Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 May 1992

Vol. 419 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht ar Oileán Árainn Mhór (Dún na nGall).

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta monarchana nó fostaíocht a chruthú ar oileán Árainn Mhór i nDún na nGall.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn deacrachtaí ar leith acu tograí a aimsiú le lonnú ar oileán Ghaeltachta amach ón gcósta agus go mbaineann na deacrachtaí sin le hArainn Mhór chomh maith le hoileáin eile. D'ainneoin sin, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an eagraíocht chun deiseanna fostaíochta breise a aimsiú do mhuintir Árainn Mhóir trí bhéim a chur ar fhorbairt acmhainní nádúrtha an oileáin go príomha agus bítear i gcomhairle le Comharchumann Forbartha Árainn Mhór maidir le forbairt an oileáin i gcoitinne.

Tá soláthar áirithe déanta i gclár tógála an Údaráis do 1992-93 do laithreán tionsclaíoch d'Arainn Mhór atá á scrúdú ag mo Roinnse i láthair na huaire.

Top
Share