Tuairiscíonn an Comhchoiste um Buan-Orduithe (Gnó-Príobháideach) go bhfuil siad tar éis an Teachta Nollaig Ó Dobharáin a urscaoileadh ó bheith ina bhall den Chomhchoiste ar an mBille um Margaí Luimnigh, 1989, agus an Teachta Séamus Ó Cuilleamóir a chur ina ionad.
Tairgim:
Go leagfar an Tuarascáil faoi bhráid na Dála.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.