Joe Sherlock
Question:13 D'fhiafraigh Mr. Sherlock den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon tagairt do chúrsaí cultúrtha nó ceist na Gaeilge san Acht um Ollscoil Luimnigh; cén uair a bheidh Coláiste Oiliúna Thuamhumhan á nascadh leis an ollscoil; agus an ionann sin agus a rá nach mbeidh aon dualgas i leith na Gaeilge ar na múinteoirí nua a oilfear san ollscoil.