Éamon Ó Cuív
Question:245 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici múinteoir tacaíochta a chur ar fáil do Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe.
Vol. 428 No. 5
245 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici múinteoir tacaíochta a chur ar fáil do Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe.
Ní léiríonn an Teachta go cruinn cén saghas tacaíocht atá i gceist aige sa chás seo.
Ach, mar a thug mé le fios don Teachta cheana féin, tá sé i gceist agam achmhainní breise a chur ar fáil i mbliana do pháistí go bhfuil soláthar breise oideachais ag teastáil uathu. I measc na n-achmhainní seo beidh 80 post mar oidí feabhais agus 80 post do scoileanna i gceantair faoi mhí-bhuntáiste.
Cuirfear san áireamh riachtanais na scoile a luaigh an Teachta, ar aon chéim le scoileanna eile, nuair a bheidh na post-anna seo á dháileadh amach.