Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 May 1992

Vol. 419 No. 7

Written Answers. - Scoil Iarbhunoideachais Lan-Ghaeilge.

Pat Rabbitte

Question:

116 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Oideachais an bhfuil scrúdú na Roinne críochnaithe go fóill ar iarratas ó Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath ar scoil iarbhunoideachais lán-Ghaeilge a bhunú i dTamhlacht; agus cathain a nochtfar plean na Roinne ar an gceist seo.

Tá an t-iarratas ó Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath ar iarbhunscoil lán-Ghaeltach a bhunú i dTamhlacht a chíoradh sa Roinn faoi láthair. Níltear i riocht fós a rá cathain a thiocfar ar bhreith deimhnitheach sa chás.

Top
Share