den Aire Turasóireachta, Iompair agus Cumarsáide an bhfuil sé mar aidhm fós ag an Rialtas, Teilifís na Gaeltachta a bhunú; cad iad na pleananna atá aige faoin tseir- bhís sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas faoi.
Written Answers. - Teilifís na Gaeltachta.
25. D'fhiafraí
Mar a dúirt mé sa Dáil ar 25 Feabhra 1992, (Imleabhar 416, Uimh. 2, Col. 317) déanfar ceist bhunú sheirbhís teilifíse Ghaeilge a mheas, inter alia, i gcomhthéacs an athbhreithniú ar chúrsaí chraolacháin, agus chun na críche sin tá comhairleor speisialta ceapaithe agam. Tá an athbreithniú sin fós ar siúl agus, mar a thug me le fios sa Dáil ar 20 Bealtaine agus arís ar 3 Meitheamh, tá súil agam é a chriochnú gan mhoill, moltaí a chur ós cómhair an Rialtais san Fhómhair agus Bille a fhoilsiú go luath i nidiaidh sin.