Estimates, 1992. - Vóta 31: Roinn Na Gaeltachta (Meastachán Athbhreithnithe).

Tairgim:

"Go ndeonófar suim nach mó ná £21,888,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1992, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Suim £21.888 milliún atá i Meastachán Roinn na Gaeltachta i mbliana. Nuair a chuirtear leis sin airleacan £5.5 mhilliún a íoctar díreach as an bPríomhchiste le Údarás na Gaeltachta, agus iasachtaí £100,000 as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe sa Ghaeltacht, feicfear go bhfuil beagnach £27,500,000 á chur ar fáil i mbliana don Roinn, don Údarás agus do Bhord na Gaeilge ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Is deimhniú é sin go bhfuil leas eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge á gcur ar aghaidh ag an Rialtas le fonn agus le fuinneamh.

Is iad seo a leanas na príomhshuimeanna sa Vóta i mbliana; £1,100,000 do dheontais tithíochta; £2,000,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £1,670,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt; £2,000,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, nuachtán agus irisí Gaeilge; £10,073,000 d'Údarás na Gaeltachta idir chaiteachas reatha agus chaiteachas caipitil ar dheontais: leis an airleacan a luaigh mé, tugann sé sin iomlán an chúnaimh ón Stát don Údarás i mbliana go £15,573,000; agus £5,090,000 do Chiste na Gaeilge chun freastal ar Bhord na Gaeilge, eagrais áirithe Ghaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus tograí eile ar mhaithe leis an nGaeilge: is as fáiltais an Chrannchuir Náisiúnta a dhéantar an t-airgeadú seo.

Le linn 1991 cruthaíodh beagnach 900 post nua ar an bhfód i gcomhlachtaí sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis an sprioc de 600 post nua a bhí ann. Is cúis dhíomá í gur cailleadh beagnach an méid céanna post agus a cruthaíodh i rith na bliana sin, rud a d'fhág gur beag athrú a tháinig ar leibhéal na fostaíochta lánaimseartha ag deireadh na bliana 1991 i gcomparáid le deireadh na bliana 1990. Ag deireadh na bliana seo caite, bhí 5,597 nduine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,587 nduine ag deireadh na bliana 1990. Léiríonn sé seo na deacrachtaí móra trádála a cruthaíodh do chomhlachtaí Gaeltachta ina gcuid margaí ag baile agus thar lear. Tá fostaíocht shéasúrach ríthábhachtach sa Ghaeltacht agus tháinig meadú de bheagnach 20 faoin gcéad ar líon na bpost sin i 1991, rud a d'fhág go raibh 2,263 fostaithe go séasúrach i dtionscail faoi scáth an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

Tá an cúlú eacnamaíochta idirnáisiúnta ag cur isteach go fóill ar fhorbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht. Níl tograí atá ceadaithe ag an Údarás á gcur i bhfeidhm chomh tapaidh agus a bhíothas ag súil leis. Anuas air sin, go dtí seo i mbliana, níl an oiread cúnaimh ceadaithe agus a bhí sa thréimhse chéanna anuraidh. D'ainneoin sin, tá tionscail á mbunú agus á bhforbairt an t-am ar fad agus tá dóchas ag an Údarás go sárófar an sprioc fostaíochta de 600 atá acu do 1992.

Aithníonn an Rialtas go maith na deacrachtaí bunúsacha a bhíonn le sárú ag an Údarás agus iad ag iarraidh forbairt na Gaeltachta agus caomhnú agus leathadh na Gaeilge a chur chun cinn. Tá forbairt eacnamaíochta agus forbairt chultúrtha fite fuaite lena chéile agus tá gné na teanga mar pháirt bhunúsach de stráitéis chun an Ghaeltacht a shlánú. Faoi mar atá ráite agam cheana, tá soláthar de £15.573 mhilliún ón Stát déanta don Údarás i mbliana.

Den tsuim sin, is caipiteal £13.2 mhilliún, £7.7 mhilliún ó Vóta na roinne chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht agus £5.5 mhilliún mar airleacain ón bPríomh-Chiste chun monarchana a thógáil nó a athchóiriú, infheistíocht a dhéanamh i scaireanna i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach.

Is laghdú é sin ar an tsuim a cuireadh ar fáil anuraidh, ach bhí cúnamh mór i gceist sa bhliain sin do thionscal mór amháin rud nach bhfuil sa treis i mbliana. Tá suim £2.373 mhilliún á chur ar fáil mar dheontas-i-gcabhair mar chabhair chun costais reatha an Údaráis a íoc. Táim sásta go mbeidh ar chumas an Údaráis obair fhiúntach a dhéanamh i mbliana ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta leis an gcúnamh ón Stát agus leis an teacht isteach a bheidh acu féin ó fhoinsí éagsúla.

Tá áthas orm a rá go raibh méadú eile anuraidh ar líon na n-iarratas tithíochta agus is cosúil go leanfaidh an méadú sin i mbliana. Bhí méadú chomh maith ar líon na gcásanna a ceadaíodh anuraidh. Caitheadh £1.1 mhilliún i 1991 ar dheontais tithíochta agus críochnaíodh beagnach céad teach nua i rith na bliana sin. Críochnaíodh 580 cás eile a bhain le hoibreachta feabhsúcháin, sláintíochta agus méadaithe.

Tá sé soiléir ó na hiarratais go bhfuil obair bhreise tithíochta ar siúl sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. Níl aon amhras ach gur tuar dóchais é seo don Ghaeltacht. Tá leas na Gaeilge féin i gceist, ar ndóigh, ach, chomh maith leis sin, tá breis fostaíochta i gcúrsaí tógála á chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta féin.

Suim de £1.1 mhilliún atá curtha ar fáil arís i mbliana do chúrsaí tithíochta agus is cinnte go gcaithfear an t-airgead sin go léir sa bhliain reatha.

Gné shuntasach de stráitéis mo Roinnse thar na mblianta chun an Ghaeltacht a fhorbairt ná na deontais a chuirtear ar fáil chun bunstruchtúr na Gaeltachta a fheabhsú. Cuirtear cúnamh ar fáil chun bóithre áise agus portaigh a dheisiú, saoráidí calaíochta a fheabhsú agus — gné an-tábhachtach ar fad sa lá atá inniu ann — áiseanna spóirt agus chaitheamh aimsire a chur ar fáil.

Glacann na comharchumainn Ghaeltachta páirt lárnach i bhforbairt a gceantar feidhme. Tugtar cúnamh dóibh, ní amháin i ndáil le tograí caipitil cosúil le hinnealra agus trealamh a cheannach chun cabhrú leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal, ach freisin chun cuid de na costais reachtála a thiteann orthu a ghlanadh.

Tá cúnamh á chur ar fáil do mhuiroibreacha i gceantair éagsúla agus táim ag feitheamh ar thorthaí ó Roinn na Mara ar scrúdú agus iniúchadh atá á ndéanamh acu ar Oileán Thoraí ionas go bhféadfainn an cheist a mheas tuilleadh maidir leis na hoibreacha mara atá de dhíth ar an oileán. Cúis dhíomá dom nach bhfuil an réamh-obair seo críochnaithe fós.

Thosaigh Roinn na Mara fiosrúcháin i mbliana chun na riachtanais ó thaobh muiroibreacha de don tseirbhís farantóireachta go hInis Meáin agus Inis Oírr a aithint agus chun pleananna dóibh a réiteach. Meastar go gcosnóidh na scrúduithe uile seo £325,000 a íocfar as vóta mo Roinne-se.

Faoi mar is eol do Theachtaí, baineann cuid mhór d'obair mo Roinne-se le caomhnú agus forbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Chuige sin cuirtear cúnamh ar fáil do Bhord na Gaeilge, do Bhord na Leabhar Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge.

Tá obair fhiúntach ar siúl ag Bord na Gaeilge ó bunaíodh é ar bhonn reachtúil sa bhliain 1978. Tugann an Bord cúnamh do roinnt eagraíochtaí a bhfuil páirt shuntasach á nglacadh acu i bhforbairt na Gaeilge trína n-obair sa réimse oideachasúil — mar shampla, Gaelscoileanna, An Comhchoiste Réamhscolaíochta agus Comhar na Múinteoiri Gaeilge. Is é Bord na Gaeilge a chuireann an cúnamh Stáit ar fáil do chomórtas Ghlór na nGael — comórtas, ar ndóigh, atá ag dul i dtreise ó bhliain go bliain agus atá ag múscailt suime sa teanga i gceantair éagsúla ar fud na tíre.

Táimid go léir, ar spéis linn an Ghaeilge, faoi chomaoin mhór ag na daoine sin a chaith a gcuid dúthrachta go deonach thar na mblianta ar son na teanga. Aithníonn mo Roinnse an tábhacht a bhaineann leis na hiarrachtaí seo agus, dá bharr sin, cuirtear cúnamh nach beag ar fáil gach bliain do na heagrais dheonacha Ghaeilge. Cé go bhfuil formhór na n-eagras seo ar an saol le fada, agus cúnamh á fháil acu leis na blianta, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad uile scrúdú leanúnach ar a modhanna oibre i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge de. Tá gá leis seo chun a chinntiú go bhfuil siad ag feidhmiú chomh héifeachtach agus is féidir agus go bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an gcúnamh nach beag atá á chur ar fáil aige dóibh. Níor mhaith liom go gceapfadh aon eagras go bhfuil sé de cheart aige deontas a fháil gan é a thuilleamh. Féadfar talamh slán a dhéanamh de go leanfar leis na deontais seo fad agus atá obair fhiúntach ar siúl ach tá dualgas ormsa an t-airgead a chuirtear ar fáil dom a chaitheamh ar an gcaoi is fiúntaí chun cuspóirí mo Roinne-se — forbairt na Gaeltachta agus leathadh na Gaeilge — a bhaint amach, agus bheadh ag teip orm an dualgas sin a chomhlíonadh mura ndéanfainn scrúdú críonna leanúnach ar chaiteachas. Faoi mar is eol don Teach, tá scrúdú mar sin idir lámha agam le cúpla mí anuas.

Tagann an t-airgead do Chiste na Gaeilge ó fháltais an chrannchuir náisiúnta agus, anuas ar an soláthar do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha, tá a lán tograí fiúntacha ar mhaithe leis an nGaeilge á gcur i gcrích ar fud na tíre le cabhair airgid an chrannchuir. Mar shampla, tá an obair i ndáil le hÁras nua don Ghaeilge a thógáil i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh faoi lánseol agus atá £1.2 mhilliún á chur ar fáil ag mo Roinnse ina leith.

