáta ar deineadh an t-iarratas agus an bhfuil deontas ceadaithe.
Vol. 408 No. 1
7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas le haghaidh banna píbe sóisearach Ghaoth Dobhair, cén dáta ar deineadh an t-iarratas agus an bhfuil deontas ceadaithe.
8 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach cad iad na bannaí ceoil Ghaeltachta ar ceadaíodh deontas dóibh ó 1987 go dáta, cad é méid an deontais atá í ngach cás agus an méid den deontas atá íoctha go dtí seo.
9 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas ar dheontas faighte ina Roinn do Bhanna Ceoil Mhullach Dubh i dTír Chonaill, cén dáta ar deineadh an t-iarratas agus an bhfuil deontas á cheadú sa chás seo.
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 8 agus 9 le chéile.
Maidir le Banna Ceoil Mhullach Dubh, íocadh deontas £500 leo tamall ó shin agus fuarthas iarratas eile uathu dar dáta 11 Aibreán 1991. Fuarthas iarratas dar dáta 24 Aibreán 1990 ó Bhanna Píobhairí Óga Ghaoth Dobhair. Déanfar cinneadh faoin dá iarratas a luaithe is féidir. Cuirfear sonraí faoi na bannaí ceoil Gaeltachta ar ceadaíodh deontas dóibh ó 1987 i leith timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Deontais a ceadaíodh do bhannaí ceoil ó 1 Eanáir 1987 i leith
Buíon Ceoil |
Iomlán Ceadaithe |
Íoctha go dáta |
£ |
£ |
|
Duibhlinn Riach |
1,250 |
1,250 |
Cloch Cheann Fhaola |
1,500 |
1,500 |
Coiste Ceoil agus Cultúrtha Inis Oírr |
600 |
600 |
Na Doirí Beaga |
2,000 |
2,000 |
Athphort, Oileán Árainn Mhór |
1,000 |
1,000 |
Píob agus Druma an Daingin |
2,000 |
2,000 |
Mullach Dubh |
500 |
500 |
Rann na Feirste |
2,000 |
— |
Oileán Thoraí |
1,500 |
1,500 |
Coiste Ceoil Iorras Aithneach, Carna |
2,000 |
1,360 |
Naomh Cróna, An Clochán Liath |
2,000 |
— |
Coláiste Ghobhnatan, Baile Bhúirne |
1,000 |
— |
Tá mé cinnte go n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil páirt an-tábhachtach ag bannaí ceoil i saol cultúrtha agus sóisialta na Gaeltachta agus fiú amháin go bhfuil leabhair scríofa ina dtaobh, "An Druma Mór" ar cheann acu. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire, cén uair a bheidh sé ábalta cinneadh a dhéanamh ó tharla go bhfuil ceann de na hiarratais istigh le breis agus bliain, agus ó tharla go bhfuil costais mhóra ag baint le banna ceoil agus go speisialta banna píbe, an bhféadfadh sé cinneadh a dhéanamh gan mhoill?
Tá a fhios agamsa go bhfuil costais iontach mór ag baint leis seo, go bhfuil méadú £20,000 ar na meastacháin, idir éidí agus ghléasra ceoil. Geallaim do mo chomhghleacaí go ndéanfar cinneadh go han-luath.
An mbeidh an cás céanna amhlaidh maidir le banna ceoil Mhullach Dubh, cé nach bhfuil an t-iarratas istigh ach le mí? An mbeidh sé ábalta cinneadh a dhéanamh gan mhoill ansin?
Níl an t-eolas go léir againn maidir le Mullach Dubh. Tá an t-eolas go léir againn maidir le banna píbe sóisearach Ghaoth Dobhair, agus déanfar cinneadh air sin go luath. Ina dhiaidh sin, déanfar cinneadh ar an iarratas ó Mhullach Dubh chomh luath agus is féidir.
An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil an deontas á mholadh don dá bhanna nó d'aon cheann acu. An bhfuil sé molta go n-íocfaí deontas leo?
I ndeireadh thiar thall mé féin a bheidh ag déanamh an chinnidh sin.