Caithfear a rá nach bhfuil mórán bunúis leis an suirbhé seo a rinneadh i mí na Samhna, 1989. De réir an eolais atá againne — níor foilsíodh an suirbhé sin i mbliana ach sceitheadh toradh chuid den suirbhé sin maidir leis an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha na Gaeltachta — is í an phríomhaidhm a bhí taobh thiar de so ná go raibh RTÉ ag iarraidh a fháil amach an éisteacht a bhí le cláir Raidió na Gaeltachta ag an am sin, agus is suirbhé inmheánach a rinneadh. Ach anois, níl a fhios againn cad chuige ar sceitheadh é seo. Caithfidh go bhfuil aidhm eile taobh thiar de. Ní ghlacaimse leis gur féidir mórán bunúis a bheith leis an suribhé seo, mar, arís, de réir an eolais atá agamsa glacadh samplaí lasmuigh den Ghaeltacht.
Iarraim ar an Teachta ár nGaeltacht féin a thogáil mar shampla. De réir an tsuirbhé seo, níl ach 4,500 duine i nGaeltacht Thír Chonaill ag labhairt Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide. Glacaimid uilig leis, i bparóiste an Teachta, paróiste Ghaoth Dobhair, go bhfuil suas le 4,500. Níl bunús ar bith leis. Níl na figiúirí cruinne agamsa ach b'fhéidir go mbeidh an comhlacht sásta iad a chur a fáil dúinn. Teastaíonn uaim go mbeadh córas ann ach glacfar leis go bhfuil sé iontach deacair teacht ar chóras eolaíoch chun suirbhé mar seo a reachtáil. Beimid ag fáil toradh an daonáirimh amach anseo agus ina dhiaidh sin beidh cainteanna agam laistigh de mo Roinn le daoine eile a bhfuil suim acu sa cheist seo maidir le córas gur féidir a úsáid. Ach ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil córas ar bith ann. Is rud subjective é seo, mar a deirtear i mBéarla.