Aithním go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teacht ar ábhar spéisiúil scríofa i nGaeilge agus, dá bharr sin, cuirtear cúnamh nach beag ar fáil do thréimhseacháin éagsúla agus don nuachtán seachtainiúilAnois. Caithfidh mé a rá gur cúis mhór dhíomá dom nach bhfuil éileamh i bhfad níos mó ar Anois. Tá deontas fial seachtainiúil á fháil ag an nuachtán — deontas nach bhfuil ar ár gcumas a mhéadú — agus braitheann todhchaí an nuachtáin mar sin ar chumas an fhoilsitheora an leibhéal díolacháin a mhéadú go suntasach ionas go mbeidh Anois ag trádáil gan caillteanais. Tá conradh nua sínithe agam le húinéirí Anois a mhairfidh go dtí deireadh na bliana seo agus molaim arís go dtabharfadh gach duine, ar spéis leis nó léi an Ghaeilge, tacaíocht leanúnach do Anois trína cheannach gach seachtain.

Is áthas liom a rá go raibh méadú mór eile ar líon na bhfoghlaimeoirí a chuaigh go dtí an Ghaeltacht an bhliain seo caite chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus tá áthas orm a rá go bhfuil na comharthaí ann cheana féin go mbeidh an líon céanna nó níos mó ag freastal ar chúrsaí Gaeilge i mbliana.

Fiche míle agus sé chéad dalta a bhain tairbhe as an scéim anuraidh agus d'íoc mo Roinnse beagnach milliún go leith punt le mná tí Gaeltachta faoin scéim. De bharr an méadú mór a tháinig ar líon na bhfoghlaimeoirí agus de bhrí go bhfuil an scéim chomh tábhachtach sin ó thaobh na Gaeilge de, cuireadh £150,000 breise ar fáil sa cháinfhaisnéis i mbliana don scéim. Is chun íoc as an líon daltaí a meastar a bheidh ag freastal ar na cúrsaí i mbliana a cuireadh an t-airgead breise ar fáil.

In ainneoin na drochphoiblíochta a bhíonn an ó am go chéile faoi thábhacht na Gaeilge mar theanga beo, is ábhar misnigh dúinn an t-éileamh mór atá ann le Gaeilge a fhoghlaim agus níl slí níos fearr chun é sin a dhéanamh ná freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht féin.

Is í scéim dheontas labhairt na Gaeilge ceann de na scéimeanna is tábhachtaí atá ag an Roinn chun an Ghaeilge a choimeád beo sa Ghaeltacht. Tá dlúthcheangal idir í agus an glúin is óige sa Ghaeltacht agus is orthu siúd a bheidh slánú na Gaeltachta ag brath sna blianta atá amach romhainn. Níl aon laghdú gur fiú trácht air tagtha ar líon na bpáistí a thuill an deontas seo le cúpla bliain anuas. Tá an scéim seo an-tábhachtach sa mhéid gur slat tomhais í ar staid na Gaeilge i dteach nó i gceantar Gaeltachta ar bith. Sa ghnáthbhealach, ní íoctar deontas tithíochta ná deontas faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlach ar bith mura bhfuil deontas labhairt na Gaeilge faighte ag na páistí sa teach sin roimhré. Tá athbhreithniú á dhéanamh agam ar an scéim faoi láthair d'fhonn béim níos mó a chur ar úsáid na Gaeilge sa teaghlach fhéin.

Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar mór ag an teilifís ar shaol an lae inniu agus d'fhéadfaí an tionchar sin a úsáid ar mhaithe leis an nGaeilge trí cláracha fiúntacha i nGaeilge a chraoladh go rialta. Is cinnte go bhfuil cúrsaí teilifíse thar a bheith costasach agus go mbeidh costais mhóra i gceist cuma conas a thabharfar faoi líon na gcláracha trí Ghaeilge a fhorbairt. Is áthas liom go bhfuil na féidireachtaí go léir, na costais a bhainfeadh leo agus an tionchar ar an nGaeilge a bheadh ag roghanna éagsúla, á scrudú faoi láthair ag mo chomhghleacaí an tAire Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide. Táthar ag súil le réamh-mholtaí i gceann roinnt míonna agus cuirfear moltaí deimhnitheacha maidir le Teilifís trí Ghaeilge os comhair an Rialtais a luaithe is féidir.

Mar gheall ar Gaeilge sna scoileanna cuirim fáilte ar leith roimh na moltaí faoin nGaeilge a bhí sa réamhrá don Pháipéar Glas faoin Oideachas a foilsíodh an mhí seo caite. Tá sé thar am an bhéim a chur ar chumas labhartha na ndaltaí agus is céim mhór chun tosaigh go bhfuil sé molta anois ag an Aire Oideachais go dtabharfaí 60 faoin gcéad de na marcanna i scrúduithe na dTeastas feasta i leith chumais labhartha agus thuisceana i gcomparáid leis an 25 faoin gcéad atá ann faoi láthair.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá maidir leis an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge. Mar is eol don Teach, bunaíodh an comhchoiste don chéad uair sa bhliain 1984 agus bhí sé ceaptha dó ach go háirithe moltaí a dhéanamh faoi leathadh na Gaeilge in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht na dTithe i gcoitinne. Tá a lán moltaí déanta ag an gcomhchoiste agus, de bharr a chuid oibre, tá Seomra na Gaeilge bunaithe anseo anois ina bhfuil áiseanna teagaisc nua-aimseartha chun cabhrú le Teachtaí agus Seanadóirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is trua liom, áfach, nach bhfuil úsáid mhór á baint as an seomra sin. Má tá an pobal le gríosadh chun an Ghaeilge a úsáid, tá sé riachtanach go bhfaigheadh siad dea-shampla ó ionadaithe poiblí. Molaim do Theachtaí iarracht ar leith a dhéanamh agus roinnt Gaeilge a labhairt sa Dáil: leis an gcóras aistriúcháin comhuaineach atá againn ní gá a bhfuil ráite i nGaeilge a athrá arís i mBéarla.

Tá Cathaoirleach nua ceaptha le déanaí ar an gcomhchoiste — An Teachta Micheál Ó Máirtín — agus tá mé cinnte go gcuirfidh sé dlús le hobair fhiúntach an chomhchoiste.

Is dóigh liom go bhfuil léargas réasúnta maith tugtha agam ar an obair atá ar siúl i mbliana ag mo Roinnse agus ag eagraíochtaí éagsúla atá faoina scáth. Leis an soláthar airgid nach beag atá curtha ar fáil ag an Rialtas don Roinn le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, táim sásta go ndéanfar dul chun cinn suntasach i rith na bliana seo.

Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo go bhfuil mé faoi chomaoin mhór ag an Aire Stáit, An Teachta Pat the Cope Gallagher, as ucht an méid oibre atá á dhéanamh aige i Roinn na Gaeltachta.

Molaim Meastachán Roinn na Gaeltachta do 1992 don Teach.

Ar dtús ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Tánaiste agus Aire na Gaeltachta, agus tréaslú dó. Sílim gur seo an chéad uair a raibh deis aige Meastachán Roinn na Gaeltachta a chur roimh an Teach. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis fad agus atá sé san oifig sin, é féin agus Aire Stáit na Gaeltachta, mo chomharsa féin, an Teachta Gallagher, agus go rachaidh aon obair a dhéanfaidh siad chun sochair don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Táimid ag druidim isteach le tréimhse an-tábhachtach i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeltacht. Táimid ag tarraingt ar 1993 agus ar an mhargadh aontaithe agus sílim go bhfuil sé tráthúil ceist a chur orainn féin cad tá i ndán don Ghaeltacht agus don Ghaeilge san Eoraip nua. An mairfidh an Ghaeilge san Eoraip nua nuair atáimid istigh ansin i measc na ndaoine agus na dteangacha eile ar fad? An bhfeicfimid cúlú eacnamúil, sóisialta, cultúrtha ina mbeidh dífhostaíocht agus imirce faoi réim, agus pobal agus teanga faoi ionsaí sa Ghaeltacht? Nó an féidir linn a bheith ag súil le forbairt eacnamaíochta agus athbheochan cultúrtha a thabharfaidh léas úr saoil dár dteanga agus dár ndúchas.

Tá uair na cinniúna buailte linn chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga agus an Ghaeltacht. Tá an tír seo Éire suite ar imeall na hEorpa ach tá na ceantair Ghaeltachta suite ar imeall na hÉireann, scartha amach ó mhórphobal agus ó mhargaí eacnamaíochta a gcaithfimid muid bheith ag brath chomh mór sin orthu. Má tá an Ghaeltacht le maireachtáil caithfidh teacht réidh agus éasca bheith againn ar na pobail agus ar na margaí sin. Sílim gurb é an chéad mhórfhadhb atá le réiteach ná modhanna cumarsáide leis na Gaeltachtaí agus idir na Gaeltachtaí a fheabhsú, cé acu bóithre, aerbhealaí nó bealaí mara atá i gceist. Mura gcuirtear na bunstruchtúir riachtanacha ar bun sa tír, agus go speisialta sna Gaeltachtaí, beidh sé thar a bheith deacair tionscail agus fostaíocht a chur ar fáil agus a chaomhnú sa Ghaeltacht. Ní shílim go bhfuil sé sin á dhéanamh ar scála leathan go leor go fóill.

Tá Údarás na Gaeltachta, a ndearna an Tánaiste tagairt dó, ag déanamh a ndíchill leis na hacmhainní teoranta atá curtha ar fáil dóibh. Ach má táimid chun tionscail agus fostaíocht a bheith againn sna Gaeltachtaí tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeadh bóithre cearta isteach ansin fá choinne an t-ábhar a thabhairt isteach agus an táirgeadh a chur amach. Tá an Bhreatain agus Mór-roinn na hEorpa ceangailte le chéile ag an tollán agus muidne an t-aon tír sa Chomhphobal atá scartha amach anois, agus tá an Ghaeltacht, mar a dúirt mé, ar imeall na tíre seo. Is ceantar imeallach muid anois agus sílim go gcaithfear tabhairt faoi na fadhbanna a bhaineann le hinfrastruchtúr a chur i gceart.

