Baineadh geit agus stangadh as an phobal i nGaeltacht Dhún na nGall Dé hAoine seo caite nuair a d'fhógair Telectron na Farraige Móire go bhfuil siad ag scaoileadh 73 chun bealaigh láithreach. Tá an tionscal seo ag cur oibre agus fostaíochta ar fáil ar eastát tionscail Ghaoth Dobhair le beagnach 20 bliain agus tá an dearcadh coitianta ann go raibh sé ar cheann de na tionscail ba dhaingne agus ba bhríomhaire sa cheantar. I mbarr a réime bhí breis agus 200 ag obair sa mhonarcha. Faoi láthair tá 135 ansin ach tar éis ráiteas na hAoine seo caite beidh an líon sin laghdaithe go dtí 62, is é sin titim níos mó ná 50 faoin gcéad den fhoireann oibre.
Is buille tubaisteach é seo, ní amháin do na hoibrithe atá ag cailliúint a bpost ach do shaol eacnamaíochta ghnó an cheantair chomh maith. Tá ardcháilíochtaí agus scileanna oibre agus bainistíochta ag na fostaithe sa mhonarcha seo agus is mór an chaill don cheantar iad anois a bheith fágtha díomhaoin, gan obair gan saothar. Tá dualgais agus freagrachtaí ar go leor acu, cuid acu i ndiaidh tithe úra a thógáil nó a cheannach agus íocaíochtaí le déanamh ar iasachtaí agus mhorgaistí ó bhainc agus ó chumainn fhoirgníochta. Tá teaghlaigh á dtógáil ag go leor acu chomh maith agus is olc an cás gur dócha gur ag brath ar liúntais leasa shóisialaigh a bheidh siad feasta lena gclanna a thógáil ó seo amach.
Ní bréag a rá gur tragóid do mhórán acu ar tharla ag an deireadh seachtaine agus is eagal liom gur beag dóchas atá acu, sa ghearrthéarma ar a laghad, fostaíocht nó obair eile sa cheantar Ghaeltachta sin a fháil. Tá easpa dóchais agus misnigh le mothú ar fud an cheantair. Tá amhras agus imní ar dhaoine faoi cad atá i ndán dóibh. Nuair a dhúnann tionscal láidir idirnáisiúnta den chineál seo, cad atá i ndán do thionscail eile nach bhfuil an tacaíocht ná an t-urra céanna taobh thiar díobh. Anuraidh bhí an tionscal seo i mbarr a réime — trealamh teileachumarsáide á tháirgeadh agus á onnmhairiú ar fud an domhain, chuig na Stáit Aontaithe, an Eoraip agus ilchríoch na nAfraice. Bhí traenáil á cur ar fáil sa mhonarcha do dhaoine ó chríocha eile.
Tá cuimhne mhaith ag muintir an cheantair ar na scórtha a tháinig ó Kenya agus a chaith bliain sa mhonarcha anuraidh ag foghlaim mhodhanna táiríochta agus oibre. Chruthaigh sé seo muintearas idirnáisiúnta idir bunadh na Gaeltachta agus bunadh Kenya. Ach is eagal liom go bhfuil deireadh leis an nós sin anois agus má bhíonn daoine ag fágáil na tíre tá contúirt mhór ann gur oibrithe Ghaeltachta a bheidh ag cuartú fostaíochta thar lear.
Nuair a chuimhnimid ar na monarchana eile atá dúnta agus na poist eile atá caillte le bliain anuas, ó Chill Cártha go dtí an Fál Carrach, is cinnte go bhfuilimid ag dul in araicis ghéarchéim dhífhostaíochta i nGaeltacht Dhún na nGall — Éadach Chonamara i gCill Cártha, monarcha Mhic Dhaibhid sna Gleanntaí, a rabhamar ag caint air sa Dáil seachtain ó shin; Nuvotem i gCroithlí ar sheachtain ghearrtha trí laethanta; Mótar Ruibéar sa Chlochán Liath atá i mbaol le mí anuas — ach tá áthas orainn a chloisteáil tráthnóna ón Aire Stáit go bhfuil siad ceart go leor aris; Smailcbhia, Eastát Ghaoth Dobhair, a bhfuil a dtríoblóidí féin acu, agus an Fál Carrach atá fágtha, d'fhéadfá a rá, gan post tionsclaíochta. Is cinnte gur ábhar imní agus éadóchais ar tharla le bliain.
Caithfidh Udarás na Gaeltachta agus an Roinn féin páirt níos gníomhaí a ghlacadh i bhforbairt na tionsclaíochta i nGaeltacht Dhún na nGall. An chéad chuspóir is gá a thabhairt chun críche ná an 62 atá fágtha i dTelectron a chosaint agus a chaomhnú. Tá sé ríthábhachtach go mairfidh siad seo agus ba chóir don Údarás gach cabhair agus cuidiú a thabhairt dóibh leis seo a chinntiú.
Maidir leis na hoibrithe atá ag imeacht, caithfidh siad téarmaí agus coinníollacha flaithiúla iomarcaíochta a fháil. Thug siad seo uilig seirbhís fhada dhílis don tionscal agus caithfear roinnt leo go fial. Bhí mé ag labhairt cheana féin leis an bhainistíocht faoi seo agus tá súil agam go seasfaidh siad lena ndualgais i leith a n-oibrithe. Chomh maith leis sin caithfear tréaniarracht a dhéanamh fostaíocht eile sa Ghaeltacht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cailliúint a gcuid oibre. Tá siad uilig traenáilte go hard i mbainistíocht agus i dtáirgíocht agus is cinnte gur bhoichte an áit an Ghaeltacht gan iad. An rud is measa a d'fhéadfadh tarlú ná iad an Ghaeltacht a fhágáil agus a gcuid scileanna agus traenála a chur ar fáil i dtíortha eile.
Caithfear, i mo thuairim, níos mó béime a chur ar fhorbairt infrastruchtúir, go speisialta na bóthre atá chomh tábhachtach sin do thionscail atá lonnaithe sna Gaeltachtaí i gceantair imeallacha na tíre, i bhfad ó chalafoirt agus ó mhargaí na hEorpa. Sílim go bhfuil dúnadh na monarchan seo, nó ar a laghad cailliúint 65 phost ina bhuille mór d'fhostaíocht i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, na Rosann agus Chloch Cheann Fhaoilidh, agus tá sé ag cothú éadóchais, imní agus lagmhisnigh sa cheantar.