Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Nov 1991

Vol. 413 No. 1

Ceisteanna—Questions. - Forbairt Oisrí i gContae Mhaigh Eo.

Enda Kenny

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Taoiseach an ndéanfaidh sé ráiteas faoi fhorbairt oisrí ag Cuan an Inbhir Mhóir, ag na Muingí, ag Barr na Trá, Béal an Fheadha, Contae Mhaigh Eo; cé mhéid atá caite ann go fóill; cé mhéid atá ag obair ann; agus cén fhorbairt atá i gceist do 1992.

Tá Corr Iasc Teo, fochuideachta faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta atá ag gabháil don tionscal oisrí, ag feidhmiú ag dhá ionad ar leith, i.e., i gCuan na Gaillimhe agus i gCuan an Inbhir, na Muingí, Contae Mhaigh Eo. Bhí fiontar nach beag ag gabháil leis an togra seo ó thús agus tuigim ón Údarás go raibh deacrachtaí nach rabhthas ag súil leo sa ghnó ó bunaíodh é i 1987 — idir laghdú i bpraghas oisrí agus síol oisrí agus fadhbanna suímh. Ar ndóigh chuir siad sin isteach go mór ar an gcuideachta. Tá beirt ag obair sa ghnó anois — duine amháin i gContae Mhaigh Eo.

Tuigtear ón Údarás gur tugadh cuidiú — idir scaireanna agus deontais — de thimpeall £600,000 don chuideachta go dtí seo. Chomh maith leis sin cuireadh áiseanna ar chostas £282,000 ar léas don chuideachta ag na Muingí.

Tá an tÚdarás sásta go bhfuil áiseanna luachmhara agus teicneolaíocht fhiúntach ag an gcuideachta agus tá na roghanna maidir le todhchaí an tionscail á scrúdú acu. San idirlinn táthar ag súil leis an gnó a choimeád ar siúl ar scála laghdaithe.

An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil deireadh leis na deacrachtaí seo agus go mbeidh sé ar chumas an chomhlachta leanúint ar aghaidh ag obair?

Tá Údarás na Gaeltachta den tuairim go bhfuil deis ann go fóill forbairt a dhéanamh ar an tionscal seo, agus mar sin seasann siad leis an bunstraitéis agus an bunpholasaí a bhí acu an chéad lá. Beidh mé ag dul i gcomhairle arís leis an Údarás agus coimeádfaidh mé súil ghéar ar an togra seo. Tá fadhbanna ann faoi láthair faoi na margaí agus faoin suíomh.

Bhí ráflaí ag dul timpeall cúpla mí ó shin go raibh sé le díol. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom nach bhfuil sé sin fíor? Gabhaim buíochas leis as ucht súil ghéar a choinneáil air.

Ní féidir mórán a rá faoi ráflaí. Is é an bunsmaoineamh a bhí taobh thiar de seo ná gur cheart tionscal na n-oisrí a bhunú sa tír seo, agus ar ndóigh sa Ghaeltacht, ionnas go mbeimis in ann an tionscal sin a fhorbairt. Ba é an bunsmaoineamh céanna a bhí taobh thiar de thionscal na mbradán, agus d'éirigh go maith leis sin. Ní dóigh liom go mbeidh suim ag Údarás na Gaeltachta an comhlacht seo a dhíol anois ach ní fhéadfaí geallúint a thabhairt nach ndíolfar é choíche.

Top
Share