Rinne an Tánaiste tagairt do Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge, atá bunaithe le hocht mbliana. Bunaíodh é i 1984 nuair a bhí an t-iar-Theachta Pádraig O'Toole ina Aire Ghaeltachta, agus inné bhí cruinniú faoin chathaoirleach nua, an Teachta Micheál Martin. Ag an chruinniú chuamar siar ar cad a tharla le hocht mbliana, ach taobh amuigh de Sheomra na Gaeilge agus cúpla rud mar sin ní morán a tharla maidir le cur chun cinn na Gaeilge istigh anseo sa Dáil agus sa Seanad. Is ábhar buartha agus imní don chomhchoiste go bhfuil an méid Gaeilge atá á labhairt istigh anseo chomh beag sin. Ceart go leor, nuair a bhíonn vóta Roinn na Gaeltachta á phlé anseo labhraímid uilig trí Ghaeilge agus is maith an rud é sin. Ach nuair atáimid ag plé ábhar eile ar nós na cáinaisnéise nó Meastacháin na Ranna eile is beag Gaeilge atá le cloisteáil agus is ábhar imní agus éadóchais don chomhchoiste nach bhfuil níos mó Gaeilge á úsáid anseo, sa dóigh, mar a dúirt an tAire é féin, is gur féidir linn a thaispeáint do na daoine taobh amuigh go bhfuilimid ag úsáid na Gaeilge anseo agus go ndéanfaidh siadsan an rud céanna trí dhea-shampla a fháil uainne.

Chuir an Comhchoiste don Ghaeilge ocht dtuarascáil ar fáil agus bhí ceann acusan ag baint go huile is go hiomlán le cur chun cinn na Gaeilge istigh anseo, moltaí an-mhaith ar fad. Tá lúcháir orm go bhfuil mo chomhghleacaí, an Teachta Mícheál D. Higgins as Gaillimh Thiar, anseo agus an Teachta Browne; ní shílim go raibh sé ar an chomhchoiste riamh ach tá suim aige sa Ghaeilge. Is cuimhin leis an Teachta Higgins na tuarascálacha uilig a chuireamar amach, ag moladh an Ghaeilge a úsáid anseo agus gur bheag úsáid a baineadh astu. Ach níl éinne saor ó locht. Níl mé ag cur lochta ar dhuine amháin ná ar dhuine eile, ar pháirtí amháin ná ar pháirtí eile. Is rud í an Ghaeilge a bhaineann le gach duine agus gach páirtí agis sílim go bhfuil sé in am againn cuid de na tuairiscí sin a athscrúdú agus beart de réir ár mbriathair a chur ar bun anseo san áit as a bhfuil a himeachtaí ag dul amach go dtí pobal na tíre gach oíche ar an raidió agus ar an teilifís.

Rinne an tAire tagairt don airgead atá á fháil ag Ciste na Gaeilge ón chrannchur náisiúnta. Nuair a cuireadh an crannchur ar bun i 1986, thuigeamar go léir go mbeadh sciar cothrom den airgead sin le fáil fá choinne an Ghaeilge a chur ar aghaidh. Luadh chomh maith cúrsaí ealaíne, cultúir, sláinte, óige agus spóirt: b'iadsan na ceithre dreamanna go mbeadh airgead le fáil acu as an chrannchur náisiúnta, agus d'éirigh go maith leis an chrannchur ó thaobh an airgid de, ar aon chuma. Tá £150 milliún sa bhliain ag teacht isteach, agus is mór an méid airgid é sin. Ach is beag i ndáiríre a fuair Roinn na Gaeltachta nó cúis na Gaeilge ón chrannchur náisiúnta.

Go dtí gur tháinig an crannchur náisiúnta bhí an státchiste ag cur airgid ar fáil do chiste na Gaeilge; an taxpayer, an duine a íocann cáin sa tír seo, bhí a chuid airgid ag dul isteach sa chiste sa Roinn Airgeadais agus ag teacht ó sin go dtí Roinn na Gaeltachta agus isteach i gciste na Gaeilge. Táimid ag fáil airgid inniu, ach ní ón státchiste. Tá an t-airgead go léir ag teacht ón chrannchur náisiúnta agus nílimid ag fáil ach an méid a bhí á fháil againn sular cuireadh an crannchur náisiúnta ar fáil. Tá cúpla figiúr anseo agam a léireoidh na céatadáin. Ó bunaíodh an crannchur fuair cúrsaí óige agus spóirt £95 mhilliún ar fad, nó 38 faoin gcéad; ealaín agus cultúr, £68 milliún, 27 faoin gcéad; sláinte, £63 mhilliún, 25.9 faoin gcéad. An bhfuil a fhios agat cé mhéad a fuair an Ghaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge go rabhamar ag súil leis an oiread sin ón chrannchur? Fuair an teanga £18.424 mhilliún, nó 7.5 faoin gcéad. An bhfuil sé sin ag tabhairt cothrom na Féinne do ghluaiseacht agus cur chun cinn agus forbairt agus craobhscaoileadh na Gaeilge? An é sin a rabhamar ag súil leis nuair a cuireadh an Bille um an chrannchur náisiúnta tríd an Teach seo, go bhfuil an Ghaeilge ag fáil 7 faoin gcéad agus go bhfuil cúrsaí óige agus spóirt — atá thar a bheith tábhachtach agus níl mé ag rá a mhalairt — ag fáil 38 faoin gcéad. Ba mhaith liom go ndéanfaí athscrúdú air sin sula dtig an chéad Mheastachán eile ó Roinn na Gaeltachta os comhair an Tí seo.

Is é ceann de na conspóidí móra atá ann maidir le cúrsaí Gaeilge, eagraíochtaí Gaeilge, Bord na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, ná an ráiteas a rinne cathaoirleach Bhord na Gaeilge. Níor dhúirt mise dada faoin chonspóid sin le tamall mar go bhfuil meas agam ar go leor den obair a bhí á déanamh ag an fhear sin. Níl fonn rómhór ormsa dul i bhfostú i gcúrsaí iriseoireachta na Gaeilge ach is cinnte go raibh tuairimí chathaoirleach an Bhoird, mar a tuairiscíodh arAnois iad, agus go speisialta mar a tuairiscíodh ar iad, ina n-ábhar buartha do mhórán Comhaltaí an Tí seo agus luadh sin sa Teach agus fosta le pobal dílis na Gaeilge mórthimpeall na tíre.

De ghnáth, ní bhaineann mórán tábhachta le tuairimí den chineál sin, ach nuair a thig siad ó dhuine údarásach mar uachtarán an Chonartha agus chathaoirleach Bhord na Gaeilge bíonn an chontúirt ann i gcónaí go mbainfidh daoine, nach cairde na Gaeilge iad, úsáid astu lena ndearcadh diúltach féin i leith na teanga a bhrú chun cinn. Tá sé riachtanach a bheith faichilleach agus cúramach nach dtabharfaí aon chreidiúint don fhinscéal seo go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na Sealadach ag obair as lámha a chéile. Sin scéal nár mhaith liom bheith ag dul amach, scéal nach bhfuil fíor, agus tá sé tábhachtach nach dtabharfaí tacaíocht don fhinscéal sin.

Is mór an dochar a dhéanfadh sé do chúis na Gaeilge i measc mhuintir na hÉireann dá rachadh an scéal sin amach. Thug uachtaráin eile ar Chonradh na Gaeilge, a bhfuil ardmheas orthu sa tír seo — cuir i gcás, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, Dúghlas de hÍde, a bhí ina Uachtarán ar an tír — thug siad dea-shampla dúinn go léir atá ag gníomhú ar son na teanga agus ag craobhscaoileadh na teanga agus ag obair ar son na teanga, nár chóir an teanga agus cúrsaí polaitíochta a mheascadh ná a chomhnascadh lena chéile. Tá a fhios againn ónár stair, stair na tíre agus stair Chonradh na Gaeilge, cad a rinne uachtarán Chonradh na Gaeilge i 1915 nuair a bhí an Ard-Fheis ag an Chonradh i nDún Dealgan — ní raibh sé sásta go gceanglófaí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí na Gaeilge le chéile, agus d'éirigh sé as an Chonradh. Tháinig an roth thart agus i 1937, nuair a cuireadh Bunreacht nua i bhfeidhm, bhí an Craoibhín Aoibhinn nó Dúghlas de hÍde ansin leis an onóir agus an ghradam sin a bhí tuillte go mór aige a ghlacadh, céad Uachtarán na tíre.

Sin a bhfuil le rá agamsa faoin chonspóid seo a bhí ag dul ar aghaidh. Tá mé cinnte go mbeidh rud éigin le rá ag an Tánaiste é féin maidir leis an chonspóid sula mbíonn sé críochnaithe inniu. Anois cúpla rud eile a luaigh an Tánaiste ina óráid, go bhfuil sé ag cur £2 mhilliún ar fáil i mbliana mar dheontas tithíochta, agus cuirim fáilte roimhe sin, ach tá an deontas tithíochta Gaeltachta ag £3,000 agus tá sé sin ró-íseal, níor tháinig athrú ar bith le fada, agus tá sé in am smaoineamh ar athrú a dhéanamh air gan mhoill. An bhféadfá a insint dom, a Chathaoirligh, an bhfuil mórán ama fágtha agam mar ba mhaith liom, más féidir agus más ceadmhach, dhá nóiméad a thabhairt don Teachta Mitchell anseo as Baile Átha Cliath a bhfuil fonn air cúpla focal a rá sa díospóireacht seo. Bíonn sibh ag éisteacht le muintir na Gaeltachta i gcónaí aon uair a bhíonn an Meastachán á phlé ach bíonn fonn orainn éisteacht lena leithéid seo mar is é ceann de na comharthaí dóchais is mó dá bhfuil le feiceáil ná an uimhir dhaoine san ardchathair a bhfuil fonn orthu a gclanna a chur ar scoileanna lán-Ghaelacha, agus an deacracht mhór i láthair na huaire san ardchathair ag teaghlaigh a gclanna a fháil isteach i scoileanna lán-Ghaelacha. B'fhéidir go dtabharfaidh an tAire a aird air sin fosta.

An Cathaoirleach

Tá tuairim agus trí nóiméad fágtha agat.

Is dócha go mbeidh cúpla nóiméad againn ag deireadh na díospóireachta le ceist a chur ar an Aire.

An Cathaoirleach

Ach an bhfuil sé sin aontaithe i leith an Teachta Mitchell?

Tá, agus ba mhaith liom cúpla nóiméad a thabhairt dó.

I will contribute in English. I am afraid I am not competent to do so in Irish but it is something I have ensured my children will be able to do.

I raised a question recently with the Secretary of the Department of the Gaeltacht when he appeared before the Committee of Public Accounts, and I want to formally raise the question in the House now. There has been a proliferation of all-Irish "naíonraí" and primary schools in Dublin. I think the Minister and the Secretary of his Department would accept that the future of the Irish language, as a cultural language, lies in Dublin, that the language, forming part of our culture, will be saved in Dublin. The reason I have intervened in this debate is to plead with the Minister for extra all-Irish secondary schools for Dublin, in particular on the south side of the city where there are two male/female secondary schools, one in Stillorgan and another in Clondalkin, with nothing in between. There are more and more people in Dublin wanting to send their children to all-Irish schools, as is the case with my family. However, a problem arises in that, when they reach second level, there is nowhere to send them.

