Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Mar 1993

Vol. 427 No. 4

Adjournment Debate. - Tionscal in Ard an Rátha (Contae Dhún na nGall).

An deireadh seachtaine seo caite nuair a fógraíodh go bhfuil an mhonarcha seo le druid in Ard an Rátha agus go mbeidh beagnach 20 post le cailleadh, chuir sé isteach go mór ar phobal Ard an Rátha agus ar phobal na Gaeltachta sa cheantair sin. Tá an mhonarcha seo ar bun le 14 bliain; bunaíodh í i 1979 agus ó shin chuir sí fostaíocht ar fáil sa cheantar seo — ceantar Ard an Rátha, áit nach bhfuil mórán fostaíochta eile ann. Leis an fhírinne a rá, seo an t-aon tionscal atá ag Údarás na Gaeltachta sa cheantar Gaeltachta timpeall Ard an Rátha. Tá sé íontach tábhachtach go ndéanfaí gach dicheall an tionscal a choinneáil oscailte agus na daoine atá fostaithe inti a choinneáil ag obair.

Tá clú agus cáil ar Ard an Rátha agus an ceantar sin le blianta fada. Tá traidisiún fada ansin go mbíonn na daoine ag plé le éadaigh olla, sníomh agus fíodóireacht. Téann an traidisiún sin siar go dtí an céad seo caite. I lár na n-ochtóidí bhí thar 80 ag obair sa tionscal sin. Tá beagnach 20 ag obair ann anois agus má imíonn sé beidh sé in a bhuille mór. Sílim gurb é an trioblóid ansin ná cúrsaí airgeadais agus rátaí úis. Chuir polasaithe airgid an Rial-tais le cúpla mí anuas isteach go mór ar an tionscal seo. Bhí siad ag díol an-chuid dá gcuid táirgí isteach sa cheantar sterling, mar shampla an Bhreatain, agus san Ghearmáin chomh maith. De thairbhe na rátaí malartan le cúpla mí anuas chuaigh luach an tairgidh suas 20 faoin gcéad agus sin i ndiaidh iad a chur amach beagnach as gnó ar fad.

Is leis an Údarás féin an mhonarcha ansin. Níl mórán eile ag an Údarás i gceantar Ard an Ratha agus mholfainn don Aire teangbháil leis an Údarás agus a iarraidh orthu gach dícheall a dhéanamh an tionscal a choinneáil ag obair. B'fhéidir go bhfeádfadh an tÚdarás féin rannpháirtíocht a ghlacadh sa chomhlacht nó b'fhéidir tionscal éigin eile a mhealladh isteach a chuirfeadh fostaíocht ar fáil sa cheantar seo.

The shock announcement by Garn Teoranta that the remainder of its workforce would be made redundant within the next few weeks can be attributed directly to the Government's industrial and financial policies. Garn Teoranta has provided employment in the Ardara area since 1979 and is widely known for the quality of its product and its excellent industrial relations with its workers. At its peak, this company provided employment for over 40 people in the Ardara area. However, the recent budgetary measures, including the recent 5 per cent increase in VAT on clothing, and the handling of the currency crisis are the straws which have broken the camel's back in this instance.

Since September the price of the product produced by Garn Teoranta, because of currency fluctuations and the exchange rate of the Irish punt, has increased by 20 per cent and which has resulted in the company losing most of its UK market. I have been in touch with Údarás na Gaeltachta and I hope that the Minister — I am delighted he is present in the House this evening to respond to this matter — will ensure that Údarás na Gaeltachta has the backing of the Department of Arts, Culture and the Gaeltacht and the Government so that these jobs can be retained. As I have said, this is the only industry Údarás na Gaeltacht has in the Ardara area, an area of high unemployment. I hope every effort will be made to get Údarás na Gaeltachta to take equity in this company or to get an industrialist to take it over so that the 17 or 18 jobs are protected. This company has a long tradition and it would be a pity if the workers, all of whom are skilled in the tradition of weaving and tweed making, were dispersed.

Ar an gcead dul síos tá mé thar a bheith buíoch don Teachta McGinley as ucht an cheist seo a phlé. Tuigim an tábhacht atá ag baint leis agus go háirithe le fostaíocht in áiteanna deacra mar a luaigh sé agus an comhthéacs sóisialta agus eacnamaíochta speisialta atá taobh thiar den dúnadh seo.

