Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Mar 1993

Vol. 427 No. 6

Written Answers. - Deontais faoi Scéim na mBóithre Áise.

Robert Molloy

Question:

51 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl an dáta a ndearnadh cinneadh chun deontais a dháileadh faoi Scéim na mBóithre Áise, 1992; agus an dáta ar cuireadh an t-eolas seo chuig na Teachtaí i dTithe an Oireachtais ó na réigiúin Ghaeltachta.

, Donegal South-West): Ceadaíodh deontais faoi Scéim na mBóithre Aise ar dhátaí éagsúla i rith na bliana sin agus tá liosta de na dátaí seo:

Contae

Dáta a ceadaíodh deontais faoi Scéim na mBóithre Áise

Dún na nGall

18 Feabhra, 7 Bealtaine, 2 Meán Fómhair, 17 Samhain, 25 Samhain, 17 Nollaig agus 30 Nollaig.

Maigh Eo

6 Deireadh Fómhair, 16 Samhain agus 18 Nollaig.

Gaillimh

26 Meitheamh agus 26 Samhain.

Ciarraí

16 Samhain agus 24 Samhain.

Corcaí

18 Nollaig.

An Mhí

10 Iúil.

Cuireadh sonraí faoi bhóithre a ceadaíodh deontais ina leith chuig ionadaithe poiblí a d'iarr an t-eolas sin.
Top
Share