At present I think there are something like 18 all-Irish primary schools in Dublin, constituting a dramatic increase since the mid eighties. In addition there has been an explosion of "naíonraí".

I want to make a plea for a particular location. In my constituency the Marist secondary school on Clogher Road and Coláiste Chaoímhín on Parnell Road, within a few hundred yards of each other, are due to close. We are fighting to keep one of those schools open, which discussion is continuing. In particular Coláiste Chaóimhín on the Grand Canal, near Harold's Cross Bridge, has a swimming pool and is an excellent campus. It would be an ideal location for an all-Irish secondary school, since the building is in first-class order. On the map it is equidistant from Stillorgan and Clondalkin and is accessible by bus.

I should like to see two more all-Irish secondary schools, one on the north side of Dublin and one on the south. I am recommending this particular location. When people observe an increase in all-Irish secondary schools from six to eight I predict that in no time there will be a demand for ten, then 15 and ultimately 20 all-Irish secondary schools in this city. People want their children to attend such schools for cultural rather than commercial or other reasons. People travelling on the Continent now see the need for the preservation of the Irish language, and for cultural reasons want their children to have the opportunities they did not have.

There is no party-political aspect to my intervention; it is a plea from the heart. I implore the Minister to examine the venue I have mentioned where there would be very little cost involved. Indeed, were he favourably disposed he would be doing both Dublin and the Irish language a very great service. I would ask him to take my appeal into account.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tréaslú leis an Aire agus tá súil agam go mbainfidh sé tairbhe, agus go mbainfidh muintir na Gaeltachta, tairbhe as a Aireacht, agus tréaslaím chomh maith leis an Aire Stáit, an Teachta Gallagher. Ar bhealach tá sé deacair dom féin labhairt arís agus arís eile ar ócáid mar seo mar, chun an fhírinne a rá, tá mé ag éirí bréan den sórt ráitis atá curtha os comhair an Tí seo i leith chúrsaí Gaeilge. Dáiríre, tá sé suimiúil ach níl an méid sin suime agam féin ann, liosta mór caiteachais faoi cheannteidil éagsúla a léamh, é ar nós shoppinglist, bliain i ndiaidh bliana, mar níl aon chéatadán ann, agus ní féidir comparáid cheart a dhéanamh ó bhliain go bliain.

Os rud é go bhfuil an tsuim ag an Roinn agus ag an Aire i bhfigiúiri, ba mhaith liom a chur i gcuimhne dó gur cuireadh an chéad tuarascáil ar chúrsaí Ghaeltachta amach i 1925-26 faoi Risteard Ó Maolchatha, agus an costas a bhí air sin ná £622. Bhí líon níos mó daoine sa Ghaeltacht ag an am sin. Cúpla bliain roimhe sin i 1919, sin nuair a bhí díospóireacht ar siúl sa Dáil rinneadh an chuid is mó den ghnó trí Ghaeilge. Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire liosta iomlán a fhoilsiú, siar go dtí 1925, de na tuarascálacha go léir faoi chúrsaí Gaeilge agus Ghaeltachta agus na costais a bhain leo, agus freisin eolas a fhoilsiú faoin daonra a bhí sa Ghaeltacht sna blianta sin.

Tá sé suimiúil éisteacht le daoine ag rá go bhfuil tábhacht i dtodhchaí na Gaeilge, le Gaeilge mar ábhar cultúrtha — go n-éirí leo. Tá suim agam féin i ngach aon teanga mar ábhar cultúrtha, ach séard atá ag tarlú ná go bhfuil glactha leis go bhfuil an Ghaeltacht ag fáil bháis, agus tá sí ag fáil bháis toisc nár glacadh leis an mbunfhealsúnacht agus leis an mbunphrionsabal a bhí taobh thiar den chéad tuarascáil i 1925-26, is é sin, dá mba rud é go raibh uait na Gaeltachtaí a shlánú go gcaithfí saol a chur ar fáil an chaighdeán céanna eacnamúil, cultúrtha agus sóisialta a bheadh ar fáil in aon áit eile sa tír. Tá daoine ann a cheapann gur daoine sórt seanaimseartha muidne a labhraíonn Gaeilge agus fiú a chreideann a gcúrsaí Éireannacha. Mar gheall ar aontas na hEorpa, deir daoine, i ndeireadh na dála nuair nach mbíonn aon argóint fágtha acu; "Níl ionainn ach 3.5 mhilliún duine agus tá 340 milliún san Eoraip". Níl a lán le fáil ón sórt meoin sin, meon frithnáisiúnta, frith-Ghaelach, frith-Éireannach, gan aon mheas acu ar an tír.

Tá sé suimiúil an méid atá tarlaithe ó thaobh na Gaeilge de. Ní dhearna Aire na Gaeltachta tagairt ar bith do thodhchaí Údarás na Gaeltachta, an t-aon institiúid phleanála a bhfuil bunús réigiúnach leis, ar féidir leis plé cursaí fostaíochta, eacnamaíochta agus infrastruchtúr na Gaeltachta. An nglacann nó nach nglacann sé le moltaí Culliton i leith Údarás na Gaeltachta?

Ní ghlacaim——

Fáiltím roimhe sin, agus tá sé tábhachtach go n-abródh an Tánaiste arís agus arís eile nach nglacann sé leis an dearcadh sin. Tá súil agam go nglacfaidh an tAire Oideachais leis an dea-shampla i dtaca le cúrsaí oideachais de, agus go mbeidh deireadh leis an dearcadh atá ag Culliton ar chúrsaí oideachais go ginearálta. Tá mé buíoch den Tánaiste as an rud a shoileiriú arís. Is féidir leanúint ar aghaidh agus más ann don Údarás fós, is mithid leasuithe chuimsitheachta a dhéanamh ar an Acht, faoinar bunaíodh an tÚdarás in 1979. Tá sé in am cumhachtaí nua a thabhairt don Údarás ionas go mbeidh sé in ann feidhmiú mar údarás iomlán réigiúnach, agus an rud atá ag teastáil, gan dabht ar bith ná cumhachtaí breise a thabhairt dó maidir le cúrsaí pleanála agus forbairt infrastruchtúr na Gaeltachta. Chuige sin, tá mé sásta go mbainfí cumhachtaí de na comhairlí contae agus go dtabharfaí iad don Údarás; agus go mbainfí cumhachtaí eile de Roinn na Mara agus Ranna eile ionas go mbeadh eagras fiúntach, údarásach ann.

Ó thaobh na Gaeltachta féin de, tá tábhacht ag baint le dul i mbun na bhfadhbanna a réiteach. Dúirt an Teachta McGinley go bhfuil Éire ar imeall na hEorpa agus go bhfuil na Gaeltachtaí atá fágtha ar imeall na hÉireann. Tá an ceart aige agus, dá bharr sin, tá a lán deacrachtaí ann faoi chostais taistil agus mar sin de. Ach is ábhar machnaimh na deacrachtaí a bhaineann leis na Gaeltachtaí. Mar shampla, tá siad ar imeall na hEorpa agus ar imeall na margaí éagsúla. Chomh maith leis sin tá sórt éadóchais ann faoin imirce agus an dífhostaíocht, fadhbanna seanbhunaithe. Dá mba rud é go rabhamar dáiríre faoin nGaeilge bheimis ag caint faoi Ghaeltacht Kilburn agus Boston, áiteanna ina bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ná mar atá abhus. Freisin, bíonn deacrachtaí sóisialta ann toisc an oiread sin daoine ag brath ar dheontais leasa shóisialaigh.

Tá 70 faoin gcéad de na feirmeacha san iarthar faoi bhun 50 acra, tá 50 faoin gcéad faoi bhun 30 acra, ach má tá tú ag caint faoin na Gaeltachtaí tá na feirmeacha beag agus scaipthe óna chéile, agus bíonn deacrachtaí ann ó thaobh teidil de. Ag an am céanna, mar shampla, tá leibhéal náisiúnta 16.3 faoin gcéad de na daoine fostaithe ag plé le cúrsaí talmhaíochta, foraoiseachta, iascaireachta agus mianadóireachta; tá 31.1 faoin gcéad ag plé san iarthar leis an earnáil chéanna agus iad faoi choinníollacha deacra. Tá daoine ag brath ar an talmhaíocht in áiteanna ina bhfuil na coinníollacha níos déine ná in áiteanna eile. Sin an tábhacht atá ag baint leis na seirbhísí a chur ar aghaidh agus is iad na buntáistí atá ag an nGaeltacht, gan dabht, ná an fhaill atá ann dul in mbun táirgthe nua atá bunaithe ar an tsaoithiúlacht.

Tá tús maith curtha lena leithéad i gcomhlachtaí mar Telegael agus Cinegael. Dá mba rud é go raibh an tsamhlaíocht ann, d'fhéadfaí táirgeadh scannán a chur ar siúl sa Ghaeltacht, chomh maith le fístéipeanna, agus d'fhéadfaí scoil scannán ar bhonn Eorpach a bhunú sa Ghaeltacht, fístéipeanna Eorpacha san áireamh. Tá an taithí agus an bunstruchtúr ansin agus d'fheilfeadh fiontar mar seo don Ghaeltacht. Má táthar dáiríre faoin nGaeilge, an amhlaidh nach bhfuil an ceart ag muintir na Gaeltachta a gcuid gnó iomlán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Tarlaíonn sé fós go gcaithfidh tú brú a chur ar údaráis áitiúla foirmeacha i nGaeilge a chur ar fáil. Cén fáth nach mbíonn Gaeilge agus Béarla araon ar na foirmeacha? In áiteanna eile, nuair a bhíonn cúrsaí sláinte faoi chaibidil, aistríonn cuid de na boird sláinte ainmneacha uilig na ndaoine atá in a gcónaí sa Ghaeltacht go Béarla. Má tá tú ag caint faoi na hospidéil nach bhfuil an ceart ag aon duine sa Ghaeltacht gnó a dhéanamh as Gaeilge ansin, i dteach an doctúra agus in oifig an dlíodóra? Nó b'fhéidir go bhfuil glactha leis nach mbeidh Gaeltachtaí ann sar i bhfad.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Tánaiste faoi na tuarascála go léir faoin nGaeltacht a cuireadh amach ó 1925 i leith. In ainm Dé, cén fáth go bhfuil tuarascáil eile ag teastáil ar cheist theilifís na Gaeltachta. Cén sórt tuarascála atá i gceist? Tá focal iontach sa ráiteas, na "féidireachtaí". Bhuel, bail ó Dhia ar de Bhaldraithe, ach níl féidireachtaí ná aon tuarascáil eile ag teastáil. Séard atá ag teastáil ná cinneadh a dhéanamh. Tá tuarascálacha ann ó Theilifís Éireann, ón Roinn, ó dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge — níl a thuilleadh ag teastáil. Níl aon deighilt dáiríre idir an dá aidhm thábhachtacha: na Gaeltachtaí a shlánú mar bhunchloch thodhchaí na teanga agus, ag an am céanna, úsáid na teanga a leathnú ar fud na tíre.