Bunaíodh an comhlacht sníomhacháin seo in Ard an Ratha i 1979 le cúnamh deontais ó Ghaeltarra Éireann. Ó shin i leith tá tuilleadh cabhrach curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta dó. Tá an comhlacht lonnaithe i bhfoirgneamh ar léas ón Údarás. Nuair a ceadaíodh cúnamh breise don chomhlacht seo i 1985 bhí sprioc fostaíochta de 82 dhuine aige ach níor sroiseadh an sprioc sin riamh. Bhíodar dóchasach ag an am sin go gcomhlíonfadh siad an sprioc sin ach bhí cúiseanna áirithe nár éirigh leo. Glacaim go raibh sé deacair ach níor tharla sé.

Seo leanas an fhostaíocht le ceithre bliana anuas: i 1989 bhí 27 duine ag obair ann; i 1990, 19; i 1991, 17; agus i 1992, 18. Is é sin, tá an fhostaíocht ag laghdú ó 1985 i leith agus faoi láthair tá deich nduine ag obair sa chomhlacht. Le bliain go leith anuas bhí an dá phríomh mhargadh ag an gcomhlacht sa Ghearmáin agus sa Bhreatain. Bhí siad ag lagú na margaí sin agus bhí caillteanas trádála ag an gcomhlacht dá thoradh sin. Ansin tharla an géarchéim sna margaí airgeadais agus chaill Garn Teo. an príomh-chustamaer a bhí acu i margadh na Breataine. Tháinig laghdú substaintiúil chomh maith ar orduithe ó mhargadh sa Ghearmáin. Ag éirí as sin chinn na príomhaithe ar an gcomhlacht an gnó a scor. Thug siad fógra scoir do na hoibrithe le déanaí agus dúnfar an mhonarcha ag tús mhí Aibreáin.

Ó shin i leith thug an tAire Stáit i mo Roinnse, an Teachta Gallagher, cuairt ar an mhonarcha d'fhonn iarracht a dhéanamh an fhostaíocht a shábháil. Ghlac sé comhairle uaim féin agus thug mé comhairle dó gach iarracht ab fhéidir a dhéanamh a chur i gcrích agus gach tacaíocht a bhí ag teastáil a thabhairt. Ach bhí aigne na bpríomhaithe déanta suas ag an am sin. Ní ghlacaim leis go bhfuil na deacrachtaí tar éis tarlú sna seachtainí atá díreach imithe. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach — mar beidh sé de nós agam gach eolas a thabhairt ar chuile rud más féidir — go ndearna mé féin iniúchadh ar na comhlachtaí beaga sna Gaeltachtaí éagsúla inar tharla na deacrachtaí airgeadais. Bhí sé leagtha síos agam mar bhun-riail, dá mbeadh deacrachtaí ar leith ag na comhlachtaí de bharr an ghéarchéim airgeadais, go mbeinn sásta aon chúnamh breise ab fhéidir a thabhairt dóibh. Agus bhí sin ar fáil.

Tuigim ón Údarás áfach nár iarr úinéirí an chomhlachta aon chabhair ón eagraíocht sin chun an gnó a choimeád ar siúl. Is cosúil go raibh siad den tuairim nach bhféadfaí an tionscal a tharrtháil. Tá infheisteoirí nua á lorg ag an bpointe seo don ghnó ag Údarás na Gaeltachta. Tá mé an-ghníomhach faoi sin mar tá suim agum san áit agus tuigim, mar a dúirt mé, an tábhacht a bhaineann le fostaíocht a chur ar fáil in áit in a bhfuil sé deacair, b'fhéidir, fostaíocht eile a fháil. Tá sé ró-luath ag an bpointe seo a rá cén toradh a bheidh ar an iarracht sin nó an mbeidh toradh dearfach air. Bhí mé i gcomhairle le oifigigh ón Údarás agus beidh siad ag déanamh a ndíchill. Tig leis an Teachta McGinley glacadh leis go bhfuil mo dhícheall á dhéanamh agam féin i gcomhairle leis an Údarás chun fostaíocht eile a fháil do na hoibrithe atá i gceist. Leanfaidh mé leis an iarracht sin agus leanfaidh an tAire Stáit go dícheallach leis freisin. Aon chabhair is féidir leis an Roinn, liom féin nó leis an Aire Stáit a thabhairt do na daoine atá i gceist, tabharfaimid é. B'fhéidir gurb é an bealach is fearr leis sin a dhéanamh ná comhlacht nua a mhealladh isteach. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh ag an bpointe seo. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go mbeimid ag déanamh ár ndícheall. Arís táim thar a bheith buíoch don Teachta McGinley an cás seo a ardú.

Top
Share