Tá socruithe á ndéanamh agam faoi láthair chun Caoimhín Ó Drisceoil, B.A., T.T.G., a cheapadh mar Chlár-Reachtaire Chomhpháirtíochta i mo Roinnse agus Colm Ó Briain, B.C.L., LL.B., B.L., a cheapadh mar Chomhairleoir Speisialta dom. Cé go bhfuil na daoine sin ag gníomhú dom faoi láthair, níl ar mo chumas na sonraí a iarradh sa Cheist faoina dtuarastal a thabhairt go dtí go mbeidh na socruithe thuasluaite déanta.
Tá taithí leathan ag an Uasal Ó Drisceoil mar mhúinteoir Gaeilge agus mar oifigeach sinsearach sa cheardchumann is mó atá ag plé leis an tseirbhís poiblí. Tá taithí leathan ag an Uasal Ó Briain i gcúrsaí ealaíon, craolcháin, amharclannaíochta agus riaracháin. Iar-Stiúrthóir den Chomhairle Ealaíon é.