Is féidir an dá chuspóir a chur i gcrích, ach caithfear féachaint chuige go bhfuil staid eacnamúil agus sóisialta na Gaeltachta sásúil chun é sin a dhéanamh. Tá tú ag maslú intleacht Chomhaltaí an Tí seo má tá tú ag caint faoi aitheantas a thabhairt don Ghaeltacht agus na bóithre ansin á fhágáil mar atá siad faoi láthair. Tá an dara gné den cheist seo ann: cúrsaí na Gaeilge féin. Tá an ceart ag an Teachta McGinley go raibh mise i mo bhall den chomhchoiste le fada, agus is é an fáth gur fhág mé an comhchoiste ná cionn is go raibh na moltaí i dtuarascáil a haon, a dó is a trí á n-athchló i dtuarascáil a ceathair, a cúig agus a sé, agus go raibh cur i gcéill ann ar leibhéal polasaí de.

Cosúil leis an Teachta Mitchell tá triúr mac liom féin ag freastal ar scoil dara leibhéal. Cé mhéad ábhar don Ardteist atá ann a bhfuil téacsleabhair i nGaeilge ar fáil dóibh? Cé mhéad leabhar atá ann, agus cé mhéad atá á n-ullmhú faoi láthair? Agus cé mhéad a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn? An sórt cur i gcéill a raibh mé ag tagairt dó ná, maidir leis an Ghaeilge bheith mar mheán teagaisc sa Ghaeltacht, mar ábhar cultúrtha, agus ní raibh téacsleabhair ar fáil do thrian de na hábhair a bhí ar an gclár don Ardteist. Tá sé tábhachtach go bhfreagrófaí na ceisteanna sin.

Tá coinníollacha agus deacrachtaí áirithe ag cur as do na Gaeltachtaí i gcoitinne, agus tá deacrachtaí thar an ghnáth ag cur as do mhuintir na n-oileán. Cad faoi sheirbhís fharantóireachta Oileáin Árainn maidir leis na deacrachtaí sin a shárú. Céard atá i ndán do na moltaí ó Chomhairle na nOileán maidir le saol eacnamúil agus sóisialta mhuintir na nOileán a fheabhsú. Bhí bean as na hoileáin ag caint liom cúpla seachtain ó shin agus bhí sí beagáinín searúsach: "Níl a lán ag teastáil uainn, a Mhíchíl, ach uisce", ar sí. An mbeidh uisce ar fáil an samhradh seo sna hoileáin ar bhonn leanúnach. Muidne, i ndúiche Mháirtín Uí Dhireáin, duine a scríobh i nGaeilge agus a raibh dlúthbhaint idir an Ghaeltacht agus a chuid scríbhneoirneachta, deirimid, tá sé in am bheith dáiríre.

Le linn don Tánaiste agus Aire Gaeltachta, an Teachta Seán P. Mac Uilliam, a bheith ag tabhairt an Mheastacháin seo os comhair na Dála níos luaithe, dúirt sé go raibh soláthar de £15.573 mhilliún ón Stát déanta don Údarás i mbliana. Den tsuim sin, is caipiteal £13.2 mhilliún: £7.7 milliún ó Vóta na Roinne chun deontais chaipitil a íoc; agus £5.5 mhilliún mar airleacain ón bPríomh-Chiste chun monarchana a thógáil nó a athchóiriú, infheistíocht a dhéanamh agus maoin a cheannach. I dteannta leis sin, tá suim £2.373 mhilliún á chur ar fáil mar chabhair chun costais reatha an Údaráis a íoc. Is suimeanna substaintiúla iad seo agus ba mhaith liom, mar sin, glacadh leis an deis seo chun cur síos gairid a thabhairt don Teach maidir le gnéithe ar leith d'obair an Údaráis a cheapaim atá tábhachtach.

I rith na bliana 1991, cheadaigh an tÚdarás tionscadail ina raibh 825 post nua san iomlán i gceist. B'é £9,800 an meánchostas deontais in aghaidh an phoist i gcomparáid le £11,400 i 1990.

Is dóigh liom gur fiú dom tagairt ar leith a dhéanamh do Ruibéar Mótair Teo, a bhí ar an tionscal ba mhó a bunaíodh sa Ghaeltacht ariamh. Tá an tionscal seo, a bunaíodh le cuidiú mhór ón Údarás, i mbun gnó inGaeltacht Dhún na nGall ón mbliain 1990 ag táirgeadh comhpháirteanna ruibéar do thionscal na ngluaisteán. Bhí infheistíocht mhór de bhreis ar £15 mhilliún i gceist chun an tógra seo a bhunú agus, mar thoradh air sin, meastar go gcuirfear 350 post ar fáil sa ghnó nuair a bheidh sé faoi lánseol. Cuidiú deontas de bhreis ar £6 mhilliún a cuireadh ar fáil ón Údarás don togra. Tá trí mhonarcha i gceist — aonad táirgeachta de 5,000 méadar cearnach ar an Eastát Tionscail i nGaoth Dobhair, a chosain £2.5 mhilliún, agus dhá aonad thánaisteacha — ceann ar an gClochán Liath agus an ceann eile i nGort an Choirce. Ar ndóigh, ciallaíonn sé sin go bhfuil tionchar an-tairbheach fostaíochta ag an tionscal seo ar limistéar mór de Ghaeltacht an Iarthuaiscirt.

Chuir mé féin suim phearsanta sa togra seo ón tús agus bhí sé de phribhléid agam cuidiú leis an idirbheartaíocht a thabhairt chun críche. Is cúis mhór sásaimh dom go bhfuil éirithe chomh maith sin leis an ghnó i gcaoi is go bhfuil 196 dhuine fostaithe ann faoi láthair agus tá dóchas agam nach fada go mbainfear amach an sprioc de 350 post atá leagtha amach dó agus, b'fhéidir, go sárófar an uimhir sin. Is cinnte gur comhartha é an tacaíocht fhial a thug an Rialtas don togra seo den tosaíocht atá á tabhairt do phoist a chrúthú do mhuintir na Gaeltachta.

Maidir le foirgnimh thionsclaíocha tríd an Ghaeltacht i gcoiteann, críochnaíodh timpeall 8,200 méadar cearnach de spás monarchan breise agus rinneadh athchóiriú ar thart ar 3,300 méadar cearnach de sheanfhoirgnimh i rith na bliana 1991. Chomh maith leis sin, leanadh le forbairt bhreise a dhéanamh ar eastáit thionscail ar leith.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá faoi chúrsaí mara sa Ghaeltacht — cúrsaí a bhfuil baint agam leo faoi dhá chaipín, mar a déarfá. Maidir le feirmeoireacht bhradán, d'fhulaing an tionscal sin cailliúintí substaintiúla sa Ghaeltacht ag deireadh na n-ochtóidí ach tá comhdhlúthú bainte amach san earnáil sin anois. B'fhiú £13.8 milliún an 4,225 tonna bradán a táirgeadh sa Ghaeltacht anuraidh agus bhí timpeall 500 duine — idir daoine lánaimseartha agus daoine páirtaimseartha — fostaithe sa tionscal i gcoitinne — táirgeadh, próiseáil agus seirbhísí — i rith na bliana sin.

Maidir le feirmeoireacht shliogéisc, táthar ag leanúint go dícheallach leis na hiarrachtaí chun tionscal dianshaothraithe sliogéisc a fhorbairt sa Ghaeltacht agus tá an dul chun cinn déanta acu. Tá cláir thaighde agus fhorbartha rí-thábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh agus táthar ag brú ar aghaidh leis na cláir sin. Tá dóchas agam go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an tionscal seo atá ag brath ar acmhainní nádúrtha an chósta thiar.

Tá baint nach beag ag an Údarás le cúrsaí oiliúna agus, mar thoradh ar a gcuid oibre, chríochnaigh 600 duine cúrsaí oiliúna in-chomhlachta agus tugadh fostaíocht do 250 duine i gcomhlachtaí Gaeltachta le linn 1991. Chomh maith leis sin, cuireadh 52 phrintíseacht ar fáil agus bhí oiliúint á thabhairt do 35 ógánaigh faoin Scéim Forbartha Bainistíochta de chuid na heagraíochta. Le cois na hoibre seo, tá oiliúint thábhachtach eile ar siúl ag an Údarás trí bhunstruchtúr teileacumarsáide a chur ar fáil agus a neartú sa Ghaeltacht. Déantar é seo tríd an chuideachta G Com Teo.

Ceapaim féin go bhfuil an obair seo fíor-thábhachtach sa gcaoi is go bhfuil aos óg na Gaeltachta á réiteach chun poist a ghlacadh agus nach mbeidh an gá céanna ann feasta chun bheith ag brath ar dhaoine nach de bhunadh na Gaeltachta iad chun poist thábhachta a ghlacadh ann.

Tá béim leanúnach á cur ag an Údarás —agus, ar ndóigh, ag Roinn na Gaeltachta féin — ar an ghá atá le huasghrádú a dhéanamh ar chaighdeán an bhunstruchtúir sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé seo riachtanach mar éilíonn tionsclóirí ardchaighdeán bóithre, teileachumarsáide agus séarachais dá gcuid comhlachtaí. Sna ceantair sin ina bhfuil eastáit thionscail lonnaithe, tá brú an-mhór á chur ar an mbunstruchtúr agus ar na seirbhísí gaolmhara ag an trácht agus ag an éileamh breise a eascraíonn as an saol tionsclaíochta.

Le bliain anuas, tá iarrachtaí ar leith déanta ag an Údarás chun plean comhoibrithe agus comhordaithe i ndáil le riachtanais bhunstruchtúrtha a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla, le Telecom Éireann agus le heagrais eile Stáit a sholáthraíonn seirbhísí dá leithéid. Cheana féin, tá tuarascáil chuimsitheach ar staid na seirbhísí theileachumarsáide, ar na heasnaimh a bhaineann leo i gceantair áirithe, agus ar na céimeanna a thógfar chun na heasnaimh sin a chur ina gceart, curtha ar fáil don Údarás ag Telecom Éireann.

Is dóigh liom gur thug an méid atá ráite agam san am gairid atá agam inniu léargas breise ar an obair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta agus tá súil agam go n-aontaíonn an Teach liom gur obair fhiúntach í sin. Ba mhaith liom, mar sin, mo ghuth a chur le guth an Tánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gaeltachta agus an Meastachtán seo a mholadh don Teach.

Níl ach cúpla pointe le déanamh agam sa díospóireacht seo. Is mór an trua, is dócha, nach mbíonn díospóireachtaí sa Teach seo i nGaeilge seachas nuair a bhímid ag labhairt faoin nGaelige féin nó faoin nGaeltacht. Creidim go bhfuil fadhbanna faoi leith ag baint leis an scéal seo a bheith amhlaidh. Sa chéad chás, ní féidir le mórán Teachtaí, agus mé féin san aireamh, Gaeilge a labhairt sa Teach seo gan obair rídhian a dhéanamh roimh ré chun óráid a scríobh. Mura mbíonn an t-am sin le spáráil ag duine ní bhacfaidh sé le Gaeilge a úsáid. Creidim, mar sin, go bhfuil gá sa Teach seo le córas aistriúcháin do Theachtaí, is é sin, más mian le Teachtaí Gaeilge a labhairt sa Teach go ndéanfar aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ar a gcuid óráidí roimh ré. Ansin tig leo teacht isteach anseo agus labhairt i nGaeilge ar ábhar nach mbaineann leis na Ghaeilge ná an Ghaeltacht.

Tá taobh eile den scéal ann, gur beag poiblíocht a thugtar sna nuachtáin do do chuid cainte i nGaeilge ar an ábhar nach mbíonn Gaeilge ag na hiriseoirí, agus is beag duine againn a bheadh sásta gan phoiblíocht a fháil ar pé rud a deirtear anseo. Labhair mé féin sa Teach seo bliain ó shin ar Alt a dó agus a trí den Bhunreacht agus chuir mé a lán saothair isteach san óráid a scríobh mé i nGaeilge ach, murach aistriúchán bheith déanta agam i mBéarla lena thabhairt do na hiriseoirí, ní bheadh tagairt ar bith ann do mo chuid cainte sa Teach seo. Mar sin, bíonn deacrachtaí mar seo ag Teachtaí ar mian leo Gaeilge a labhairt anseo.

Caithfidh muid, mar sin féin, aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar shlí éigin, am éigin, i dtreo is go mbeidh níos mó úsáide á baint as an nGaeilge sa Dáil. Ag an am céanna ní cóir go mbeadh ar Theachta leithscéal a ghabháil, faoi mar a cheap an Teachta Mitchell go raibh air a dhéanamh de bharr nach raibh mórán Gaeilge aige. Ní dóigh liom gur gá d'éinne sa tír seo leithscéal a ghabháil as gan Ghaeilge bheith aige. Ní shílim go bhfuil bunús a thuilleadh leis an tuairim go gcaithfidh Gaeilge a bheith agat le bheith i d'fhíor-Éireannach. Creidim gur oidhreacht chultúrtha é an teanga Ghaeilge atá ar fáil do gach duine sa tír seo, thuaidh agus theas.

Tig linn glacadh leis nó diúltú dó, más maith linn. Ní bhainfidh sé pioc dár nÉireannachas gan Ghaeilge bheith againn. Caithfimid an tuairim seo, go bhfuil nasc idir an Ghaeilge agus an náisiúnachas, agus fiú amháin an creideamh Caitliceach, a dhíbirt, más mian linn forbairt a dhéanamh riamh ar an nGaeilge. Creidim gurb é sin an pointe is mó a bhí le rá ag Proinsias Mac Aonghusa agus ag an alt a scríobh sé ar an nuachtán seachtainiúilAnois nuair a d'iarr sé ar na votálaithe i mBéal Feirste Thiar guth a chaitheamh ar son na Sealadach. Thug sé le fios go raibh an bhaint seo ann idir an teanga seo agus na Sealadaigh nó fiú an náisiúnachas agus nach féidir le duine Éireannach a thabhairt air féin nó uirthi féin mura mbeadh an náisiúnachas agus an teanga acu.

Dúradh gur scríobh sé seo agus é i mbun a ghairme mar iriseoir, ach caithfear cuimhniú gur cathaoirleach ar Bhord na Gaeilge an fear seo freisin agus nach féidir le Rialtas ar bith a leithéid a cheadú. Beidh spéis agam i cibé tuairisc a eisíonn an tAire faoin chruinniú a bhí aige féin inné le cathaoirleach Bhord na Gaeilge. Beidh spéis agam a fháil amach ar iarr an tAire ar an chathaoirleach éirí as a phost nó nár iarr. Murar iarr sé air éirí as, cad é an socrú atá déanta aige leis as seo amach maidir le ceisteanna polaitíochta agus a phost ar Bhord na Gaeilge.

Dúirt an Teachta McGinley gur chóir cursaí Ghaeilge agus an pholaitíocht a scarúint óna chéile. Ní shílim go bhfuil an ceart aige sa mhéid sin. Creidim go gcaithfidh gluaiseacht na Gaeilge a choinneáil amach ó cheisteanna polaitíochta. Creidim gur chóir go mbeadh fáilte roimh dhuine i ngluaiseacht na Gaeilge, is cuma cad iad na tuairimí polaitíochta atá acu. Má táimid chun an Ghaeilge a fhorbairt caithfimid a admháil go mbeidh an Ghaeilge i lár na polaitíochta. Tá an Ghaeilge measctha i ngach réim de shaol na tíre seo agus a muintire. Ní shílim gur féidir linn í a choinneáil gan smál, gan aon truailliú ón bpolaitíocht ná aon rud éile. Ach caithfimid rud amháin a chinntiú, agus is é sin, nach le haon taobh amháin den pholaitíocht an Ghaeilge.

Mar a dúirt mé ag an tús, níl mórán taithí ag bunús mhuintir na tíre seo agus an Tí seo ar an nGaeilge. Tá sean-nath ann a deir gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste — níl mé cinnte gur fíor a leithéid. Mar dhuine a bhfuil Gaeilge bhriste aige féin agus b'fhéidir nach bhfuil in ann na tuairimí ná na smaointe atá in a aigne a chur chun tosaigh chomh maith agus is féidir leis i mBéarla, ag an am céanna tá mé sásta seasamh anseo agus iarracht a dhéanamh óráid a dhéanamh i nGaeilge. Ach sílim go bhfuil gá le breis cabhrach a thabhairt do Theachtaí Dála agus b'fhéidir go mbeidh níos mó acu toilteanach cúrsaí an Tí seo a phlé trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an tAire sa Teach an tseachtain seo caite gur cruthaíodh 897 post i 1991 ach gur cailleadh 887 post sa bhliain chéanna agus nach raibh ach deich bpost nua sa bhreis ar fáil sa Ghaeltacht. Is dócha gur fíor nach bhfuil an tAire freagrach as na postanna a chailliúint ach má táimid i ndáiríre i dtaobh forbairt na Gaeilge caithimid glacadh leis gurb í bunchloch na Gaeltachta an Ghaeilge, agus mura bhfuil postanna ansin, go mór mhór do na daoine óga, nach mairfidh sí thar deich mbliana. Chomh maith leis sin, mura bhfuil forbairt ar an Ghaeilge sna cathracha níl todhchaí ag an teanga ach an oiread. Caithimid an dá aidhm a chur i gcrích.

Tá a lán cur i gcéill i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Caithfidh mé a chur in iúl don Teachta go bhfuil an t-am beagnach caite.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá, go bhfuil géarghá le postanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá pointe amháin eile agam: chuir me ceist ar an Aire an tseachtain seo caite i dtaobh an nuachtáin seachtainiúilAnois. Deir an freagra a thug sé dom go bhfuil an Stát ag íoc £3,000 sa tseachtain don pháipéar seo agus tá 4,000 cóip de á ndíol. Ní dóigh liom gur féidir seasamh leis sin. Tá gá le páipéar maith seachtainiúil. Luaigh me cheana féin gur labhair mé féin anseo as Gaeilge ar feadh beagnach 20 nóiméad ar Airteagail 2 agus 3 den Bhunreacht bliain o shin agus níor bhac Anois le focal a dúirt mé. Níl mé ag á lochtú toisc nar thug siad aon aird orm féin ach níor thug siad aon aird ar an díospóireacht a bhí ar siúl sa Teach seo. Ní dóigh liom gur féidir nuachtán seachtainiúil mar sin a mholadh.

Tá spéis faoi leith agam i Meastachán Roinn na Gaeltachta. I dtosach báire, cuirim fáilte roimh an Aire agus gabhaim buíochas leis as ucht a chuid oibre ar son mhuintir na Gaeltachta. Ba mhaith liom na smaointe atá agam a chur in iúl trí Ghaeilge ach tá aiféala orm nach bhfuil ar mo chumas é sin a dhéanamh. Níl mo chuid Gaeilge líofa go leor agus mar sin caithfidh mé leanúint ar aghaidh trí Bhéarla.

I welcome the opportunity to speak on this Estimate. There is a measurable reduction this year in the moneys allocated to Údarás na Gaeltachta. During the past year Údarás failed to attract industry to the Gaeltacht areas. That may be the reason for the reduction. They have not set up any new industries in the past few years and are finding it hard to attract industrialists, notwithstanding the fact that a number of advance factories are available.

I wish to record my appreciation of the efforts made by the Minister of State, Deputy Gallagher, to help the Atlantic Rubber Company in Belmullet who are in some difficulties. The Minister has kindly taken on the task of a full examination of their position and he has been more than helpful to two recent deputations in the matter. There are proposals for retaining the industry, which is in a very remote area. Fifty jobs in Belmullet would be equivalent to 500 jobs in Dublin, Limerick or Cork. The loss of 50 jobs there would have a greater impact than in any other part of the country. Rather than trying to set up new industries we should stabilise industries already located in the Gaeltacht. The experience gained by the workers in the Belmullet factory is an asset and I would ask the Minister to continue his efforts to save the company. I have no doubt that he will be successful.

The submissions made by Údarás na Gaeltachta under the Leader programme were not successful this year. This is the first time the catchment area of Údarás na Gaeltachta has been left out. Areas outside the Gaeltacht always had a grievance because they did not qualify for various grants available in Gaeltacht areas. The reverse has happened this year in that the Gaeltacht application was not successful. In view of this, I would ask the Minister for the Gaeltacht to intensify his activities within the regions which have been omitted from the Leader programme, which is designed specifically to benefit rural areas. The Gaeltacht is in the most remote rural areas and should be given attention.

Money was always made available for roads in Gaeltacht areas. It was expected that moneys would be provided for the roads on Inish Biggle this year but, unfortunately, that was not the case. At present not all the roads in Gaeltacht areas are tarred and a number require maintenance and resurfacing, but this work can only be carried out if the moneys are provided in the Gaeltacht Vote. Generally, county councils leave the maintenance of the roads in Gaeltacht areas to Údarás na Gaeltachta or the Department of the Gaeltacht. The Minister should reconsider the funding of such roads because applications have been submitted to his Department for moneys to carry out those works.

There is a general feeling in the west that the west needs to be saved. Many groups have taken it upon themselves to look after the west as, perhaps, they feel the politicians are not doing enough. The bishops have become involved in the campaign to save the west. This is not the first time this has happened but if State agencies were funded adequately they would be well able to look after the west, especially the Gaeltacht areas.

We still have the problem of coastal erosion and I am sure the Minister is aware of this. This is also a problem in the Gaeltacht.

Tá mé ag eisteacht leat.

I ask the Minister to provide sufficient moneys to deal with this problem in the Gaeltacht Vote as we must first draw down money from the Gaeltacht and look to Europe for the remainder.

I am delighted to have had the opportunity to contribute to this debate. The reason I spoke in English is that I have a better command of it than of Irish.

(Carlow-Kilkenny): Sa díospóireacht seo i mbliana beidh níos mó le rá agam faoin Ghaeilge ná faoin Ghaeltacht. Ní féidir linn an dá thrá a fhreastal, is é sin, a bheith ag iarraidh an Ghaeltacht a choimeád beo mura bhfuilimid toilteanach deontais agus gach cabhair airgid atá ag teastáil a thabhairt chun go mbeidh go mór mhór daoine óga in ann fanacht sa Ghaeltacht agus saol taitneamhach a chaitheamh ansin. Caithfear an deis chéanna a bheith acu agus atá ag daoine i ngach cuid eile den tír postanna a fháil agus airgead a thuilleadh. Aontaím leis an Teachta Michael D. Higgins, mura bhfuil tairbhe le baint as an Ghaeilge, nach bhfanfaidh sí beo. Tá sé ceart go leor do dhaoine a bhfuil postanna maithe acu i bhfad ón Ghaeltacht bheith ag caint go teoiriciúil faoin Ghaeilge nuair nach gcuirfidh sí isteach orthu choíche.

Cuireann sé díomá orm go bhfuilimid ag múineadh Gaeilge leis na blianta agus go gcaitheann daltaí deich mbliana ar a laghad ar scoil ag foghlaim na teanga agus má théann siad ar aghaidh go dtí an meánscoil caitheann siad 13 nó 14 bliana á foghlaim. Cén toradh atá le feiceáil ar fud na tire? Níl an Ghaeilge le cloisteáil. Cuireann sé ionadh orm buaileadh le daoine óga nach mbíonn aithne agam orthu agus nuair a deirim, "conas tá tú?" freagraíonn siad as Béarla. Iarraim ar an Aire suirbhé a dhéanamh ar na becanna atá ann do labhairt na Gaeilge. Ní ceart leanúint de bheith ag caitheamh a lán ama agus airgid ar mhúineadh na Gaeilge mura bhfuil daoine toilteanach í a labhairt.

Rinneadh suirbhé roimhe seo agus cuireadh ceisteanna mar seo: "An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?", agus "An ceart an Ghaeilge a choimeád beo?". Tá suim ag gach éinne sa tír sa Ghaeilge ach níl siad toilteanach aon rud a dhéanamh faoi. Caithfear a bheith i ndáiríre faoin suirbhé seo agus ceisteanna eile a chur: "Cad a chuireann bac le labhairt na Gaeilge?"; "An bhfuil náire ort an Ghaeilge a labhairt?". Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire iarracht freagra a fháil ar cheisteanna dá leithéid sin ionas go mbeidh a fhios againn cad iad na bacanna agus na lochtanna atá ag cur isteach ar an Ghaeilge.

Tá feabhas ag teacht ar an Ghaeilge sa Ghalltacht. B'fhéidir go bhfuil postanna ag na daoine ansin agus go bhfuil labhairt na Gaeilge mar sórt "cultural activity" acu, ach tá siad i ndáiríre fuithí. Tá a lán Gaelscoileanna ar fud na tíre agus tá Gaeilge líofa ag na páistí sna scoileanna seo ach ní bheith léirmheas ceart againn ar thorthaí na nGaelscoileanna go dtí go mbeidh na páistí in a ndéagóirí agus go bhfeicimid an leanfaidh siad ar aghaidh le labhairt na Gaeilge nó an mbeidh náire orthu an teanga a labhairt nuair a bheidh siad beagnach fásta suas. Ach is cinnte go bhfuil obair an-mhaith á déanamh ag na Gaelscoileanna faoi láthair.

Dúirt an Teachta Gay Mitchell go bhfuil feabhas mór le feiceáil sa chathair i leith na ceiste seo. Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil athbheochan na Gaeilge ag brath ar Bhaile Átha Cliath ach ar gach cuid den tír, agus ba chóir go mbeadh sé mar ghnáththeanga. Go minic bíonn deiseanna ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim, mar shampla, i gcúrsaí spóirt. Nuair a bhíonn Micheál Ó Muircheartaigh ag tabhairt cuntais reatha ar chluiche agus nuair a athraíonn sé ó Bhéarla go Gaeilge, déanann sé níos mó do labhairt agus tuiscint na teanga ná éinne eile atá beo. Sin an rud ba chóir a bheith ar an teilifís nó ar an raidió. Ní prima donnas a theastaíonn uainn ach daoine a bhíonn ag caint faoi ábhair shuimiúla, cuir i gcás, ar an chlár "Cúrsaí". Bíonn suim i gcónaí ag daoine i dtráth na gceist as Béarla, agus ba chóir go gcuirfí a leithéid ar siúl as Gaeilge.

Bíonn fadhb mhór i gcónaí san ardteastas, go mór mhór an t-ard-chúrsa. Sílim go bhfuil sé i bhfad ró-dheacair. Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cad tá ag teastáil ón Roinn nuair a chuireann siad ceisteanna. Tá an t-uafás oibre le déanamh ag na scoláirí agus an t-uafás dánta le foghlaim acu, agus iad ag rith timpeall na tíre i ndiaidh Diarmaid agus Gráinne. Nach cuma faoi Dhiarmaid agus Gráinne san am i láthair? Is féidir leo staidéar a dhéanamh ar na rudaí sin nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an ollscoil. Ach cuireann sé déistean ar na páistí Ard-Teastais. Bíonn suim acu sa Ghaeilge, bíonn siad ag foghlaim, glacann siad leis an ard-chúrsa ach ansin ní fhaigheann siad an toradh a chreideann siad atá tuillte acu. Deireann siad: "chaith mé an iomad ama ag foghlaim Gaeilge", agus fágann siad i leataobh í.

Dúirt Shakespeare: "Something is rotten in the state of Denmark". Nílim ag rá go bhfuil lofacht éigin ag baint le athbheochan na Gaeilge, ach tá rud éigin mí-cheart agus ba chóir dúinn staidéar a dhéanamh chun a fháil amach an tslí is fearr chun daoine a ghríosadh chun Gaeilge a labhairt. In ionad a bheith ag caint faoi labhairt na Gaeilge ba chóir a bheith ag labhairt i nGaeilge.

Roimh fhreagairt an Tánaiste caithfidh mé a chur in iúl don Teach, de réir an ordaithe a rinne an Teach inné, go bhfuil cúig nóiméad ann in ar féidir le Comhaltaí iarraidh ar an Tánaiste soiléiriú a dhéanamh i dtaobh ceisteanna sonracha.

Dúirt an tAire go bhfuil £150 milliún breise i mbliana do na coláistí Gaeilge. Cad faoi choinne an t-airgead sin? An bhfuil sé faoi choinne breis scoláiri a chur chun na Gaeltachta nó breis airgid a thabhairt do na mná tí? Uimhir a dó, an bhfuil aon eolas ag an Aire maidir le gearradh siar ar scéim atá faoi choimirce Ghaeleagrais? Is í sín scéim a thugann deis do státseirbhísigh agus do dhaoine san earnáil phoiblí dul go dtí na Gaeltachtaí, seachtain nó coicíos a chaitheamh ansin agus freastal ar chúrsaí Gaeilge. Deirtear liom go bhfuil gearradh siar ansin. An bhfuil sin fíor agus an féidir aon rud a dhéanamh chun an scéal a chur ina cheart mar gur scéim an-mhaith a bhí ann a thug deis do statseirbhísigh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

An bhfuil moltaí curtha ar aghaidh ag an Aire go dtí an Rialtas chun leasú a dhéanamh ar bhunAcht 1979 Údarás na Gaeltachta? Tá ceist agam atá, b'fhéidir, níos práinní. An dtuigeann sé go bhfuil protest ar siúl inniu ag oifigí Údarás na Gaeltachta i nGaillimh faoi dhroch-chaoi bhóithre na nGaeltachtaí. An bhfuil moltaí déanta aige don Rialtas chun teacht i gcabhair ar mhuintir na Gaeltachta ó thaobh infrastructure de agus ó thaobh bhóithre de go háirithe.

(Carlow-Kilkenny): An mbeadh an tAire toilteanach a rá linn céard a tharla idir é féin agus Cathaoirleach Bhord na Gaeilge inné?

Tosóidh mé leis an gceist deireanach. Is mian liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachtaí a labhair ar an Meastachán agus a léirigh go bhfuil suim acu i gcúrsaí na Gaeltachta agus i gcúrsaí na Gaeilge. Tá athas orm mar gheall air sin.

Táim ag caint i láthair na huaire leis an Uasal Mac Aonghusa. Bhí cruinniú agam leis inné agus déanfaidh mé cinneadh dearfach i dtaobh an scéil seo sar i bhfad. Tá daoine ann agus táid in aghaidh na cinsireachta i gcás amháin agus i bhfábhar na cinsireachta i gcás eile. Ní thuigim an meon sin.

Caithfidh mé é seo a chur i dTuarascáil an Tí. Do léirigh an Rialtas arís agus arís eile go rabhamar ag tabhairt tacaíochta don pháirtí daonlathach sa Tuaisceart, is é sin an SDLP. Go háirithe do léirigh an tAire Ghnóthaí Eachtraca, an tUasal Mac Aindriú, go raibh an Rialtas, sa chás atá i gceist anseo, i bhfábhar an Dr. Hendron. Ní cóir do dhaoine a bheith ag cur in iúl nach bhfuil sé sin fíor. Tá áthas orm ag bhfuil faill agam anseo é sin a chur in iúl do na comhaltaí.

Maidir leis an £150,000 a luaigh an Teachta McGinley, tá sé sin ann do níos mó scoláirí a bheidh ag freastal ar an nGaeltacht i mbliana. Tá meádú ag teacht in aghaidh na bliana ar an líon daltaí atá ag freastal ar dhúrsaí sa Ghaeltacht.

Níl eolas ar bith agam faoi Ghaeleagras. Is é an tAire Airgeadais atá i bhfeighil Gaeleagrais agus a thugann an t-airgead go direach don eagraíocht sin.

Níl aon leasú den Acht a bhunaigh Údarás na Gaeltachta á mholadh agamsa don Rialtas. Ach is dócha go mbeidh orainn féachaint ar an Acht sin nuair a bheidh an Conradh nua — Conradh na hEorpa — i bhfeidhm.

Ní raibh a fhios agam go raibh léirsithe ar siúl thiar i gConamara. Tá mé ag dul ansin anocht agus is dóigh go mbeidh fáil ar an scéal sin agam.

Dúirt an tUasal McGinley gur tháinig moltaí ón gcoiste agus nár deineadh faic mar gheall ar níos mó usáide á bhaint as na nGaelige sa Teach seo. Tá áiféala orm nach bhfuil níos mó usáide á baint as na nGaeilge sa Teach.

D'iarr an tUasal McGinley go mbeadh sciar cothrom ag dul go dtí an Ghaeltacht ón gcrannchur. Luaigh sé 7.5 faoin gcéad mar fhigiúr a bhíonn le fáil ag an nGaeltacht agus an Ghaeilge. Aontaím leis gur chóir níos mó a chur ar fáil. Ní aontódh daoine atá ag lorg airgid do chúrsaí oíge agus spóirt agus cúrsaí ealaíona, is dócha, ach uaireanta bíonn cúrsaí ealaíona agus mar sin de fite fuaite i gcúrsaí na Gaeilge agus i gcúrsaí na Gaeltachta. Ach beidh mise ag déanamh iarrachta níos mó a fháil ón gcrannchur náisiúnta.

Do thaitin liom an méid a bhí le rá ag Gay Mitchell faoi chathair Bhaile Átha Cliath agus tá an t-eolas sin agam — go bhfuil borradh an-mhaith ar fad i gcúrsaí scolaíochta, go háirithe sa chathair seo, i gcathair Chorcaí agus i gcathracha nach iad. Ní nach ionadh gur ar an Roinn Oideachais a thiteann an dualgas an t-oideachas a chur ar aghaidh, ach aontaím leis an Teachta Mitchell gur coláiste an-mhaith ar fad é Coláiste Chaoimhín agus go bhfuil scoileanna den dara leibhéal ag teastáil sa chathair. Tá suíl agam go mbeidh toradh ar an bhfeachtas sin chun an scoil sin a fháil.

Dúirt an tUasal Higgins gur sórt shopping list a bhí agam anseo. Tá an ceart aige ach tá mise freagrach as an airgead a chaitear ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Ach ná déanfadh éinne dearmad air seo — go bhfuil fealsúnacht ag ceangailt an liosta sin le chéile, an fhealsúnacht a léirigh mise, is é sin, an Ghaeilge a chur ar aghaidh agus cúrsaí na Gaeltachta a fhorbairt. Sin an bunús atá leis an liosta sin.

Luaigh an tUasal Higgins tuarascáil ón bhliain 1925. Dúirt sé go raibh sé thar a bheith tábhachtach an caighdeán a ardú. D'fhreastal mise ar an nGaeltacht sna tríochadaí. Tá mise an-aosta ar fad agus tá an caighdeán maireachtála ardaithe go mór ó shin. Tá rialtais éagsúla ciontach sa mhéid sin agus is mian liom é sin a admháil. Ní amháin go bhfuil caighdeán maireachtála ach tá chuile caighdeán, caighdeán tithíochta mar shampla, ardaithe go mór ó shin.

Bhí áthas orm go rabhamar ar an dtuairim chéanna maidir le tuarascáil Culliton. Seasfaidh mé leis an tuairim sin atá agam. Is dóigh liom gur luaigh sé pointe tábhachtach ansin, is é sin, gur chóir go mbeadh an tUdarás i bhfad níos tábhachtaí tar éis an Chonartha i gcúrsaí réigiunacha. Thagair sé freisin do sheirbhísí a bheadh oiriúnach don Ghaeltacht, mar shampla, Cinegael, fís-téipeanna agus mar sin de. Chuir sin scéal i gcuimhne dom. Bhí mise thuas i dTuaisceart na Sualainne uair amháin agus bhí baile ansin a raibh sliabh iarainn in aice leis. Ní raibh baile ar bith ann i 1900 agus sna fichidí agus na tríochadaí bhí 35,000 duine ann. Ansin d'eirigh an t-iarann rodhaor, bhí iarann ón Bhrasaíl i bhfad níos saoire agus thit an líon daoine. Is tionscail impleachtúla, faoi mar a lua an Teachta, a chuir Rialtas na Sualainne in áit an tionscail iarainn i dTuaisceart na tíre, agus tá tábhacht ag baint leis an méid a dúirt an Teachta ansin.

Ba chóir go mbeadh na comhairlí chontae, An Roinn Sláinte agus na boird sláinte i ngach uile chearn den tír — ní amháin sna ceantair Ghaeltachta — ábalta foirmeacha i nGaeilge a chur ar fáil chun iad a líonadh isteach.

Bhí mé as láthair nuair a labhair an tUasal De Rossa ach luaigh seisean Cathaoirleach Bhord na Gaeilge. Ní thaitníonn cinsireacht leis, faoi mar a dúirt me cheana féin. Dúirt sé gur cuireadh fíorbheagán postanna breise ar fáil i 1991. Cuireadh cuid mhaith postanna ar fáil ach mar a dúirt mé, tháinig laghdú ar an méid a bhí ann roimhe sin agus tháinig na figiúirí amach beagnach cothrom.

Tá áthas orm gur thosaigh an Teachta O'Toole i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé buartha faoin tionscál Ruibéir, Comhlacht Atlantach Teoranta. Tá a fhios ag an Teach gur tugadh £1.1 mhilliún don tionscal seo. Táimid buartha faoi cad a tharla. Do bhuail an tAire Stáit, an Teachta Gallagher, le dhá thoscaireacht, is dóigh lion, ó Bhéal a' Mhuirthid mar gheall air seo agus táimid ag déanamh iarracht an tionscal a shábháil.

Luadh téacsleabhair Ghaeilge. Is seanfhadhb í seo. Bhí an fhadhb ann nuair a bhí mise mar Aire Oideachais agus bhí mé ag caint inné le toscaireacht ó Ghaelscoileanna. De réir mar a chuala mé uathu tá feabhas tagtha ar an scéal ach nílimid sásta fós leis. Tá súil agam go mbeidh feabhas níos fearr ar an scéal sar i bhfad. Rud amháin i dtaobh na dtéacsleabhar de ná go mbíonn athruithe an-mhinic ar na téacsleabhair sna scoileanna — ró-mhinic ceapann daoine áirithe. Dá bhrí sin tá an fhadbh i bhfad níos deacra.

Tá ábhair ann gan téacsleabhair ar bith.

Tá a fhios agam gur cuireadh téacsleabhar ar fáil san Eolaíocht. Níl fhios agam an bhfuil sé suas chun dáta anois ach tá fhios agam go mbíonn deacracht ansin. Bhí mo Roinn i gcomhairle leis an Roinn Oideachais faoi seo agus tá a fhios agam go dtuigeann an tAire Oideachais na deacrachtaí atá ann. Is ceart a rá gur orthu siúd atá an fhreagracht i gceart ach cuireann sé imní orainn. Más rud é go bhfuil fonn chomh mór sin ar dhaoine meánscolaíocht a fháil trí Ghaeilge, ba chóir go mbeadh téacsleabhair oiriúnacha le fáil acu.

Tá an ceart ag an Teachta Browne. Bíonn Gaeilge ag daoine. Uaireanta tosaíonn na saighdiúirí sa Liobáin, mar shampla, ag labhairt Gaeilge. Tá cúis leis sin, ach tá Gaeilge ag cuid de na daoine sa Liobáin féin agus san Iosrael. Nuair nach bhfuil brú ar bith ar dhuine sa tír seo Gaeilge a labhairt, bímid go léir giota beag leisciúil in a leith sin. Chuir sé an cheist, cén bac ata orthu? Tá bacanna éagsúla ann, de réir mar a thuigimse an scéal, bacanna síceolaíocha — psychological blocks. Tá daoine óga, mar a dúirt an Techta Browne, a chaith seal ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge agus a shrois caighdeán an-mhaith. Tá obair thar a bheith fiúntach ar siúl sna Gaelscoileanna. Tá áthas orm a rá go bhfuil mo ghar-iníon ag freastal ar Scoil Naithí anseo; tá coiste ann agus ar an choiste sin tá tuismitheoirí agus daoine mór le rá agus bíonn siad ag tabhairt tacaíochta don scoil, ag bailiú airgid ar son na scoile freisin.

Deireann an Teachta Browne go mb'fheidir go bhfuil caighdeán an ard-teastais ró ard nó b'fhéidir nach iad na téacsleabhair ceart a bhfuil siad ag déanamh staidéir orthu. Níl a fhios agam faoi sin ach, mar a dúirt mé san óráid a thug mé, tá sé ar intinn ag an Roinn Oideachais béim níos mó a chur ar labhairt na Gaeilge agus 60 faoin gcéad de na marcanna a thabhairt air sin, agus b'fhéidir go dtiocfaidh biseach ar an scéal mar gheall air sin.

Tá mé thar a bheith buíoch de na Teachtaí a labhair anseo. Tá súil agam go mbeidh an coiste gníomhach atá luaite ag an Teachta McGinley agus go mbeidh níos mó Gaeilge á labhairt anseo. Ceart go leor, bhí cuid mhaith Gaeilge nuair a tháinig an chéad Dáil le chéile, ach is cóir iniúchadh ceart a dhéanamh ar an tuarascáil sin. Bhí roinnt dóibh siúd a leabhair Gaeilge an-tugtha don teanga, cuid acu as Cúige Connacht agus cuid eile a d'fhoghlaim Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge.

Tá súil agam go mbeidh an tacaíocht céanna a fuair mé sa Teach inniu le fáil agam ó na Comhaltaí sa Dáil i rith na bliana atá rómhainn.

Cuireadh an cheist agus ar vótáil a éileamh cuireadh siar í go dtí 6.30 i.n. Dé Céadaoin, 27 Bealtaine 1992, de réir an ordaithe a rinne an Dáil inné.

The Dáil adjourned at 3.25 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 26 May 1992.